|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Cáin Bhreisluacha | |
[EN] |
Léiriú (Cuid III). |
79. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht. |
80. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “coisbheart”: |
[EN] | “ciallaíonn ‘saorphort’ an talamh a ndearbhaítear gur saorphort é, chun críocha an Achta Saorphort, 1986 ( Uimh. 6 de 1986 ), le hordú faoi alt 2 den Acht sin;”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht. |
81. —Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) I gcás ina bhfaighidh duine seirbhís, seachas seirbhís a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, chun críocha a ghnó agus gurb amhlaidh do na himthosca nach bhfuil cáin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 77/388/CEE1 ó Chomhairle an Chomhphobail iníoctha ar an soláthar nó, más iníoctha í, go bhfuil sí, de réir dhlíthe na tíre ina bhfuil foras an tsoláthróra, inaisíoctha leis an duine nó inasbhainte aige, measfar, chun críocha an Achta seo, gurbh é an duine sin é féin a sholáthair an tseirbhís ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó agus dlífidh sé cáin a íoc ar an soláthar ach amháin i gcás ina mbeadh an cháin sin, dá mba inmhuirearaithe í, inasbhainte go hiomlán faoi alt 12.”, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (6)— | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
[EN] | “(d) I ndaingniú na bhforálacha atá sna Rialacháin Cánach Breisluacha (Ionad Soláthair Seirbhísí Áirithe), 1985 (I.R. Uimh. 343 de 1985), rialacháin a chúlghairtear leis seo, measfar gurb é an áit a soláthraítear seirbhísí, arb é atá iontu fruiliú earraí sochorraithe ag duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras, an áit ina bhfuil nó ina mbeidh na hearraí sochorraithe á n-úsáid go héifeachtach.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e): | |
[EN] | “(e) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an áit a soláthraítear seirbhísí d'aon tuairisc a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, cé is moite de sheirbhísí den tuairisc a shonraítear i mír (ia) den Sceideal sin arna soláthar ag duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras,— | |
[EN] | (i) i gcás ina bhfaighidh duine iad, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá ghnáth-áit chónaithe, an áit a gcónaíonn sé de ghnáth, | |
[EN] | (ii) i gcás ina bhfaighidh duine iad, chun críocha aon ghnó a sheolann sé, agus— | |
[EN] | (I) gur duine é ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras agus nach bhfuil foras aige sa Chomhphobal chomh maith, nó | |
[EN] | (II) gur duine é ar laistigh den Chomhphobal dá fhoras ach nach sa tír ina measfaí, ar leith ón bhfomhír seo, na seirbhísí a bheith á soláthar dá fhoras nó, má tá breis agus foras amháin aige, dá phríomhfhoras, | |
[EN] | an áit a bhfuil a fhoras aige nó, má tá breis agus foras amháin aige, an foras dá chuid ar ann is dírí, nó ar chun a chríocha is dírí, a úsáidtear nó a úsáidfear na seirbhísí, de réir mar a bheidh, | |
[EN] | (iii) i gcás ina bhfaighidh duine iad chun críocha aon ghnó a sheolann sé, is duine a bhfuil cónaí air sa Chomhphobal agus nach bhfuil aon fhoras aige áit ar bith, an áit a gcónaíonn sé de ghnáth, | |
[EN] | (iv) i gcás ina bhfaighidh Roinn Stáit, údarás áitiúil nó comhlacht a bunaíodh le reacht iad agus— | |
[EN] | (I) gur duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras, agus nach bhfuil foras aige sa Chomhphobal chomh maith, a sholáthraíonn iad, nó | |
[EN] | (II) gur duine ar i mBallstát eile de chuid an Chomhphobail dá fhoras a sholáthraíonn iad in imthosca a fhágann nach bhfuil cáin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 77/388/CEE ó Chomhairle an Chomhphobail iníoctha sa Bhallstát sin i leith an tsoláthair, | |
[EN] | an Stát, | |
(v) in aon chás eile, an áit a shonraítear i bhfo-alt (5) agus is iomchuí do na himthosca.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht. |
82. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht trí “, (iii) nó (iv)” a chur isteach i ndiaidh “alt 5 (6) (e) (ii)” i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978). |
[EN] |
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht. |
83. —Leasaítear leis seo alt 11 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (i) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “23 faoin gcéad” i mír (a), agus | |
[EN] | (ii) trí “2.4 faoin gcéad” a chur in ionad “2.2 faoin gcéad” i mír (d), | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (4A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), trí “alt 11 (1) (c)” a chur in ionad “alt 11 (1) (a)”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cánach a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht. |
84. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978): | |
[EN] | “(dd) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 5 (3A), i leith seirbhísí a fuair sé,” | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2) trí “, ach faoi réir alt 20 (1A)” a chur isteach i ndiaidh “alt 20 (1)”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht. |
85. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.4 faoin gcéad” a chur in ionad “2.2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1985). |
[EN] |
Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht. |
86. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): |
[EN] | “(1A) (a) Aon sonrasc nó doiciméad eile a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo measfar, faoi réir mhír (b), é a bheith eisithe amhlaidh má dhéantar na sonraí a cheanglaítear le rialacháin a bheith ar áireamh sa sonrasc nó sa doiciméad eile sin, de réir mar a bheidh, a thaifeadadh agus a choinneáil i gcóras sonra-phróiseála leictreonach agus a thraiseoladh trí mheán leictreonach gan aon sonrasc nó doiciméad eile a eisiúint. | |
[EN] | (b) Aon sonrasc nó doiciméad eile a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo ní mheasfar, faoi mhír (a), é a bheith eisithe mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim mí ar a laghad roimh ré ag an duine ar a gceanglaítear an sonrasc nó an doiciméad eile sin, de réir mar a bheidh, a eisiúint, á rá go mbeartaíonn sé cibé taifid a choimeád agus a choinneáil agus cibé traiseoltaí a dhéanamh dá dtagraítear sa mhír sin, agus mura gcomhlíonfaidh sé cibé ceanglais eile a bheidh sonraithe le rialacháin. | |
[EN] | (c) Aon duine a gheobhaidh na traiseoltaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) ní mheasfar sonrasc nó doiciméad eile, de réir mar a bheidh, a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo, a bheith eisithe chuige mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige do na Coimisinéirí Ioncaim mí ar a laghad roimh ré á rá go mbeartaíonn sé na traiseoltaí sin a fháil, agus mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha eile a bheidh sonraithe le rialacháin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht. |
87. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) trí “Faoi réir fho-alt (1A), más rud é” a chur in ionad “Más rud é” i bhfo-alt (1), | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc na cánach go léir, nó aon chuid den cháin, is inaisíoctha le haon duine inchánach faoi fho-alt (1), a chur siar i gcás inar deimhin leo go bhfuil gníomhaíochtaí gnó an duine inchánach sin chomh hidircheangailte sin le gníomhaíochtaí gnó duine nó daoine inchánach eile go mbeadh sé fóirsteanach forálacha alt 8 (8) a chur i bhfeidhm i ndáil leis na daoine inchánach go léir atá i gceist, dá mbeadh an iarraidh a shonraítear san alt sin déanta, agus mura mbeidh an duine inchánach eile, nó aon duine de na daoine inchánach eile, tar éis na tuairisceáin go léir a thabhairt agus na méideanna cánach go léir a íoc, dá dtagraítear in alt 19 (3).”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht. |
88. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) i mír (h), trí “nó sonraí taifeadta eile” a chur isteach i ndiaidh “tacaíochta”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i): | |
[EN] | “(i) foirm an tsonraisc, an nóta sochair, an nóta dochair agus an dearbháin socraíochta, lena n-áirítear an fhoirm leictreonach, a cheanglaítear a úsáid chun críocha an Achta seo, na sonraí a cheanglaítear a chur isteach sna doiciméid sin nó a thaifeadadh go leictreonach agus an tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear na doiciméid nó na sonraí leictreonacha sin a eisiúint nó a thraiseoladh agus cibé coinníollacha eile i ndáil le sonrasc, nóta sochair, nóta dochair agus dearbhán socraíochta a eisiúint nó a fháil, i bhfoirm ar bith, a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim;”. | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
89. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii): |
[EN] | “(iiia) soláthar seirbhísí de chineál déidliachta, agus soláthar fiacla bréige nó próistéiteas eile, ag teicneoirí déidliachta;”. | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
90. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) i mír (i)— | |
[EN] | (i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-mhír (a): | |
