An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil VIII Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil VII

Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 84A (teorainn leis an míniú ar “dáileadh”) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

54. —Leasaítear leis seo alt 84A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10)  (a) Baineann an fo-alt seo le haon ús nó dáileadh eile ar dháileadh a bheadh ann chun críocha an Achta seo murach an fo-alt seo, seachas aon ús nó dáileadh eile arna íoc ag an iasachtaí faoi oibleagáid faoina ndeachthas—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986.

(b) Beidh éifeacht le fo-alt (2) maidir le haon ús nó dáileadh eile lena mbaineann an fo-alt seo ionann is dá mbeadh mír (c) d'fho-alt (3) fágtha ar lár.

(c) Chun críocha mhír (a)—

(i) áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(ii) ní mheasfar caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986 mura rud é go ndearna an t-iasachtaí dá dtagraítear sa mhír sin agus an t-iasachtóir, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.”.

Leasú ar theorainneacha ama áirithe.

55. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976

(a) i bhfo-alt (5) d'alt 25 agus i bhfo-alt (4) d'alt 26 trí “agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain” a scriosadh, agus

(b) trí “agus is í an teorainn ama d'éileamh faoin bhfo-alt seo dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain” a chur isteach i ndiaidh “méid an chreidmheasa cánach sin” i bhfo-alt (4) d'alt 26,

agus tá an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

25) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte ag cuideachta ar éileamh a dhéanamh faoin alt seo nó faoi alt 15 (4) agus go bhféadfaí, ar leith ó éileamh den sórt sin, aon mhéid a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an méid sin a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an méid sin chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, beidh an creidmheas cánach sin inghnóthaithe ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin:

(4) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte, de bhua an ailt seo, ag cuideachta ar éileamh faoi alt 16 (1) agus go bhféadfaí ar leith ó éileamh den sórt sin caillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis tréimhse cuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an caillteanas chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, gnóthófar an creidmheas cánach sin ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus is í an teorainn ama d'éileamh faoin bhfo-alt seo dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain.

(2) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo—

(a) maidir le fo-alt (1) (a), i ndáil le haon mheasúnacht arna dhéanamh faoi alt 25 (5) nó 26 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun creidmheas cánach a ghnóthú ó chuideachta de dhroim éileamh faoin alt sin 25 (5) nó 26 (4), de réir mar a bheidh, a bheith déanta ag an gcuideachta an 4ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

(b) maidir le fo-alt (1) (b), i ndáil le haon éileamh faoin alt sin 26 (4) a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Aerfort na Sionna: deimhnithe áirithe a chúlghairm.

56. —(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) i bhfo-alt (2), trí “nó (4A)” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (4)”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi, gurb é tuairim an Aire go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, drochthoradh ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó forbairt an aerfoirt nó go bhfuil sé, thairis sin, mífhabhrach d'fhorbairt an aerfoirt, ansin—

(a) féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil ceanglais an fhógra sin a dúradh comhlíonta ag an gcuideachta, féadfaidh sé, trí fhógra eile i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin a dúradh.”,

agus tá an fo-alt sin (2) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a shonrófar sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4) nó (4A):

(2) Leasaítear leis seo alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980

(a) i bhfo-alt (2), trí “nó (4A)” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (4)”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi, gurb é tuairim an Aire go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, drochthoradh ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó forbairt an aerfoirt nó go bhfuil sé, thairis sin, mífhabhrach d'fhorbairt an aerfoirt, ansin—

(a) féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil ceanglais an fhógra sin a dúradh comhlíonta ag an gcuideachta, féadfaidh sé, trí fhógra eile i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin a dúradh.”,

agus tá an fo-alt sin (2) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus aon deimhniú a thabharfar amhlaidh, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4) nó (4A), fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000:

Leasú ar alt 155 (léiriú) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

57. —(1) Leasaítear leis seo alt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) Na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide—

(a) do bhrabúis ar a muirearaítear cáin chorparáide is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin ar arb inmhuirearaithe cáin chorparáide sula ndéantar aon asbhaint uathu i leith muirir ar ioncam, costais bhainistí nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar nithe a laghdaíonn na brabúis sin,

