An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (Caibidil II Ginearálta)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Caibidil I

Iontaobhais Lánroghnacha

Léiriú (Cuid V).

102. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 ;

ciallaíonn “dáta inmhuirearaithe”, i ndáil le haon bhliain, an 5ú lá d'Aibreán an bhliain sin;

ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach inmhuirearaithe” iontaobhas lánroghnach arb amhlaidh atá i ndáil leis—

(a) go bhfuil an diúscróir marbh, agus

(b) nach bhfuil aon duine de phríomhchuspóirí an iontaobhais, más ann, faoi bhun 25 bliana d'aois;

tá le “cuspóir” agus “príomhchuspóirí”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 104 den Acht Airgeadais, 1984 .

Fáltais bhliantúla ag iontaobhais lánroghnacha.

103. —(1) Más rud é, in aon bhliain dar tosach an bhliain 1986, faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go mbeidh maoin faoi réir iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe ar an dáta inmhuirearaithe, measfar, ar gach dáta den sórt sin, go dtiocfaidh an t-iontaobhas chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuig leas iomlán sa mhaoin sin, agus go nglacfaidh sé oidhreacht dá réir sin ar gach dáta den sórt sin, ionann is dá mba dhuine chun críocha an Phríomh-Achta an t-iontaobhas agus iontaobhaithe, mar atá de thuras na huaire, an iontaobhais le chéile, agus is é dáta na hoidhreachta sin gach dáta inmhuirearaithe den sórt sin.

(2) (a) Más rud é—

(i) faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go raibh maoin faoi réir iontaobhais lánroghnaigh roimh dháta inmhuirearaithe,

(ii) nach bhfuil an mhaoin sin, ar an dáta inmhuirearaithe sin, faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh sin (ar iontaobhas lánroghnach inmhuirearaithe é an dáta sin) toisc gurb é atá sa mhaoin sin ar an dáta sin maoin a bhfuil, de thuras na huaire, teideal tairbhiúil ag duine chuici ar leas seilbhe, agus

(iii) gur maoin í an mhaoin, ar an dáta inmhuirearaithe sin, atá teorannaithe le teacht faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe sin arís, nó a thiocfaidh faoina réir trí chumhacht cúlghairme a fheidhmiú,

measfar an mhaoin sin a bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe sin ar an dáta inmhuirearaithe más leas é an leas seilbhe sin atá inchúlghairthe nó atá teorannaithe le foirceannadh ar theagmhas tarlú, seachas—

(I) ar bhás an duine sin, nó

(II) ar thréimhse shonraithe a bheith caite, i gcás ina nglacann an duine sin an leas sin faoi chumhacht ceapacháin atá sa diúscairt sin agus ar leas é, tráth a cheaptha, ar feadh tréimhse cinnte cúig bliana nó níos mó.

(b) San fho-alt seo, folaíonn “maoin” maoin in ionannas leis an maoin sin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní maoin leas feifeach go dtí go dtarlóidh teagmhas a fhágfaidh go scoirfidh an leas de bheith ina leas feifeach nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis;

(b) ní maoin leas i bpolasaí árachais ar shaol duine go dtí, agus ansin sa mhéid amháin, go dtiocfaidh an leas chun bheith ina leas seilbhe faoi fhorálacha alt 32 den Phríomh-Acht nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis an alt seo i ndáil le maoin atá faoi réir iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe ar dháta inmhuirearaithe má tá an mhaoin sin, nó maoin in ionannas leis an maoin sin, faoi réir muirir cánach a éiríonn faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna, de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 , an dáta céanna sin nó laistigh den bhliain roimh an dáta sin.

Feidhm an Phríomh-Achta.

