An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim)

19 1986

AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1986

CUID II

Limistéir Ainmnithe

Limistéir ainmnithe.

6. —(1) Beidh gach limistéar de na limistéir seo a leanas ina limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo—

(a) Limistéar Duganna Theach an Chustaim;

(b) aon limistéar a mbeidh ordú faoi fho-alt (2) i bhfeidhm i ndáil leis.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo, a dhearbhú le hordú gur limistéar ainmnithe é limistéar más deimhin leis go bhfuil gá faoi leith athnuachan uirbeach a chur chun cinn ann, agus féadfaidh sé le hordú den sórt sin an limistéar sin a thuairisciú ar cibé dóigh is cuí leis.

Rátaí a mhaitheamh.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais scéim a dhéanamh chun rátaí is intoibhithe ar áitribh a mhaitheamh go hiomlán nó go páirteach, ar áitribh iad—

(a) atá suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim agus a mbeidh sé deimhnithe ina leith ag an Údarás gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad tar éis scéim phleanála faoi alt 12 a cheadú, nó

(b) atá suite in aon limistéar ainmnithe eile agus ar deimhin leis an údarás áitiúil iomchuí ina leith gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad tar éis an limistéar sin a ainmniú.

(2) Sonrófar i scéim faoin alt seo—

(a) na haicmí nó na cineálacha áitreabh lena mbaineann an scéim,

(b) na blianta airgeadais áitiúla a mbeidh éifeacht leis an maitheamh rátaí i ndáil leo,

(c) na téarmaí nó na coinníollacha (más ann) ar faoina réir a bheidh éifeacht leis an maitheamh rátaí in aon bhliain airgeadais áitiúil, agus

(d) an tréimhse a mbeidh an scéim le hoibriú lena linn.

(3) Féadfar scéim faoin alt seo a leasú le scéim leasaitheach arna déanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, ach ní bheidh d'éifeacht le haon scéim leasaitheach den sórt sin go bhforchuirfear oibleagáid athuair ar aon áititheoir rátaí a íoc i leith tréimhse roimh thráth déanta na scéime leasaithí.

(4) I gcás go ndéanfar scéim faoin alt seo déanfaidh údarás áitiúil, i ndáil le ráta is intoibhithe acu, éifeacht a thabhairt d'aon mhaitheamh dá ndéantar foráil sa scéim.

(5) Ní dhéanfar maitheamh dá bhforáiltear i scéim faoin alt seo a dheonú níos mó ná uair amháin i ndáil leis an tógáil, méadú nó feabhsú céanna áitribh.

(6) I gcás nach mbeidh luacháil ar leith déanta ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhme atá an t-áitreabh suite, cibé cuid is dóigh leis is cuí de luacháil inrátaithe na maoine ina gcuimsítear an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.