An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

62. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Táirgí tobac.

63. —(1) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1985 .

Leann úll agus leann piorraí.

64. —(1) Sa Séú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 , arna leasú le halt 28 den Acht Airgeadais, 1985 .

(3) Déanfar mír 8 d'Ordú 1975 a leasú, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1986, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo ar leann úll agus leann piorraí a allmhairítear isteach sa Stát, a cheadú go ndéanfar íoc na dleachta sin a chur siar go dtí lá nach déanaí ná an lá deiridh den chéad mhí eile i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht sin.”.

Hidreacarbóin.

65. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1986” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 281) (Hidreacarbóin), 1986 (I.R. Uimh. 3 de 1986 ).

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £27.37 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) d'Ordú 1986.

(3) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £21.09 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (2) d'Ordú 1986.

Biotáille.

66. —(1) Sa Seachtú Sceideal ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 270) (Biotáille), 1984 (I.R. Uimh. 252 de 1984).

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, ná chun dochar nó difear a dhéanamh don dleacht máil sin.

(4) Le héifeacht ar an 1ú lá d'Iúil, 1986, nó dá éis, ní dhéanfar—

(a) an dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a luaitear i bhfo-alt (3), agus

(b) an dleacht máil bhreise ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (4) d'Ordú 1975,

a mhuirearú ná a thobhach.

Beoir.

67. —(1) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 258) (Beoir) (Uimh. 2), 1982 (I.R. Uimh. 37 de 1982), déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £149.347, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1984 .

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 271) (Beoir), 1984 (I.R. Uimh. 352 de 1984) déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £149.347 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

(3) Na forálacha d'alt 6 den Finance Act, 1914 (Session 2), a bhaineann le haistarraingt a íoc ar bheoir ar ar íocadh dleacht agus a thaisctear i stóras lena honnmhairiú nó lena loingsiú mar stóir, beidh feidhm acu maidir le beoir ar ar íocadh dleacht agus atá á taisceadh i stóras lena húsáid i monarú táirge (nach beoir) lena honnmhairiú.

Fíon agus fíon déanta.

68. —(1) San Ochtú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar na dleachtanna máil ar fhíon agus ar fhíon déanta a fhorchuirtear le míreanna 5 (2) agus 6 (2), faoi seach, d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II, faoi seach, den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 .

Uiscí boird.

69. —(1) Déanfar an lacáiste ar dhleacht máil dá bhforáiltear le mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1980 (a cuireadh isteach le halt 37 (2) den Acht Airgeadais, 1981 ) a ríomh, maidir le huiscí boird ar ar íocadh dleacht sna blianta a shonraítear anseo ina dhiaidh seo, ar an modh seo a leanas in ionad é a ríomh ar an modh a shonraítear sa mhír sin (a):

An Ráta Lacáiste

Más rud é, maidir leis an gcainníocht a mhonaraigh monaróir i ngach áitreabh ina monaraíonn sé uiscí boird ar ar íoc sé dleacht—

(a) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1986, nach mó ná 40,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di.

gur mó ná 40,000 galún ach nach mó ná 80,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún

den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún eile.

gur mó ná 80,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún ina dhiaidh sin.

(b) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1987, nach mó ná 40,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di

gur mó ná 40,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún.

(c) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1988, nach mó ná 20,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di.

gur mó ná 20,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún.

(2) Ní lamhálfar aon lacáiste ar dhleacht máil faoi mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1980 (a cuireadh isteach le halt 37 (2) den Acht Airgeadais, 1981 ), maidir le huiscí boird ar ar íocadh dleacht, an 1ú lá de Mhárta, 1989, nó dá éis.

(3) Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1981 ) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, de réir £0.36 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1980 .