104. —I ndáil le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103—

(a) déanfar tagairt in alt 16 den Phríomh-Acht do chuideachta faoi rialú an chomharba a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta atá faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, iontaobhaithe an iontaobhais lánroghnaigh, cuspóirí beo an iontaobhais lánroghnaigh, gaolta na gcuspóirí sin, agus ainmnithigh de chuid na n-iontaobhaithe nó na gcuspóirí sin nó de chuid ghaolta na gcuspóirí sin;

(b)  (i) faoi réir fhorálacha fhomhír (ii), is é dáta luachála na hoidhreachta inchánach an dáta inmhuirearaithe iomchuí;

(ii) más rud é—

(I) go n-éireoidh muirear cánach ar dháta áirithe de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 , is bun le hoidhreacht inchánach (dá ngairtear an chéad oidhreacht inchánach san fhomhír seo),

(II) go n-éireoidh muirear cánach, ar dháta is déanaí, faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna de bharr fhorálacha alt 103 is bun le hoidhreacht inchánach (dá ngairtear an dara hoidhreacht inchánach san fhomhír seo) arb é atá inti an mhaoin chéanna nó maoin in ionannas leis an maoin chéanna, agus

(III) gur dáta i ndiaidh dáta inmhuirearaithe an dara hoidhreacht inchánach dáta luachála na chéad oidhreachta inchánach,

is é a bheidh mar dháta luachála ag an dara hoidhreacht inchánach an dáta céanna le dáta luachála na chéad oidhreachta inchánach;

(c) aon duine is iontaobhaí don iontaobhas lánroghnach áirithe de thuras na huaire ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta eile ina dhiaidh sin is duine é a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach;

(d) aon chuspóir don iontaobhas lánroghnach áirithe a ndéanfar aon chuid den mhaoin atá faoi réir an iontaobhais a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, beidh an duine sin cuntasach chomh maith in íoc na cánach ar éirigh an muirear ina leith roimh dháta na maoine a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, agus beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, ina fheidhm maidir leis an muirear cánach sin, ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) den Phríomh-Acht an cuspóir sin don iontaobhas lánroghnach;

(e) aon duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta luachála nó tar éis dháta rite an Achta seo, cibé dáta acu is déanaí—

(i) tuairisceán iomlán ceart a sheachadadh ar na Coimisinéirí—

(I) maidir le gach oidhreacht a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh inti;

(II) maidir leis an maoin go léir san oidhreacht sin; agus

(III) maidir le meastachán de mhargadhluach na maoine sin;

(ii) d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, measúnacht a dhéanamh ar cibé méid cánach ba chóir, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an dáta luachála sin; agus

(iii) méid na cánach sin a íoc le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí;

(f) beidh éifeacht le forálacha alt 41 den Phríomh-Acht, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta maidir le haon mhuirear cánach den chineál a dúradh a d'éirigh roimh dháta rite an Achta seo, ionann is dá mba thagairtí do dháta rite an Achta seo, nó don dáta luachála, cibé dáta acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt sin;

agus

(g) ní bheidh feidhm ag alt 21, fo-alt (1) d'alt 35, fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 36 ná ag ailt 40, 43, 45 agus 57 den Phríomh-Acht ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Díolúintí.

105. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 103 i ndáil le hiontaobhas lánroghnach dá dtagraítear in alt 108 den Acht Airgeadais, 1984 , ná i leith na maoine nó na hoidhreachta dá dtagraítear in alt 65 den Acht Airgeadais, 1985 .

Cáin a ríomh.

106. —Déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin de bharr fhorálacha alt 103 a ríomh de réir ráta aon faoin gcéad den luach inchánach sin.

Luachanna ar a gcomhaontófar.

