An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Iompras Bhaile Átha Cliath) Ar Aghaidh (CUID IV Seirbhísí do Phaisinéirí)

15 1986

AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

CUID III

Pleanáil

Moltaí don Airc.

23. —Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt don Aire faoi na saoráidí i ndáil le hiompar poiblí is dóigh leis is cóir a sholáthar i limistéar feidhme an Údaráis.

Moltaí d'údaráis phleanála.

24. —(1) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt i scríbhinn d'údarás pleanála, ar laistigh de limistéar feidhme an Údar áis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, i dtaobh a bhfuil i bplean forbartha an údaráis sin i ndáil le cuid de limistéar feidhme an Údaráis nó i ndáil leis uile, agus déanfaidh an t-údarás pleanála aon mholtaí den sórt sin a bhreithniú agus freagra a thabhairt don Údarás i ndáil leis na moltaí laistigh de thrí mhí ó dháta na moltaí a fháil.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, an tráth céanna a dtabharfaidh sé moladh d'údarás pleanála faoi fho-alt (1), cóip den mholadh sin a chur chuig an Aire Comhshaoil lena bhreithniú aige.

Iarratais agus achomhairc phleanála.

25. —(1) I ndáil le hiarratas chuig údarás pleanála ar chead nó ceadú faoi alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a bhaineann le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bhfuil, i dtuairim an Údaráis, impleachtaí suntasacha leis maidir le bainistí tráchta nó soláthar seirbhísí iompair, féadfaidh an tÚdarás tuairimí ar an iarratas sin a thabhairt don údarás pleanála sin, agus beidh aird ag an údarás pleanála sin ar aon tuairimí den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an ábhar faoin alt sin.

(2) I ndáil le hachomharc faoi alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a bhaineann le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bhfuil, i dtuairim an Údaráis, impleachtaí suntasacha leis maidir le bainistí tráchta nó soláthar seirbhísí iompair, féadfaidh an tÚdarás tuairimí ar an achomharc sin a thabhairt don Bhord Pleanála, agus beidh aird ag an mBord Pleanála ar aon tuairimí den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an ábhar faoin alt sin.

Moltaí d'údaráis bhóithre.

26. —Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt i scríbhinn d'údarás bóithre, ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, nó don Aire Comhshaoil, i ndáil le cothabháil agus feabhsú bóithre poiblí i limistéar feidhme an Údaráis agus beidh aird ag an údarás bóithre nó ag an Aire sin ar na moltaí sin.

Busbhealaí a sholáthar.

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1974 tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh “folaíonn ‘feidhmeanna”’:

“ciallaíonn ‘busbhealach’ bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a ndearbhaítear le hordú faoi alt 2 den Acht seo gur busbhealach é;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1974 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur busbhealach aon bhóthar poiblí láithreach nó aon chuid de nó aon bhóthar poiblí beartaithe.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1974 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Ní cead ach do na feithiclí seo a leanas busbealach a úsáid:

(i) feithiclí inneallghluaiste ag gabháil do sholáthar seirbhísí bóthair do phaisinéirí,

(ii) feithiclí sráidseirbhíse,

(iii) otharcharranna, feithiclí briogáide dóiteáin agus feithiclí a úsáideann comhaltaí den Gharda Síochána ag comhlíonadh a ndualgas dóibh mar chomhaltaí den sórt sin, agus

(iv) cibé feithiclí nó aicmí feithiclí eile a fhorordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, i ndáil le busbhealaí i gcoitinne, le busbhealaí éagsúla nó le codanna éagsúla de bhusbhealach.

(b) I bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi fhomhír (iv) den fho-alt seo féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, coinníollacha a fhorordú maidir le húsáid busbhealaigh ag feithiclí nó ag aicmí feithiclí, lena n-áirítear na tréimhsí a gceadaítear d'fheithiclí den sórt sin busbhealach a úsáid.

(4) (a) Ní cead do na daoine seo a leanas busbhealach a úsáid:

(i) coisithe (seachas chun rochtain a fháil chuig feithiclí a gceadaítear dóibh faoi fho-alt (3) busbhealach a úsáid),

(ii) rothaithe cos, agus

(iii) daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí inneallghluaiste nó aicmí feithiclí inneallghluaiste seachas na feithiclí nó na haicmí feithiclí sin a shonraítear i bhfo-alt (3) nó a fhorordaítear dá bhun.

(b) Daoine a mbeidh ainmhithe faoina gcúram nó faoina n-urláimh, ní ligfidh siad do na hainmhithe sin bheith ar bhusbhealach.

(5) Aon duine a sháróidh fo-ailt (2) nó (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £150 a chur air.”.

(4) Beidh feidhm ag ailt 1, 3, 4, 5, 6, 8, 10, 11, 12, 13, 14 agus 16 d'Acht 1974 i ndáil le busbhealaí agus aon tagairtí do mhótarbhealach measfar go bhfolaíonn siad busbhealach.