An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Ginearálta) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

111. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1985” alt 66 den Acht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1985 ach “£38,647,426” a chur in ionad “£40,369,034”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1985 ach “£29,258,176” a chur in ionad “£31,028,550”.

(4) D'fhonn iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, déanfar suim £41,472,176 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986.

(5) Déanfar an séú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £31,876,450 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Feidhm an Achta um Lán-Aois, 1985 .

112. —(1) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (4) d'alt 2 den Acht um Lán-Aois, 1985 , beidh feidhm agus éifeacht, faoi réir fho-alt (2), le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 2 chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus aon fhorála reachtúla eile (de réir bhrí an Achta sin) a bhaineann le haon cháin nó dleacht eile atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorchur, a aisghairm, a loghadh, a athrú nó a rialáil agus scoirfidh fomhír (vii) de mhír (b) den fho-alt sin (4) d'éifeacht a bheith léi dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) difear do theideal éilitheora chuig asbhaint faoi alt 138A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) nó alt 141 (arna chur isteach leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm, agus glacfaidh sé éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus a mhéid a bhaineann sé le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, beidh éifeacht leis i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an dáta sin nó dá éis.

Sonra-phróiseáil leictreonach a úsáid.

113. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) alt 24 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(e) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983 ,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna;

ciallaíonn “taifid” doiciméid a cheanglaítear ar dhuine, le haon fhoráil de chuid na nAchtanna, a choinneáil, a eisiúint nó a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh, agus aon ábhar scríofa nó clóite eile;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha nó cáin mhaoine cónaithe, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir comhaontú ó na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar taifid a stóráil, a chothabháil, a thraiseoladh, a atáirgeadh nó a pháirtiú, de réir mar a bheidh, trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, in imthosca ina mbeidh úsáid an phróisis sin aontaithe acu agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad.

(3) Más rud é, de bhun fho-alt (2), go gcaomhnaítear taifid trí phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile beidh, faoi réir na rialacha cúirte, aon ráiteas i ndoiciméad a tháirgtear trí aon phróiseas den sórt sin inghlactha mar fhianaise in aon imeachtaí, cibé acu imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla, a mhéid céanna a ghlacfaí leis na taifid iad féin.

(4) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, ní gá dúblaigh de mheasúnachtaí a dhéanamh, a thraiseoladh nó a sheachadadh.

(5) Má dhéanann cigire nó oifigeach údaraithe eile sonraí measúnachta agus na cánach a mhuirearaítear inti a thaifeadadh i dtaifead leictreonach, fótagrafach nó eile as ar féidir leis an Ard-Bhailitheoir na sonraí sin a thógáil trí phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile, glacfar leis gurb ionann é sin agus traiseoladh na sonraí sin ag an gcigire nó ag an oifigeach údaraithe eile chuig an Ard-Bhailitheoir.

(6) In aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda, sa Chúirt Dúiche nó san Ard-Chúirt chun aon cháin a ghnóthú nó i ndáil leis an gcéanna, aon deimhniú, arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach údaraithe eile, á dheimhniú go raibh, sular tionscnaíodh imeachtaí, suim shonraithe cánach, arna traiseoladh amhlaidh, tagtha chun bheith dlite agus iníoctha ag an gcosantóir—

(a)  (i) faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte,

 (ii) faoi fhorálacha alt 429 (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

 (iii) faoi na forálacha a bhaineann leis an méid sonraithe cánach de réir bhrí alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 ,

agus

(b) go bhfuil an t-éileamh ar íoc na cánach déanta go cuí,

beidh sé ina fhianaise prima facie, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin agus féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach údaraithe eile a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é an tArd-Bhailitheoir, nó oifigeach údaraithe eile, a shínigh é.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le hús a íoc ar cháin a ró-íocadh.