(b) d'ioncam iomlán ar a muirearaítear cáin chorparáide, is tagairtí iad do mhéid, arna ríomh sula ndéantar aon asbhaint den chineál a luaitear i mír (a), an ioncaim iomláin ó gach bunadh a bheidh ar áireamh in aon bhrabúis ar a muirearaítear cáin chorparáide, agus

(c) do mhéid brabús ar a mbeidh cáin chorparáide le hiompar faoi dheoidh, is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh agus na faoisimh go léir a thabhairt a dhéantar as na brabúis sin, nó a thugtar in aghaidh na mbrabús sin, chun críocha cánach corparáide, lena n-áirítear asbhaintí agus faoisimh a ndéileálfar leo faoi aon fhoráil mar asbhaintí agus faoisimh a laghdaíonn iad chun na gcríoch sin.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 4ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

(b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta eile ach sin i ndáil le haon éileamh ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide faoi alt 58 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , is éileamh a dhéanfar an dáta sin nó dá éis, agus i ndáil leis an éileamh sin amháin.

Laghdú ar cháin chorparáide i ndáil le hus ar iasachtaí áirithe d'fheirmeoirí.

58. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an banc rannpháirteach” Bainc-Aontas Éireann, c.p.t.;

ciallaíonn “feirmeoir cáilitheach” feirmeoir a bhfuil glactha leis mar fheirmeoir atá cáilithe le bheith san áireamh i scéim 1985;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar laistigh den tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1985 go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1986 di;

ciallaíonn “faoiseamh ó ús”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid an bhainc rannpháirtigh an méid ar mó B ná A i gcás—

arb é A méid an úis a d'íoc feirmeoirí cáilitheacha leis an mbanc i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil le hiasachtaí a bhfuil an ráta úis ina leith le laghdú faoi scéim 1985, agus

arb é B méid an úis a bheadh le híoc ag na feirmeoirí sin leis an mbanc i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil leis na hiasachtaí sin murach an t-ús sin a bheith laghdaithe faoi scéim 1985;

ciallaíonn “scéim 1985” an scéim ar a dtugtar an Scéim um Ús Laghdaithe d'Fheirmeoirí i nGéarbhroid Airgid, 1985.

(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás ina n-éileoidh an banc rannpháirteach, agus ina gcruthóidh sé, gur lamháil sé faoiseamh ó ús le linn tréimhse cuntasaíochta iomchuí, déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

C - D

____

5

i gcás—

arb é C méid an fhaoisimh ó ús a lamháil an banc rannpháirteach le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus

arb é D méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, faoi ailt 1 (1) agus 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ar bhrabúis ar cóimhéid le C.

(3)  (a) Ní dhéanfar laghdú, faoi fho-alt (2), ar cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc rannpháirteach ach amháin i ndáil le faoiseamh ó ús a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin scéim 1985.

(b) Maidir le haon fhaoiseamh ó ús (dá ngairtear “faoiseamh dílamháilte” anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) a lamháil an banc rannpháirteach a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin scéim 1985 agus go ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta ina dhiaidh sin gur faoiseamh ó ús é nach raibh le lamháil de réir na gcoinníollacha agus na rialachán sin, ní bheidh teideal ag an mbanc rannpháirteach, maidir leis an bhfaoiseamh dílamháilte, aon laghdú faoi fho-alt (2) a fháil ar an gcáin chorparáide is iníoctha aige agus, má bhíonn aon laghdú den sórt sin déanta i ndáil le haon fhaoiseamh dílamháilte den sórt sin, déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun an laghdú sin a ghnóthú.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le cánachas ar chuideachtaí árachais.

59. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976

(a) in alt 33, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás ina n-áireofar ar ghnó árachais saoil cuideachta árachais breis agus cineál amháin de na cineálacha gnó seo a leanas, is é sin le rá:

(a) gnó pinsean,

(b) gnó ginearálta blianachtaí, agus

(c) gnó árachais saoil (gan an gnó pinsean sin agus an gnó ginearálta blianachtaí sin a áireamh),

ainsin, chun críocha an Achta seo, déileálfar le gach cineál gnó díobh sin mar ghnó ar leithligh agus beidh feidhm ar leithligh ag fo-alt (1) maidir le gach cineál gnó díobh sin:

Ar choinníoll go bhféadfar, chun críocha alt 15 (1), aon mhéid breise den chineál dá dtagraítear in alt 15 (2) a thabharfar ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh dháta rite an Achta Airgeadais, 1986 , a asbhaint le linn brabúis na cuideachta a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta níos déanaí maidir le cibé cineálacha gnó díobh sin a roghnóidh an chuideachta; ach aon mhéid a asbhainfear amhlaidh le linn na brabúis ó chineál amháin de na cineálacha sin gnó a bheith á ríomh ní asbhainfear é le linn brabúis na cuideachta ó chineál eile de na cineálacha sin gnó a bheith á ríomh.

