An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus

(b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1986-87” a chur in ionad “1985-86” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith a ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1986-87.

(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1986, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis:

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.

Creidmheas i leith cánach feirme.

16. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, más rud é, don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, go mbeidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht agus go ndlífidh sé ar dháta ar bith sa bhliain mheasúnachta sin, de réir fhorálacha alt 9 den Acht um Cháin Fheirme, 1985 , cáin fheirme a íoc i leith feirme inchánach, déanfar méid na cánach ioncaim is inmhuirearaithe amhlaidh a laghdú—

(a) i gcás feidhm a bheith ag mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 9, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha aige sa bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha na míre sin,

(b) i gcás feidhm a bheith ag mír (b) den fho-alt sin (2)—

(i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin a chuid ar leith den cháin fheirme a íoc, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin,

(ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn íocaíocht a dhéanamh amhlaidh a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé sa bhliain mheasúnachta sin, agus

(c) i gcás feidhm a bheith ag mír (c) den fho-alt sin (2)—

(i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte faoi alt 3 (2) den Acht sin a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de mhéid na cánach feirme sin a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin,

(ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn amhlaidh an cháin fheirme sin a íoc a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte amhlaidh a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé:

Ar choinníoll—

(a) nach mó méid an laghdaithe a thabharfar d'aon bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná—

(i) méid na cánach feirme is iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain fhéilire ar críoch di sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil leis an bpearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin, agus

(b) le linn an t-ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta a bheith á chinneadh, nach ndéanfar aon suim a asbhaint i leith cánach feirme.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás fearchéile is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh tagairtí do bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht aon bhrabúis nó gnóchain den sórt sin de chuid a bhanchéile agus ionann is dá bhfolódh tagairtí do cháin fheirme a íocadh nó atá le híoc tagairtí do cháin fheirme a d'íoc a bhanchéile nó atá le híoc aici.

(3) Chun críocha fho-alt (1) déanfar an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta a chinneadh de réir an Tríú Sceideal.

(4) San alt seo tá le “cáin fheirme” agus “feirm inchánach” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 1 (1) den Acht um Cháin Fheirme, 1985 .