An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain ó Fheirmeoireacht)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

AN DARA SCEIDEAL

Scéimeanna Scair-Rogha Ceadaithe

Léiriú

1.—(1) Sa Sceideal seo—

tá le “cuideachta chomhlachaithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “rialú” an bhrí chéanna atá leis in alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “stiúrthóir lánaimseartha” an bhrí chéanna atá le “stiúrthóir lánaimsire” in alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 ;

tá le “deontóir” an bhrí a thugtar le mír 2 (1);

tá le “grúpscéim” agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le “cuideachta rannpháirteach”, na bríonna a thugtar le mír 2;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “fostaí cáilitheach”, i ndáil le cuideachta, fostaí de chuid na cuideachta (seachas fostaí is stiúrthóir de chuid na cuideachta nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí) a gceanglaítear air, faoi théarmaí a fhostaíochta, oibriú don chuideachta ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad sa tseachtain;

tá le “scaireanna scéime” an bhrí a thugtar le mír 6; agus

folaíonn “scaireanna” stoc.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (3) d'alt 103 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás inar grúpscéim an scéim, ach tagairtí do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad na chéad tagartha don chuideachta i mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin.

(3) Beidh feidhm, chun críocha an Sceidil seo, ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(4) Chun críocha an Sceidil seo is comhalta de chomheagras, a bhfuil cuideachta eile ar úinéireacht aige, cuideachta más ceann í de líon cuideachtaí a bhfuil trí cheathrú ar a laghad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta eile ar úinéireacht thairbhiúil acu eatarthu agus a bhfuil an fichiú cuid ar a laghad den chaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh.

Scéimeanna a Cheadú

2.—(1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear “an deontóir” sa Sceideal seo) a mbeidh scéim scair-rogha bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim más deimhin leo go gcomhlíonann sí ceanglais an Sceidil seo, ach ní cheadóidh siad í más dealraitheach dóibh go bhfuil gnéithe den scéim nach bhfuil riachtanach, ná nach ngabhann le réasún, le sochair i bhfoirm cearta chun scaireanna a fháil a chur ar fáil d'fhostaithe agus do stiúrthóirí.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus beidh cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) I gcás ina mbeidh rialú ag an deontóir ar chuideachta nó ar chuideachtaí eile, féadfar a rá sa scéim go mbaineann sí leis na cuideachtaí go léir a bhfuil rialú aige orthu, nó go mbaineann sí le haon cheann acu, agus “grúpscéim” a ghairfear sa Sceideal seo de scéim a ndeirtear inti go mbaineann sí amhlaidh.

(4) Ciallaíonn “cuideachta rannpháirteach”, i ndáil le grúpscéim. an deontóir nó aon chuideachta eile a ndeirtear sa scéim go mbaineann sí leis nó léi de thuras na huaire.

3.—(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go scoirfear d'aon cheanglas de chuid an Sceidil seo a chomhlíonadh nó go mainneoidh an deontóir faisnéis a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 14 a chur ar fáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Má dhéantar athrú ar an scéim tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú, ní bheidh éifeacht leis an gceadú i ndiaidh dháta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

4.—Más éagóir leis an deontóir—

(a) mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an scéim a cheadú nó le hathrú ar an scéim a cheadú, nó

(b) ceadú a bheith tarraingthe siar,

féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de thríocha lá ón dáta a gcuirfear cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim in iúl dó, a cheangal go mbreithneoidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-ábhar, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim i ndáil le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

Cáilitheacht

5.—(1) Ní dhéanfar foráil sa scéim chun go mbeidh aon duine cáilithe chun bheith rannpháirteach inti, is é sin le rá, chun go bhfaighidh nó go bhfeidhmeoidh sé cearta fúithi—

(a) mura stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí cáilitheach é de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí;

(b) tráth ar bith a mbeidh, nó a raibh laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, leas ábhartha aige i ndlúthchuideachta de réir bhrí Chuid X den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ar cuideachta í—

(i) a bhféadfar a scaireanna a fháil de bhun cearta, a fuarthas faoin scéim, a fheidhmiú; nó

(ii) a bhfuil rialú aici ar chuideachta den sórt sin nó is comhalta de chomheagras a bhfuil cuideachta den sórt sin ar úinéireacht aige.

(2) D'ainneoin fhomhír (1) (a) féadfar foráil a bheith sa scéim go bhféadfaidh duine cearta a fuair sé fúithi a fheidhmiú d'ainneoin go bhfuil sé scortha de bheith ina stiúrthóir lánaimseartha nó ina fhostaí cáilitheach.

(3) Le linn bheith ag cinneadh an dlúthchuideachta cuideachta chun críocha fhomhír (1), déanfar neamhshuim d'ailt 94 (1) (a) agus 95 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(4) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha na míre seo, an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta, beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt 97 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus le mír (ii) den choinníoll a ghabhann le halt 103 (3) den Acht sin, ach tagairtí do 10 faoin gcéad a chur in ionad na dtagairtí sna forálacha sin do 5 faoin gcéad.

