An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Pleanáil)

15 1986

AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

CUID II

Iompras Bhaile Átha Cliath

An tÚdarás a bhunú.

7. —Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Iompras Bhaile Átha Cliath nó, sa Bhéarla, the Dublin Transport Authority (dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

Dualgais agus feidhmeanna ginearálta an Údaráis.

8. —(1) Comhlíonfaidh an tÚdarás na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi d'fhonn a áirithiú, a mhéid is féidir é, go ndéanfar iompar de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme a phleanáil agus a oibriú go cuí agus go héifeachtach.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, má iarrtar air é, comhairle a thabhairt don Aire nó don Aire Comhshaoil i dtaobh ní ar bith a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis nó a bhaineann le hiompar de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme a phleanáil agus a oibriú go cuí agus go héifeachtach.

(3) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla ina limistéar feidhme i ndáil le haon bhearta atá i gceist aige a dhéanamh faoin Acht seo.

(4) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna dó, féadfaidh an tÚdarás—

(a) cláir oideachais phoiblí i ndáil le hiompar de bhóthar agus d'iarnród i limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn agus gabháil dóibh agus páirt a ghlacadh iontu, agus

(b) taighde i ndáil le hiompar de bhóthar agus d'iarnród i limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn agus gabháil dó agus páirt a ghlacadh ann,

(c) úsáid níos mó den chóras iompair phoiblí laistigh de limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn.

Feidhmeanna breise a shannadh don Údarás.

9. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, agus, i gcás nithe atá faoi chúram an Aire Comhshaoil a bheith i gceist, le toiliú an Aire sin freisin, cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás, i ndáil le pleanáil, acmhainní nó oibríochtaí iompair de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme is dóigh leis an Aire is cuí agus a shonróidh sé san ordú.

(2) Féadfar socrú a dhéanamh in ordú faoin alt seo maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna breise faoi réir coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, agus féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha agus forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo an limistéar feidhme ina gcomhlíonfar na feidhmeanna breise a thugtar leis an ordú a shonrú agus féadfaidh cibé oiriúnuithe nó modhnuithe ar achtacháin eile a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú, leis an toiliú sin a dúradh, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(5) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Limistéar feidhme an Údaráis.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), comhlíonfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna i ndáil leis an limistéar (dá ngairtear “limistéar feidhme an Údaráis” san Acht seo) arb é atá ann contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae riaracháin Bhaile Átha Cliath.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú le hordú go gcomhlíonfaidh an tÚdarás cibé ceann dá fheidhmeanna a bheidh sonraithe san ordú i ndáil le cibé limistéar tadhlach nó limistéir thadhlacha eile (i dteannta an limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (1)), nó i ndáil le cibé cuid de limistéar feidhme an Údaráis a bheidh sonraithe san ordú agus fad a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm forléireofar fo-alt (1) dá réir sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Feidhm an Sceidil.

11. —Beidh feidhm ag an Sceideal i ndáil leis an Údarás.

Treoracha don Údarás.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú aon Aire eile lena mbaineann, cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is iomchuí a thabhairt i scríbhinn don Údarás i dtaobh chuspóirí bainistí tráchta an Údaráis, nó i dtaobh riaradh an Údaráis.

(2) Déanfaidh an tÚdarás de réir aon treorach faoin alt seo.

Príomhfheidhmeannach.

13. —(1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham duine a cheapadh i gcáil lánaimseartha le bheith ina phríomhoifigeach ar an Údarás agus “an príomhfheidhmeannach” a ghairtear den oifigeach sin san Acht seo.

(2) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig ná post eile gan toiliú an Údaráis.

Oifigigh agus seirbhísigh.

14. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an phríomhfheidhmeannaigh) agus ina seirbhísigh dó.

(2) Déanfaidh oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás a oifig nó a fhostaíocht a shealbhú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfaidh an tÚdarás lena oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith ar chúiseanna sonraithe, aon oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

Maoir thráchta.

15. —(1) Le héifeacht ó thráth thosach feidhme an ailt seo, cibé daoine a ainmneoidh Coimisinéir an Gharda Síochána, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, ar daoine údaraithe iad a bheidh ceaptha aige de réir alt 103 d'Acht 1961 agus a bhí fostaithe i limistéar feidhme an Údaráis díreach roimh an tráth thosach feidhme sin, measfar iad a bheith i bhfostaíocht an Údaráis.

