|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain ó Fheirmeoireacht) | Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||
[EN] |
AN CEATHRÚ SCEIDEAL Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide | |
CUID I Léiriú | ||
Sa Sceideal seo— | ||
folaíonn “mórbhealach” aon bhóthar, sráid, lána, plás, cé, ardán, rae, cearnóg, cnoc, paráid, diamant, cúirt, droichead, cainéal agus abhainn; | ||
tagairt do líne arna tarraingt feadh aon mhórbhealaigh is tagairt í do líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin; | ||
tagairt d'fhadú aon mhórbhealaigh is tagairt í d'fhadú líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin; | ||
tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon mhórbhealach nó fadú aon mhórbhealaigh aon mhórbhealach nó fadú mórbhealaigh eile nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile is tagairt í don phointe mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh lár mórbhealaigh amháin, nó i gcás fadú mórbhealaigh, feadh an fhadaithe a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh eile nó, i gcás fadú eile mórbhealaigh, feadh an fhadaithe eile nó don phointe mar a mbuailfeadh siad le chéile; | ||
tagairt do phointe mar a dtrasnaíonn aon mhórbhealach nó fadú mórbhealaigh teorainn nó do phointe mar a mbuaileann sé leis an teorainn sin is tagairt í don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin nó, i gcás fadú mórbhealaigh, feadh an fhadaithe, an teorainn sin a thrasnú nó don phointe mar a mbuailfeadh an líne sin leis an teorainn sin. | ||
CUID II Tuairisc ar Limistéar Duganna Theach an Chustaim | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh fhadú siar theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh Bhóthar an Chuimhneacháin, a leanann ansin ó thuaidh feadh Bhóthar an Chuimhneacháin agus Sráid Amiens go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Shirriam Íochtarach, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh Shráid Shirriam Íochtarach agus Shráid an Choimínis go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim, agus a leanann ansin siar feadh an fhadaithe sin agus feadh na teorann sin agus feadh fhadú siar na teorann sin go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
CUID III Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i mBaile Átha Cliath (seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim) | ||
Na Céanna | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú ó thuaidh Lána an Phrísigh an Life, a leanann ansin ó dheas feadh an fhadaithe sin agus feadh Lána an Phrísigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Tuinne, a leanann ansin siar feadh Shráid na Tuinne, Bharra an Teampaill agus Shráid Essex Thoir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána an Chraein, a leanann ansin feadh Lána an Chraein go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Dáma, a leanann ansin siar feadh Shráid an Dáma agus Chnoc Chorcaí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tiarna Éadbhard, a leanann ansin feadh Shráid an Tiarna Éadbhard, Phlás Theampall Chríost agus Shráid Niocláis go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Lána Cúil, a leanann ansin feadh an Lána Chúil, Mhargadh an Arbhair, Shráid an Droichid Uachtarach, Gheata Ghormáin,Mhuileann an Chaca, Shráid Oilibhéir de Bond agus Lána Mharascail go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Lána Marshalsea, a leanann ansin, ó thuaidh i dtosach, feadh Lána Marshalsea go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Bonham, a leanann ansin siar feadh Shráid Bonham go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Watling, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Watling agus Dhroichead Ruairí Uí Mhóra go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Life, a leanann ansin siar feadh na Life go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid na Life Thiar, a leanann ansin o thuaidh feadh an dara fadú a luadh agus feadh Shráid na Life Thiar go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Binne Boirbe, a leanann ansin soir feadh Shráid na Binne Boirbe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Banríona, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid na Banríona go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hArdán Ché Árann, a leanann ansin soir feadh Ardán Ché Árann agus feadh fhadú soir Ardán Ché Árann go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid an Fhionnuisce Thuaidh, a leanann ansin soir feadh an tríú fadú a luadh, feadh Shráid an Fhionnuisce Thuaidh agus feadh Lána an Chrochaire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Teampaill, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid an Teampaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Seansaireachta, a leanann ansin soir feadh Shráid na Seansaireachta go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Árann Thoir, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Árann Thoir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Bheag na Trá, a leanann ansin feadh Shráid Bheag na Trá agus Shráid Mhór na Trá go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Life Íochtarach, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid na Life Íochtarach, go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis na Scaireanna, a leanann ansin feadh na Scaireanna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Mhic Uilliam, a leanann ansin ó dheas feadh Rae Mhic Uilliam agus feadh fhadú ó dheas Rae Mhic Uilliam go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Life, a leanann ansin siar feadh na Life go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
