21 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1986


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935

1935, Uimh. 16

Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1983

1983, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1986


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1983. [25 Meitheamh, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1983 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná ceithre mhíle is cúig chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1986, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1983, agus den Acht seo le chéile.