114. —(1) Leasaítear leis seo alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí” a chur in ionad “de réir an ráta a fhoráiltear le halt 550 (1)” i mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(a) Má bhíonn suim ró-mhór cánach íoctha, déanfar an tsuim nó na suimeanna a ró-íocadh, ach amháin i gcás inar lú ná £1 an t-ús, a aisíoc mar aon le hús de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ó dháta nó ó dhátaí an tsuim nó na suimeanna a íoc dá dtáinig an ró-íoc go dtí an dáta nó na dátaí a dhéanfar an t-aisíoc; nó

(2) Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí” a chur in ionad “de réir an ráta nó na rátaí a bheidh i bhfeidhm de bhua alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,” i bhfo-alt (4), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an fo-alt sin (4) (ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(4) I gcás a mbeidh ró-íocaíocht cánach le haisíoc faoi fho-alt (3), iompróidh an ró-íocaíocht ús de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí in aghaidh na tréimhse ó dháta nó ó dhátaí íoca an méid nó na méideanna ba bhun leis an ró-íocaíocht, de réir mar is gá sa chás, go dtí dáta an aisíoca:

(3) Leasaítear leis seo alt 107 den Acht Airgeadais, 1983

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin,” a chur in ionad “de réir 1.25 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) I gcás ina mbeidh, faoin alt seo, aon mhéid le haisíoc nó le coinneáil, cuirfear leis an méid sin ús simplí de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, den mhéid a bheidh le haisíoc nó le coinneáil in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ón dáta a íocadh an t-anbharr is bun leis an aisíoc go dtí dáta an aisíoca nó na coinneála, de réir mar a bheidh. Ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte le linn ús a bheith á íoc faoin bhfo-alt seo agus ní dhéanfar an t-ús sin a áireamh nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le hús is iníoctha faoin mír sin (a) agus faoi na fo-ailt sin (4) agus (2) in aghaidh aon mhíosa, nó aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó aon dáta dá éis.

Cáin etc. a bheith dlite de shealbhóir muirir shocraithe ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta.

115. —(1) I gcás ina sealbhaíonn duine muirear socraithe (is muirear socraithe arna bhunú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis) ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) agus ina mainníonn an chuideachta aon mhéid iomchuí a íoc a dhlitear di a íoc, ansin tiocfaidh an duine sin, ar fhógra i scríbhinn dá réir sin a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim, chun bheith faoi dhliteanas an méid iomchuí sin a íoc ar éileamh cuí, agus má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé an méid sin a íoc féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne amhail mar a dhéantar i gcás aon mhainnitheora eile:

Ar choinníoll—

(i) nach mó an méid nó an méid comhiomlán a dhlífidh an duine a íoc i ndáil le cuideachta de réir an ailt seo ná an méid nó an méid comhiomlán a bheidh, le linn don mhuirear socraithe ar fhiacha leabhair i ndáil leis an gcuideachta sin a bheith ar marthain, faighte ag an duine sin, go díreach nó go neamhdhíreach, ón gcuideachta sin mar íocaíocht nó mar pháirt-íocaíocht i leith aon fhiach a bheidh dlite den chuideachta don duine sin, agus

(ii) ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon mhéideanna a bheidh faighte ag sealbhóir an mhuirir shocraithe ón gcuideachta roimh an dáta a bhfaighidh sé fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim á rá go ndlíonn sé, de bharr an ailt seo, méid iomchuí a íoc atá dlite den chuideachta.

(2) San alt seo ciallaíonn “méid iomchuí” aon mhéid a dhlíonn an chuideachta a íoc—

(a) faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

agus

(b) faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 161 (cigirí cánach) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

116. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 161:

“161.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cigirí cánach a cheapadh, agus déanfaidh gach uile chigire den sórt sin agus gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh orduithe, treoracha agus ordacháin na gCoimisinéirí Ioncaim a urramú agus a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceapachán a bheidh déanta acu faoin alt seo a chúlghairm.”.

(2) Cigirí cánach a bheidh ceaptha ag an Aire Airgeadais roimh dháta rite an Achta seo, measfar gurbh iad na Coimisinéirí Ioncaim a cheap iad.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

117. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le halt 77) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

118. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1985, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

(6) Forléireofar Cuid V i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann sí le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, agus (a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Acht, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983 .

(8) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin.

(9) I gCuid III, measfar gur tháinig ailt 79, 83 (a) agus 85 i bhfeidhm amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1986, agus glacfaidh siad éifeacht amhlaidh amhail ar an agus ón dáta sin agus tiocfaidh ailt 83 (b) agus 89 go 91 (seachas mír (a) d'alt 91) i bhfeidhm an 1ú lá d'Iúil, 1986.

(10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(11) Tagairt ar bith san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.