(4) Leasaítear leis seo mír 9 (3) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) (b) den Acht Airgeadais, 1981 ), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (c) agus (d):

“(c) anraithí agus bratanna,

(d) súnna torthaí agus glasraí nach mbeidh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a gcáil bhunaidh caillte acu trí uisce nó substaintí eile a chur leo lena milsiú, lena leasú nó le haghaidh críocha eile, agus

(e) an bainne ionaid ar a dtugtar bainne soighe de ghnáth (ar táirge é a fhaigheann a shaincháil ó phróitéin pónaire soighe) bíodh nó ná bíodh sé milsithe ach gan aon ábhar blaisithe eile a bheith curtha leis.”.

Liúntais áirithe maidir le biotáille, lasáin agus eastóscán nicitín agus tobac do scor.

70. —(1) Ní bheidh aon liúntas iníoctha an 1ú lá d'Iúil, 1986, nó dá éis—

(a) maidir le biotáille, faoi alt 3 den Customs and Inland Revenue Act, 1885, alt 6 den Finance Act, 1895, agus ailt 1 agus 3 den Revenue Act, 1906, nó

(b) maidir le lasáin, faoi alt 3 (4) den Finance (New Duties) Act, 1916, agus Rialachán 16 de na Match Duty Regulations, 1928 (R. & O. R. Uimh. 74 de 1928), nó

(c) maidir le heastóscán nicitín nó tobac nó aon ullmhóid a n-úsáidtear eastóscán nicitín nó tobac mar chomhábhar le linn a monaraithe, faoi alt 11 (1) den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 .

(2) I gcás gur ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1986, nó roimhe, a tharla an teagmhas a rialódh íoc liúntais mura mbeadh fo-alt (1), beidh an liúntas sin iníoctha d'ainneoin an fho-ailt sin.

Feidhm alt 76 (6) den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le gach áitreabh nach oifig geallghlacadóireachta chláraithe.

71. —(1) San alt seo—

tá le “áitreabh” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Gheall-Chur, 1931 ;

ciallaíonn “clár” an clár d'oifigí geall-ghlacadóireachta a choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 .

(2) Amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, beidh feidhm agus éifeacht le forálacha fho-alt (6) d'alt 76 den Acht Airgeadais, 1984 (a bhfuil feidhm acu maidir le háitreabh a bhaintear den chlár faoi fho-alt (4) den alt sin) i ndáil le haon áitreabh nach bhfuil cláraithe sa chlár de thuras na huaire.

Marcáil fhorordaithe, etc., a bhaint as ola hidreacarbóin.

72. —(1) San alt seo—

tá le “ola hidreacarbóin” an bhrí a shanntar do “íle híodrocarbóin”, agus tá le “forordú” an bhrí a shanntar dó, le halt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , arna leasú;

folaíonn “talamh” aon déanmhas ar thalamh;

ciallaíonn “earraí toirmiscthe” aon innealra, gaireas, trealamh, soitheach, substaint nó ní eile atá nó a bhí á úsáid, nó a bheartaítear a úsáid, chun aon mharcáil fhorordaithe a bhaint as aon ola hidreacarbóin nó chun é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe in aon ola hidreacarbóin a aithint.

(2) Ní cead d'aon duine earraí toirmiscthe a choinneáil in aon áitreabh nó ar aon talamh.

(3) Ní dhéanfaidh aon duine déileáil go feasach in aon ola hidreacarbóin as ar baineadh aon mharcáil fhorordaithe nó inar cuireadh aon substaint chun é a dhéanamh deacair aon mharcáil fhorordaithe san ola hidreacarbóin sin a aithint.

(4) Aon duine a sháróidh forálacha fho-alt (2) nó (3) beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), agus dlífear aon earraí toirmiscthe agus aon ola hidreacarbóin a ndéantar an cion ina leith, agus aon ola hidreacarbóin a fuarthas, an tráth a rinneadh an cion, san áitreabh nó ar an talamh ar ann a rinneadh an cion, a fhorghéilleadh, agus aon mhodh iompair nó coimeádán nó aon ní eile a úsáideadh chun aon earraí toirmiscthe nó ola hidreacarbóin den sórt sin a iompar, a stóráil nó a cheilt, dlífear é a fhorghéilleadh freisin.