[EN] | “(aa) ag duine cláraithe laistigh de shaorphort do dhuine cláraithe eile laistigh de shaorphort,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) trí “nó laistigh de shaorphort” a chur isteach i bhfomhír (b) i ndiaidh “aerfort neamhchustam” sa dara háit ina bhfuil sé sin, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i mír (xii)— | |
[EN] | (i) trí “, cé is moite den soláthar a shonraítear i mír (xic) den Séú Sceideal ar an gcéanna” a chur isteach i ndiaidh “bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine”, | |
[EN] | agus | |
(ii) trí “, sliseoga prátaí” a scriosadh as fomhír (e). | ||
[EN] |
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
91. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x): | |
[EN] | “(x) (a) nuachtáin, a fhoilsítear go laethúil de ghnáth, arb é atá go hiomlán nó go formhór in ábhar gach eagráin, ó thaobh méid an ábhair chlóite iontu, faisnéis faoi na príomhchúrsaí reatha agus nithe is díol spéise don phobal i gcoitinne, | |
[EN] | (b) nuachtáin, a fhoilsítear de ghnáth uair sa choicís ar a laghad, a bhfuil raon agus cineál na n-ábhar iontu ar aon dul le haon nuachtán de chineál a shonraítear i bhfomhír (a) agus a bhfuil a leagan amach freisin ar aon dul le haon nuachtán a fhoilsítear sa Stát agus is de chineál a shonraítear i bhfomhír (a);”, | |
[EN] | (b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xi): | |
[EN] | “(xia) soláthar bia agus dí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal i bhfoirm atá oiriúnach lena chaitheamh ag daoine gan a thuilleadh ullmhúcháin— | |
[EN] | (a) le meaisín díola, | |
[EN] | (b) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó | |
[EN] | (c) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun an bia nó an deoch a sholáthraítear a chaitheamh; | |
[EN] | (xib) soláthar earraí, le linn béile a bheith á chur ar fáil, is earraí de chineál a shonraítear i bhfomhír (c), (d) nó (e) de mhír (xii) den Dara Sceideal, agus súnna torthaí seachas súnna torthaí is inchurtha faoi dhleacht máil— | |
[EN] | (a) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó | |
[EN] | (b) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun an bia nó an deoch a sholáthraítear a chaitheamh; | |
[EN] | (xic) soláthar bia agus dí (seachas deochanna a shonraítear i bhfomhír (a) nó (b) de mhír (xii) den Dara Sceideal) arb é atá ann, nó ar cuid de, bia nó deoch— | |
[EN] | (a) atá téite chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta, nó | |
[EN] | (b) a coinníodh te tar éis cócaireachta chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta, nó | |
[EN] | (c) a sholáthraítear, agus é fós bogthe tar éis cócaireachta, chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta, | |
[EN] | agus atá os cionn teocht aeir na timpeallachta tráth an tsoláthair; | |
[EN] | (xid) taibhithe cineamatagrafacha a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu; | |
[EN] | (xie) taibhithe beo amharclainne nó ceoil a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), agus | |
[EN] | (b) taibhithe a shonraítear i mír (viii) den Chéad Sceideal; | |
[EN] | (xif) seirbhísí siamsaíochta, seachas damhsaí lena mbaineann alt 11 (7) agus sorcais, arna gcur ar fáil i bpáirceanna aonaigh ag fir seó taistil i gcás, in aon chás aírithe, nach mó ná 19 lá as a chéile an tréimhse iomlán a chaitear in aon ionad amháin i ndáil le sraith taibhithe i ndiaidh a chéile agus go mbeidh mí amháin ar a laghad caite sula seolfar an chéad taibhiú eile san ionad céanna;”, | |
[EN] | (c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xii): | |
[EN] | “(xiia) seirbhísí arb é atá iontu — | |
[EN] | (a) deisiú nó cothabháil earraí sochorraithe, nó | |
[EN] | (b) athchóiriú earraí athláimhe sochorraithe, | |
[EN] | seachas aon seirbhísí den sórt sin a shonraítear i mír (v) nó (xvi) den Dara Sceideal, | |
[EN] | ach gan soláthar na nithe seo a leanas i gcúrsa aon seirbhíse deisithe, cothabhála nó athchóiriúcháin den sórt sin a áireamh, eadhon— | |
[EN] | (I) gabhálais, aidhlicí nó batairí, nó | |
[EN] | (II) boinn, cásanna boinn, tráchtanna boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál; | |
[EN] | (xiib) seirbhísí arb é atá iontu obair ar earraí dochorraithe, seachas seirbhísí arb é atá iontu obair den chineál a shonraítear i mír (xiv) agus seirbhísí a shonraítear i mír (iii); | |
[EN] | (xiic) seirbhísí arb éard iad aire do chorp an duine, gan na seirbhísí sin a shonraítear sa Chéad Sceideal a áireamh, ach lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraítear i gcúrsa gnó stiúideó sláinte nó gnó dá shamhail;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) trí mhír (xiii) a scriosadh. | |