(2) (a) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann aitheanta lena mbaineann, aon duine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1) ní lú an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a fhorchuirfear air, fad a bheidh sé i bhfostaíocht amhlaidh, ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh thráth thosach feidhme an ailt seo.

(b) Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás, tar éis dó dul i gcomhairle le ceardchumann aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse daoine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1), leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag na daoine sin chucu agus coinníollacha seirbhíse na ndaoine sin sular aistríodh iad faoin bhfo-alt sin d'fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine sin.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “ceardchumann aitheanta” ceardchumann atá aitheanta ag an Údarás chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre, na ndaoine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1).

(3) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 .

“(1)  (a) Féadfaidh Iompras Bhaile Átha Cliath tar éis dó dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go ndéanfaidh daoine a bheidh fostaithe ag an Údarás na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i limistéar feidhme an Údaráis.

(b) Aon údarás áitiúil nach i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go ndéanfaidh daoine a bheidh fostaithe ag an údarás na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i limistéar feidhme an údaráis nó i cibé cuid de limistéar feidhme an údaráis nach i limistéar feidhme an Údaráis dó.

(2) Is iad na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) feidhmeanna i leith cionta faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , a bhaineann le toirmeasc nó srian ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh,

(b) feidhmeanna a bhaineann le cion faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith na feithicle arna eisiúint faoin Acht sin a ghreamú den fheithicil agus a bheith ar iompar uirthi mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin,

(c) cibé feidhmeanna eile a dhearbhóidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo i ndáil le limistéir éagsúla.”.

(4) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 :

“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta díobh seo a leanas a ndearbhóidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, gur cionta iad lena mbaineann an t-alt seo, eadhon, aon chion faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 2 (c) (arna chur isteach leis an Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 ) den Acht seo agus aon chion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , a bhaineann le toirmeasc nó srianadh ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh agus cion faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith na feithicle arna eisiúint faoin Acht sin a ghreamú den fheithicil agus a bheith ar iompar uirthi mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin.”

(5) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4) d'alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 :

“(2) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta lena chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh ar an duine á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion,

(b) go bhféadfaidh an duine, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(3) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta lena chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta, ar cion é lena mbaineann úsáid feithicle inneallghluaiste, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearnadh an cion,

(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomh naithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó a ghreamú faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbainfidh an fógra, i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra, agus a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),

(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil nó Iompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh) an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a eisiúint agus an t-airgead a íocadh amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt de réir an Achta seo, agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon chúinsí ag an duine a d'íoc í,

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.”.

(6) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 5 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 :

“5. Féadfaidh údarás áitiúil nó, i gcás ina líomhnaítear gur i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath a rinneadh an cion, féadfaidh an tÚdarás, ionchúiseamh a thionscnamh i leith ciona lena mbaineann alt 3 den Acht seo, i leith ciona faoi alt 3 (5) den Acht seo nó i leith ciona faoi alt 4 den Acht seo.”.

(7) Déanfar an t-airgead go léir a íocfar leis an údarás i leith cionta lena mbaineann alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 , a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

Comhaltas de Theach den Oireachtas, etc.

16. —(1) Más rud é i gcás aon oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhísigh don Údarás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtoghfar é chun údaráis áitiúil, nó go gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil, ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de,

beidh sé, air sin, ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais—

(i) i gcás ina n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina measfar amhlaidh é a bheith tofa chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(ii) i gcás ina dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin nó den údarás áitiúil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a thofa amhlaidh agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin nó den údarás áitiúil sin, de réir mar a bheidh,

(iii) i gcás ina gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a chomhthofa agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta d'údarás áitiúil nó den Tionól beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear i mír (i), (ii) nó (iii) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon phinsean, aiscí, nó liúntas eile is iníoctha tráth scoir nó báis.

Faisnéis a sholáthar don Údarás.

17. —Ní foláir díobh seo a leanas cibé faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhall:

(a) Córas Iompair Éireann,

(b) duine ag a bhfuil ceadúnas faoi Acht 1932 nó faoi alt 31 nó 36, agus duine atá ag déanamh iarratais le haghaidh ceadúnais faoi aon cheann de na hachtacháin sin,

(c) údarás áitiúil (lena n-áirítear údarás bóithre nó údarás pleanála) ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de.