107. —(1) Más rud é—

(a) faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go n-éireoidh muirear cánach de bharr fhorálacha alt 103 ar dháta inmhuirearaithe (dá ngairtear an chéad dáta inmhuirearaithe san alt seo),

(b) go mbeidh duine cuntasach tar éis an fhaisnéis go léir a thabhairt is gá chun a chumasú do na Coimisinéirí margadhluach—

(i) maoine réadaí, nó

(ii) scaireanna nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh,

a fhionnadh, is maoin nó scaireanna atá ar áireamh san oidhreacht inchánach a ghlactar amhlaidh ar dháta luachála na hoidhreachta inchánach sin,

(c) de bhun iarratais i scríbhinn chun na gCoimisinéirí chuige sin, go gcomhaontóidh an duine sin agus na Coimisinéirí ar mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin,

(d) faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna, go n-éireoidh muirear cánach, de bharr fhorálacha alt 103, ar ceachtar den dá dháta inmhuirearaithe, nó orthu araon, sna blianta díreach i ndiaidh na bliana ina raibh an chéad dáta inmhuirearaithe (dá ngairtear na dátaí inmhuirearaithe iardain san alt seo), agus

(e) go mbeidh an mhaoin chéanna amhail mar atá ag fomhír (i) nó (ii) de mhír (b) ar áireamh sna hoidhreachtaí inchánach a ghlactar amhlaidh ar na dátaí inmhuirearaithe iardain,

measfar, chun críocha na Coda seo, gurb é an luach ar a gcomhaontófar amhlaidh margadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin agus ar dhátaí luachála na n-oidhreachtaí inchánach a ghlactar amhlaidh ar na dátaí inmhuirearaithe iardain.

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní bheidh an margadhluach ar a gcomhaontófar amhlaidh ina cheangal—

(a) in aon chás ina mainneofar fíorais ábhartha a nochtadh i ndáil le haon chuid den mhaoin atá ar áireamh sna hoidhreachtaí inchánach a ghlactar ar an gcéad dáta inmhuirearaithe nó ar na dátaí inmhuirearaithe iardain, nó

(b) más rud é, tráth ar bith i ndiaidh an chéad dáta inmhuirearaithe agus roimh an tríú dáta de na dátaí inmhuirearaithe sin—

(i) i gcás maoine réadaí, go mbeidh aon athrú ar an tionacht faoina sealbhaítear nó faoina ligtear an mhaoin, nó

(ii) i gcás scaireanna, go mbeidh aon athrú ar chaipiteal na cuideachta lena mbaineann nó ar úinéireacht an chaipitil sin nó ar chearta na scairshealbhóirí inter se, nó

(c) más rud é, tráth ar bith i ndiaidh an chéad dáta inmhuirearaithe agus roimh an tríú dáta de na dátaí inmhuirearaithe sin—

(i) i gcás maoine réadaí, go dtarlaíonn athrú ar bith a dhéanann difear don mhaoin sin nó d'aon mhaoin eile agus a thabharfadh méadú nó laghdú ábhartha ar an margadhluach de bhreis ar aon mhéadú nó laghdú a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth murach gur tharla an t-athrú sin, nó

(ii) i gcás scaireanna, go dtarlaíonn aon athrú ábhartha ar shócmhainní na cuideachta nó ar mhargadhluach na sócmhainní sin de bhreis ar aon athrú a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth,

agus i gcásanna den sórt sin féadfaidh na Coimisinéirí margadhluach na maoine réadaí, nó na scaireanna, a fhionnadh arís i gcás gach dáta de na dátaí inmhuirearaithe iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás aon athrú dá dtagraítear i mír (c), nach bhféadfaidh na Coimisinéirí an margadhluach a fhionnadh arís ach amháin ar iarraidh ón duine atá cuntasach go príomha in íoc na cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103 ar an dáta luachála iomchuí sin.

(3) Ní bheidh aon chomhaontú faoin alt seo ina cheangal ach amháin ar na daoine atá cuntasach, iontu féin, in íoc na cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103 ar an gcéad dáta inmhuirearaithe agus ar na dátaí inmhuirearaithe iardain.

Pionós.

108. —Aon duine a sháróidh aon cheanglas faoi mhír (e) d'alt 104, nó a mhainneoidh déanamh dá réir, dlífear—

(a) pionós £1,000, nó

(b) pionós is ionann agus dhá oiread méid na cánach is iníoctha i leith na hoidhreachta inchánach lena mbaineann an tuairisceán,

cibé acu is lú, a ghearradh air.