Scaireanna Scéime

6.—Déanfar foráil sa scéim chun go bhfaighfidh stiúrthóirí agus fostaithe cearta chun scaireanna (dá ngairtear “scaireanna scéime” sa Sceideal seo) a chomhlíonann ceanglais mhíreanna 7 go 11, a fháil.

7.—Beidh scaireanna scéime mar chuid de ghnáth-scairchaipeal—

(a) an deontóra; nó

(b) cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir; nó

(c) cuideachta arb éard í cuideachta nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar chuideachta—

(i) is comhalta de chomheagras a bhfuil an deontóir, nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, ar úinéireacht aige; agus

(ii) a bhfuil trí fichiú ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh ar úinéireacht thairbhiúil aici.

8.—Is é a bheidh i scaireanna scéime—

(a) scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhargadh; nó

(b) scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú cuideachta eile; nó

(c) scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú cuideachta (seachas cuideachta atá, nó a bheadh dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, ina dlúthchuideachta de réir bhrí alt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) a luaitear a scaireanna ar stocmhargadh.

9.—Maidir le scaireanna scéime—

(a) beidh siad láníoctha;

(b) ní bheidh siad infhuascailte; agus

(c) ní bheidh siad faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna uile den aicme chéanna.

10.—(1) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha mhír 9 (c), an bhfuil scaireanna scéime, atá faighte nó le fáil ag aon duine, faoi réir aon srianta, measfar gur srian a ghabhann leis na scaireanna aon chonradh, comhaontú, comhshocraíocht nó coinníoll faoina sriantar a shaoirse chun diúscairt a dhéanamh ar na scaireanna nó ar aon leas iontu nó ar na fáltais óna ndíol nó chun aon cheart a thugann siad a fheidhmiú nó faoina gcuirfeadh diúscairt nó feidhmiú den sórt sin faoi aon mhíbhuntáiste é féin nó aon duine a bhfuil baint aige leis.

(2) Níl feidhm ag fomhír (1) maidir le cibé cuid d'aon chonradh, comhaontú, comhshocraíocht nó coinníoll ina bhfuil forálacha atá cosúil, maidir le cuspóir agus éifeacht, le haon fhorálacha de na Rialacha Eiseamláracha a leagadh amach sa Chód Eiseamlárach le haghaidh Idirbhearta Urrús ag Stiúrthóirí Cuideachtaí Liostaithe a d'eisigh Údarás Chomhairle an Stocmhargaidh i Samhain, 1984.

11.—Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna scéime scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith ar seilbh ag daoine seachas—

(a) daoine a fuair a scaireanna de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó fostaí de chuid an deontóra, nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal;

(b) iontaobhaithe a bhfuil scaireanna á sealbhú acu thar ceann daoine a fuair a leasanna tairbhiúla sna scaireanna de réir mar a luaitear i mír (a); agus

(c) i gcás ina dtagann na scaireanna faoi réim mhír 8 (c) agus nach dtagann siad faoi réim mhír 8 (a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta arb iad a scaireanna atá i gceist, nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dóibh an chuideachta sin.

Cearta a aistriú

12.—Ní cheadóidh an scéim d'aon duine a fhaigheann cearta fúithi aon cheann de na cearta sin a aistriú ach beidh socrú inti go bhféadfar, má fhaigheann duine den sórt sin bás sula bhfeidhmeofar iad, iad a fheidhmiú i ndiaidh dó bás a fháil, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin.

Praghas Scaireanna

13.—Déanfar an praghas ar a bhféadfar scaireanna scéime a fháil, trí fheidhmiú cirt a fuarthas faoin scéim, a lua tráth fála an chirt agus ní lú é ná margadhluach scaireanna den aicme chéanna an tráth sin nó, má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus an deontóir air sin i scríbhinn, cibé tráth nó tráthanna is luaithe ná sin a fhoráiltear sa chomhaontú, ach—

(a) féadfar foráil a dhéanamh sa scéim chun go ndéanfar cibé athrú ar an bpraghas a luafar amhlaidh is gá a dhéanamh chun aon athrú ar an scairchaipiteal, ar cuid de na scaireanna scéime, a chur i gcuntas, agus

(b) forálfar sa scéim go ndéanfar, má tharlaíonn ina dhiaidh sin gur lú an praghas a luafar amhlaidh ná margadhluach na scaireanna den aicme chéanna an tráth sin, an praghas sin a mhéadú go dtí an margadhluach sin.

Faisnéis

14.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfadh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná tríocha lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, dá seoltar an fógra, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—

(a) lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—

(i) i dtaobh ar chóir scéim a cheadú nó ceadú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar; nó

(ii) i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim; agus

(b) i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.