Toirmeasc ar fhaisnéis faoi rún a nochtadh.

18. —(1) Ní nochtfaidh aon duine faisnéis a fuair sé faoi rún agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás, mar oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó mar sheirbhíseach don Údarás, mar chomhalta de choiste nó de chomhlacht comhairleach arna bhunú ag an Údarás nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir atá fostaithe ag an Údarás, mura mbeidh sé údaraithe go cuí sin a dhéanamh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “faoi rún” ní a deirtear a bheith faoi rún ó thaobh faisnéise áirithe nó ó thaobh faisnéise d'aicme nó de thuairisc áirithe;

ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag an Údarás nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin go cuí ag an Údarás.

Leasanna áirithe a nochtadh.

19. —(1) I gcás leas airgeadais nó leas tairbhiúil eile a bheith ag comhalta den Údarás nó ag oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás, ar leas é in aon ábhar, nó ar leas é atá ábhartha d'aon ábhar, atá, go bhfios dó, le cinneadh ag an Údarás nó thar a cheann, déanfaidh sé de réir na gceanglas seo a leanas:

(a) nochtfaidh sé don Údarás, sula ndéanfar aon chinneadh iomchuí faoin bhfo-alt seo, cén cineál leasa atá aige;

(b) ní imreoidh sé aon tionchar ná ní fhéachfaidh sé le haon tionchar a imirt ar chinneadh a bheidh le déanamh ag an Údarás nó thar a cheann, i ndáil leis an ábhar;

(c) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ar an ábhar;

(d) más comhalta den Údarás é, ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an tÚdarás ar an ábhar ná ní vótálfaidh sé, ná ní ghníomhóidh sé thairis sin mar chomhalta den Údarás, i ndáil leis an ábhar.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—

(a) go bhfuil sé féin nó a chéile, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá chéile, ina chomhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil in aon ábhar, nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'aon ábhar, dá dtagraítear san fho-alt sin,

(b) go bhfuil sé féin nó a chéile i gcomhpháirt le nó i bhfostaíocht ag, duine ag a bhfuil leas tairbhiúil in ábhar den sórt sin nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'ábhar den sórt sin,

(c) gur páirtí é féin nó a chéile in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (bíodh nó ná bíodh sé infheidhmithe) maidir le talamh lena mbaineann ábhar den sórt sin,

(d) go bhfuil leas tairbhiúil in ábhar den sórt sin, nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'ábhar den sórt sin, ag a chéile.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ábhar nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'aon ábhar a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach é nach féidir le réasún a mheas gur dóigh dó dul i gcion ar dhuine le linn dó aon cheist i ndáil leis an ábhar a bhreithniú nó a phlé, nó le linn dó bheith ag vótáil uirthi, nó le linn dó aon fheidhm i ndáil leis an ábhar sin a chomhlíonadh.

(4) Más rud é, ag cruinniú den Údarás, go ndéanfar nochtadh faoin alt seo, taifeadfar sonraí faoin nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) Aon duine a sháróidh go feasach ceanglas den alt seo nó a mhainneoidh go feasach déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion.

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

20. —Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh a fháil ar iasacht go sealadach, cibé acu trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

Moltaí faoi thús áite i gcúrsaí caiteachais.

21. —Déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do bheartais agus cinntí Rialtais i ndáil leis an airgead a bheidh ar fáil (cibé acu sa Stát nó i limistéar feidhme an Údaráis) lena chaitheamh ar iompar de bhóthar agus d'iarnród, moltaí a dhéanamh don Aire agus don Aire Comhshaoil i dtaobh an chaiteachais a dtabharfar tús áite dó i ndáil le saoráidí agus seirbhísí iompair de bhóthar agus d'iarnród a sholáthar, a oibriú agus a bhainistí agus i ndáil le bainistí tráchta i limistéar feidhme an Údaráis.

Deontais don Údarás.

22. —Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt ó am go ham don Údarás ar deontais iad de cibé méideanna a mheasfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, is gá chun a chumasú don Údarás a chostais riaracháin agus a chostais ghinearálta a íoc.