An Lárchathair Thuaidh | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn Sráid na Mainistreach Íochtarach Sráid Maoilbhríde, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Maoilbhríde go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Parnell, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Parnell go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Uí Chíobháin, a leanann ansin feadh Rae Uí Chíobháin, Chearnóg Parnell Thoir agus Shráid na nGort Arbhair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Hardwicke, a leanann ansin feadh Shráid Hardwicke go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Hardwicke, a leanann ansin ó thuaidh feadh Phlás Hardwicke go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Dorset Íochtarach, a leanann ansin feadh Shráid Dorset Íochtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Ghairnéir Uachtarach, a leanann ansin feadh Shráid Ghairnéir Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Shéathra Uachtarach, a leanann ansin feadh Shráid Shéathra Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gCuarbhóthar Thuaidh, a leanann ansin soir feadh an Chuarbhóthair Thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Mhic Giobúin, a leanann ansin soir ó dheas feadh Lána Mhic Giobúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Giobúin, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid Mhic Giobúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Shéarlais, a leanann ansin feadh Lána Shéarlais go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhór Shéarlais, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Mhór Shéarlais go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú siar ó thuaidh theorainn thiar theas Chúirt Mhait Talbóid, a leanann ansin soir ó dheas feadh an fhadaithe sin, feadh na teorann thiar theas sin agus feadh fhadú soir ó dheas na teorann thiar theas sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le teorainn thiar thuaidh bhusáras Chóras Iompair Éireann, a leanann ansin siar ó dheas feadh na teorann thiar thuaidh sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí teorainn thoir thuaidh Phlás Mhuinseo, a leanann ansin soir ó dheas feadh na teorann thoir thuaidh sin agus na hiarshráide dá ngairtí Plás Hutain go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cnoc an tSamhraidh, a leanann ansin siar ó dheas feadh Chnoc an tSamhraidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an lána céimnithe a cheanglaíonn Cnoc an tSamhraidh le Plás Gloucester Uachtarach, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás Gloucester Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Gloucester, a leanann ó dheas ansin feadh Phlás Gloucester, Dhiamant Gloucester, Phlás Gloucester Íochtarach agus Shráid an Bhardais, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Shráid na Stór agus feadh an chuid sin de Shráid na Stór ar an taobh thiar thuaidh de Bhusáras go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Beresford, a leanann ansin siar feadh Phlás Beresford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Mainistreach Íochtarach, a leanann ansin feadh Shráid na Mainistreach Íochtarach go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
Sráid Henrietta | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú siar ó thuaidh Lána Henrietta teorainn thoir Óstaí an Rí, a leanann ansin, soir ó dheas i dtosach, feadh an fhadaithe sin, feadh Lána Henrietta agus Phlás Henrietta go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) theorainneacha thiar theas uimhreacha 11, 12, 13, 14 agus 15 Sráid Henrietta, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh an dara fadú a luadh, feadh na dteorainneacha thiar theas sin agus feadh fhadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an fadú is deireanaí a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) na dteorainneacha thiar theas sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an fadú is deireanaí a luadh teorainn thoir Chlárlann na nGníomhas, a leanann ansin ó thuaidh feadh theorainn thoir Chlárlann na nGníomhas agus Óstaí an Rí go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
CUID IV Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i gCorcaigh | ||
An Lárchathair | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Chorcaí a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Droichead Naomh Uinseann le Plás Grenville, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás Grenville, Shraith an Radhairc agus Shráid Woods go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn fadú ó dheas Shráid Woods cainéal theas na Laoi, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú ó thuaidh (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid Sharman Crawford, a leanann ansin ó dheas feadh an dara fadú a luadh agus feadh Shráid Sharman Crawford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Easpaig, a leanann ansin soir feadh Shráid an Easpaig go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Déin, a leanann ansin feadh Shráid an Déin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Bhiocáire, a leanann ansin feadh Shráid an Bhiocáire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Beairice, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid na Beairice go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cearnóg Reid, a leanann ansin feadh Chearnóg Reid go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tionscail, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid an Tionscail go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Shíorghlas, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Sráide Síorghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Mainistreach, a leanann ansin feadh Shráid na Mainistreach agus Shráid na Dúghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Niocláis, a leanann ansin feadh Shráid Niocláis go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Shíorghlas, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Sráide Síorghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Chumann na gCairde, a leanann ansin feadh Bhóthar Chumann na gCairde go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cnoc an tSamhraidh Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh Chnoc an tSamhraidh Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Dúghlaise, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid na Dúghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sraith Langford, a leanann ansin feadh Shraith Langford agus Bóthar na hOtharlainne go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Ardán Theas, a leanann ansin feadh an Ardáin Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Coitir, a