(1B) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) maidir le haon mhéid dleachta stampa (ach amháin aon chuid den mhéid sin is inchurtha i leith gnó pinsean) a mhuirearófar faoi mhír (c) d'fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) d'alt 92 den Acht Airgeadais,1982, ar aon ráiteas a sheachadfaidh cuideachta de bhun mhír (b) den fho-alt sin (8) maidir le haon ráithe dar tosach dáta i ndiaidh dháta rite an Achta Airgeadais, 1986 .”,

(b) in alt 39, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhlianacht a íocfaidh cuideachta agus is inchurtha i leith a ghnó eisiata blianachtaí—

(a) ní dhéileálfar léi mar mhuirear ar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;

(b) beidh sí inasbhainte le linn brabúis na cuideachta i leith a gnó árachais saoil a bheith á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D.”,

(c) in alt 40, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhlianachtaí a ndéileálfar leo faoi fho-alt (1) mar mhuirir ar ioncam cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do thréimhse chuntasaíochta, ní lamhálfar iad mar asbhaintí in aghaidh aon bhrabús (cibé acu de chuid na cuideachta céadluaite nó de chuid aon chuideachta eile) seachas in aghaidh an chuid sin de na brabúis iomlána (lena n-áirítear, i gcás ina ndéanfar éileamh faoi alt 25 chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) (b) den alt sin, aon ioncam infheistíochta frainceáilte) a eascróidh sa tréimhse chuntasaíochta sin don chuideachta chéadluaite óna gnó ginearálta blianachtaí.”,

agus

(d) in alt 50, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo—

(i) i bhfo-alt (2), tríd an míniú ar “gnó ginearálta blianachtaí” a scriosadh agus na mínithe seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘gnó eisiata blianachtaí', i ndáil le cuideachta árachais, gnó blianachtaí—

(a) nach gnó pinsean, nó nach ndéantar dliteanas na cuideachta ina leith a chur i gcuntas le linn ciste árachais saoil coigríche (de réir bhrí alt 42 (5)) na cuideachta a bheith á chinneadh, agus

(b) a éiríonn as conradh chun blianacht a dheonú ar shaol duine ar conradh é a rinneadh, a síneadh nó a athraíodh an 6ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, agus nach gcomhlíonann aon choinníoll amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá:

(i) beidh an bhlianacht iníoctha (cibé acu atá nó nach bhfuil a tosach feidhme curtha siar ar feadh tréimhse ar bith) go dtí deireadh saoil duine nó ar feadh tréimhse nach féidir a fhionnadh ach amháin faoi threoir deiridh saoil duine (cibé acu a leanann nó nach leanann sí tar éis deiridh saoil duine),

(ii) ní dhéanfar méid na blianachta a laghdú ach amháin ar bhás duine is blianachtóir faoin gconradh nó faoi threoir innéacs bona fide de phraghsanna nó de luachanna infheistíochta, agus

(iii) toirmiscfear ar an gcuideachta, go sainráite agus go neamh-inchúlghairthe, sa doiciméad polasaí a fhianaíonn an conradh, comhaontú aon bhlianacht a éiríonn faoin gconradh a iomalartú, go hiomlán nó go páirteach;

ciallaíonn ‘gnó ginearálta blianachtaí’aon ghnó blianachtaí nach—

(a) gnó eisiata blianachtaí, nó

(b) gnó pinsean,

agus forléireofar ‘gnó pinsean’ de réir fho-ailt (3) agus (4);”,

agus

(ii) i bhfo-alt (3), trí mhír (b) a scriosadh agus tríd an mír seo a leanas a chur ina hionad:

“(b) go ndéanfar an gnó blianachtaí eile go léir seachas gnó eisiata blianachtaí a leithroinnt ar an ngnó ginearálta blianachtaí,”.