(5) Aon uair a chúisítear duine in aon imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar fho-alt (2) a shárú, agus gur duine é is úinéir nó áititheoir, de thuras na huaire, ar áitreabh nó talamh a bhfuarthas earraí toirmiscthe ann nó air, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh na hearraí toirmiscthe sin á gcoinneáil ag an duine sin san áitreabh sin nó ar an talamh sin (de réir mar a bheidh), de shárú ar an bhfo-alt sin.

(6) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh, nó déanta, ag an duine sin.

Cumhacht áitreabh a chuardach i ndáil le hola hidreacarbóin.

73. —(1) San alt seo forléireofar aon tagairt do dhéileáil in ola hidreacarbóin mar thagairt a fholaíonn tagairt d'ola hidreacarbóin a cheannach, a dhíol nó a stóráil nó d'aon idirbheart eile a dhéanamh i ndáil le hola hidreacarbóin.

(2) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, aon déileáil in ola hidreacarbóin, ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 d'Ordú 1975 a íoc, á déanamh ann nó ina gcoimeádtar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé ansin a cheangal ar aon duine na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile go léir a bhaineann le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus féadfaidh sé na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin a thógáil chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh.

(3) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal dlíthiúil leordhóthanach, déanamh de réir aon cheanglais faoin alt seo nó a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

Deireadh a theacht le dleachtanna máil ar bhoinn rubair agus ar cheadúnas monaróra boinn rubair.

74. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1935” an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 66), 1935 (R.& O.R. Uimh. 81 de 1935).

(2) Le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, scoirfidh forálacha mhír 5 d'Ordú 1935 d'éifeacht a bheith leo.

(3) Ní dhéanfar na dleachtanna máil ar bhoinn rubair a fhorchuirtear le—

(a) mír 6 d'Ordú 1935, agus

(b) mír 15 (3) d'Ordú 1975,

a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, nó dá éis.

Laghdú ar an dleacht máil ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí, agus deireadh a theacht léi.

75. —(1) Leasófar Ordú 1975, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, trí “5 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 34 den Acht Airgeadais, 1985 ) i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal ag uimhir thagartha 2.

(2) Ní dhéanfar an dleacht máil ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí a fhorchuirtear le mír 14 (3) d'Ordú 1975 a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, nó dá éis.

Mótarfheithiclí.

76. —Déanfar an dleacht máil ar mhótarfheithiclí earnáil A a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1986—

(i) sa mhéid gurb inmhuirearaithe í ar mhótarfheithiclí earnáil A ar mó ná 2012 ceintiméadar ciúbach toilleadh sorcórach a n-inneall, de réir méid is ionann agus 24.7 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, agus

(ii) sa mhéid gurb inmhuirearaithe í ar mhótarfheithiclí eile earnáil A, de réir méid is ionann agus 21.7 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe,

in ionad na rátaí a shonraítear i mír 5 (a) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 272) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí), 1984 (I.R. Uimh. 353 de 1984), arna leasú le mír 4 (b) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 279) (Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair) (Leasú), 1985 (I.R. Uimh. 267 de 1985).

Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

77. —Leasófar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1986, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 33 den Acht Airgeadais, 1985 ) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach     ...

£70

is mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£9.50 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 1,500 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,700 ceintiméadar

ciúbach     ...

£11 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 1,700 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,000 ceintiméadar

ciúbach     ...

£12 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£14 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 2,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£15 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

a thiomáintear le leictreachas ...     ...     ...

£70.”

Orduithe a dhaingniú.

78. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 267 de 1985

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 279) (Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair) (Leasú), 1985

I.R. Uimh. 304 de 1985

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 280) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1985

I.R. Uimh. 3 de 1986

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 281) (Hidreacarbóin), 1986.