leanann ansin feadh Shráid Mhic Coitir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána an Stábla, a leanann ansin feadh Lána an Stábla go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Copley, a leanann ansin siar feadh Shráid Copley agus feadh fhadú siar (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid Copley go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an tríú fadú a luadh cainéal theas na Laoi, a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Droichead Uí Chléirigh, a leanann ansin ó thuaidh feadh Dhroichead Uí Chléirigh agus Shráid Wandesford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Hanover, a leanann ansin soir feadh Shráid Hanover go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an bPríomhshráid Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh na Príomhshráide Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tóibínigh, a leanann ansin feadh Shráid an Tóibínigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Chapaill Bhuí, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid an Chapaill Bhuí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Naomh Agaistín, a leanann ansin feadh Shráid Naomh Agaistín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an bPríomhshráid Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh na Príomhshráide Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Saoirse, a leanann ansin siar feadh Shráid na Saoirse go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhig Reachtain, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Mhig Reachtain agus feadh a fadaithe (dá ngairtear “an ceathrú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) go dtí an pointe mar a mbuaileann an ceathrú fadú a luadh le cainéal thuaidh na Laoi, a leanann ansin soir feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú ó dheas Lána na Farantóireachta, a leanann ansin ó thuaidh feadh an fhadaithe ó dheas sin agus feadh Lána na Farantóireachta go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Doiminic, a leanann ansin siar feadh Shráid Doiminic go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Naomh Proinsias, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Naomh Proinsias go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Sheáin Réamonn, a leanann ansin siar feadh Shráid Sheáin Réamonn go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Mhalartáin, a leanann ansin feadh Shráid an Mhalartáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na hEaglaise, a leanann ansin siar feadh Shráid na hEaglaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an tSeandúin, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid an tSeandúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hAibhinne Mhargadh na hAirnéise, a leanann ansin feadh Aibhinne Mhargadh na hAirnéise go dtí an pointe mar a gcéadbhuaileann sí le Plás an tSeanmhargaidh, a leanann ansin ó dheas feadh Phlás an tSeanmhargaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Blárnan, a leanann ansin siar feadh Shráid na Blárnan go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bailtíní na Carraige, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Bhailtíní na Carraige agus feadh an lána chéimnithe a cheanglaíonn Bailtíní na Carraige le hIostáin na Carraige go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hIostáin na Carraige, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh Iostáin na Carraige agus Lána Crispin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Meal Thuaidh, a leanann ansin siar feadh an Mheal Thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Droichead Naomh Uinseann, a leanann ansin ó dheas feadh Dhroichead Naomh Uinseann go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
An Linn Dubh | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Chorcaí a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Bóthar Popham le Bóthar na gCoimíní, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Bhóthar na gCoimíní agus Dhroichead na Linne Duibhe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Thomáis Dáibhis, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Thomáis Dáibhis, Shráid Bhaile Átha Cliath agus Bhóthar na Ceárta Deirge go dtí an pointe (dá ngairtear “an pointe is deireanaí a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú siar theorainn thuaidh uimhir 1 Cnoc Bhaile Átha Cliath Íochtarach Bóthar na Ceárta Deirge, a leanann ansin siar feadh líne a cheanglaíonn an pointe is deireanaí a luadh leis an bpointe is túisce a luadh. | ||
CUID V Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Luimnigh | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Luimnigh a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Cé Artúir le Sráid Phroinsias, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh fhadú siar ó thuaidh Shráid Phroinsias go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an tSionainn, a leanann ansin, ó thuaidh i dtosach, feadh na Sionainne go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú siar ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) bhalla thoir theas Chaisleán Rí Eoin, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh an dara fadú a luadh agus feadh an bhalla sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Ascaill Churaidh an Ghabhair, a leanann ansin soir ó dheas feadh an tríú fadú a luadh agus feadh Ascaill Churaidh an Ghabhair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Gheata Nua, a leanann ansin siar ó dheas feadh Lána Gheata Nua go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae an Chrosánaigh, a leanann ansin soir ó dheas feadh Rae an Chrosánaigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás San Agaistín, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás San Agaistín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé na gCeannaithe, a leanann ansin feadh Ché na gCeannaithe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Droichid, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid an Droichid agus Dhroichead Mhaitiais go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás an Bhainc, a leanann ansin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh Phlás an Bhainc, Ché Shéarlait agus Ché na Comhla Uisce go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Uí Chomhraí, a leanann ansin ó dheas feadh Lána Uí Chomhraí go dtí an pointe mar a gcéadbhuaileann sí le Seansráid an Chláir, a leanann ansin feadh Sheansráid an Chláir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Uí Shúilleabháin, a leanann ansin feadh Phlás Uí Shúilleabháin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Uí Mhóra, a leanann ansin feadh Lána Uí Mhóra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Lile Naofa, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Lile Naofa go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an mBóthar Nua, a leanann ansin siar ó dheas feadh an Bhóthair Nua go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Eoin, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid Eoin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Teampaill, a leanann ansin feadh Shráid an Teampaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Seansráid Phroinsias, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Sheansráid Phroinsias go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhangairit, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid Mhangairit go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an mbealach coisithe atá suite taobh le teorainn thoir thuaidh uimhir 72 Sráid Mhangairit, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh an bhealaigh coisithe sin agus feadh a fhadaithe siar ó thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le teorainn thoir theas Chúirt Teamhrach, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gcosán atá suite taobh le teorainneacha thuaidh Chúirt Teamhrach agus Chúirt Mhichíl Naofa, a leanann ansin feadh an chosáin sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhichíl, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Mhichíl go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Phúinse, a leanann ansin soir feadh Rae Phúinse go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Uí Charra, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Uí Charra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Eibhlín, a leanann ansin feadh Shráid Eibhlín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Phádraig, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Phádraig go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Uí Eoghanáin, a leanann ansin feadh Ché Uí Eoghanáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Artúir, a leanann ansin feadh Ché Artúir go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
CUID VI Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Phort Láirge | ||
An chuid sin de chontaebhuirg Phort Láirge a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Cé Mheachair le Sráid Gladstone, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Gladstone go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Uí Chonaill, a leanann ansin siar feadh Shráid Uí Chonaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Sháirgeant, a leanann ansin ó dheas feadh Lána Sháirgeant go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hArdán an Rí, a leanann ansin, soir ó dheas i dtosach, feadh Ardán an Rí, Pháirc Charraigín agus Shráid Stiofáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Alsandair, a leanann ansin soir feadh Shráid Mhic Alsandair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhicil, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Mhicil go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Mhuire, a leanann ansin soir feadh Lána Mhuire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Phroinsias Naofa, a leanann ansin ó thuaidh feadh Phlás Phroinsias Naofa agus Shráid Olaf go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Mhór, a leanann ansin siar feadh na Sráide Móire agus feadh Shráid na nDúbhráithre go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Leathan, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Leathan agus feadh Shráid na mBioránach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Mheachair, a leanann ansin siar feadh Ché Mheachair go dtí an pointe is túisce a luadh. | ||
CUID VII Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe na Gaillimhe | ||
An chuid sin de chontaebhuirg na Gaillimhe a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn an Choirib fadú siar ó dheas Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach, a leanann ansin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh an fhadaithe sin, feadh Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach agus Bhóthar na gCeannaithe go dtí an pointe mar a mbuaileann Bóthar na gCeannaithe le Plás Victoria, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Phlás Victoria go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir ó thuaidh (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) theorainn thoir theas fhoirgneamh Bhanc na hÉireann (Brainse Náisiúnta), a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh an dara fadú a luadh agus feadh na teorann thoir theas sin agus feadh theorainneacha thiar theas agus thiar thuaidh charrchlós an bhainc go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gcuid thiar theas de Lána an Phinniúir, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Lána an Phinniúir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Gheata Liam, a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh Shráid Gheata Liam agus Shráid Liam go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Súdairí, a leanann ansin soir ó dheas feadh Shráid na Súdairí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Mheánach, a leanann ansin siar ó dheas feadh na Sráide Meánaí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Trasna Íochtarach, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid Trasna Íochtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Céibhe, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid na Céibhe agus Dhroichead Wolfe Tone go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Choirib, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Coiribe go dtí an pointe is túisce a luadh. |