An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Athrú ar na rátaí cánach gnóchan caipitiúil.

60. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as aon diúscairt a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad,”

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt—

(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(b) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain ach nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad,

agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin.

(2) I bhfo-alt (1) ní fholaíonn “diúscairt” diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 (1) den Acht Airgeadais, 1982 .

Scaireanna ar Mhargadh na Mionchuideachtaí agus scaireanna áirithe eile a dhiúscairt.

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse trí bliana dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1986;

ciallaíonn “scaireanna cáilitheacha”—

(a) i bhfo-alt (2), scaireanna de chineál a ndéileáiltear iontu ar Mhargadh na Mionchuideachtaí de Stocmhargadh na hÉireann (dá ngairtear “an margadh iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus nach ndéileáiltear iontu thairis sin ar Stocmhargadh na hÉireann nó ar aon stocmhargadh eile, agus

(b) i bhfo-alt (3), scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta poiblí de réir bhrí alt 2 (1) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a d'eisigh scaireanna a mbeidh faoiseamh tugtha ina leith—

(i) faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , nó

(ii) faoi Chaibidil III den Chuid seo,

agus ar scaireanna iad nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh aitheanta.

(2) D'ainneoin alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig duine as scaireanna, ar scaireanna cáilitheacha iad tráth na diúscartha, a dhiúscairt ar an margadh iomchuí sa tréimhse cháilitheach.

(3) D'ainneoin alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig duine as scaireanna, ar scaireanna cáilitheacha iad tráth na diúscartha, a dhiúscairt sa tréimhse cháilitheach.

(4) I bhfo-ailt (2) agus (3), ní fholaíonn “diúscairt” diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 (1) den Acht Airgeadais, 1982 .