An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Corparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta a Bhunú) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

5 1986

AN tACHT UM CHORPARÁID FORBARTHA NÁISIÚNTA, 1986

CUID III

Forálacha Maidir le Stiúrthóirí agus Foireann

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

22. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCorparáid—

(a) a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) a mheas, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , mar dhuine a toghadh chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

(2) I gcás ina ndéanfar duine a bheidh fostaithe ag an gCorparáid—

(a) a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) a mheas, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , mar dhuine a toghadh chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé ar iasacht air sin ó fhostaíocht na Corparáide agus ní íocfaidh an Chorparáid leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCorparáid, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa nó an tráth a mheasfar é amhlaidh mar dhuine a toghadh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) Duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag an gCorparáid.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an gCorparáid le haghaidh aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar scor nó ar bhás.

Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun bheith ina stiúrthóirí.

23. —I gcás duine—

(a) a breithníodh ina fhéimheach,

(b) a ciontaíodh in aon chion indíotáilte lenar bhain calaois nó mímhacántacht, cibé acu an i ndáil le cuideachta nó nach ea, nó

(c) atá faoi réir ordaithe faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

beidh sé dícháilithe chun bheith nó chun teacht chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

Aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach.

24. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae dílseacháin, ullmhóidh an Chorparáid, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh nó seirbhísigh de chuid na Corparáide is cuí léi, nó i leith na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Féadfaidh an Chorparáid, tráth ar bith, scéim lena leasófar nó lena gcúlgairfear scéim faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás scéim a chur faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.

(4) Déanfaidh an Chorparáid scéim a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(7) Ní dhéanfaidh an Chorparáid aon phinsean, aisce ná liúntas eile a dheonú ar shlí seachas de réir scéime faoin alt seo ar oifigeach nó seirbhíseach don Chorparáid d'eirí as, do scor nó d'fháil bháis.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Nochtadh leasa in infheistíochtaí, conarthaí, etc. a bheartaítear a dhéanamh.

25. —(1) Stiúrthóir ar an gCorparáid a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon tionscal nó fiontar ina mbeartaíonn an Chorparáid infheistiú nó dá mbeartaíonn sí cúnamh a thabhairt ar shlí eile, in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Chorparáid conradh a dhéanamh nó in aon chonradh a bheartaíonn an Chorparáid a dhéanamh—

(a) nochtfaidh sé do Bhord na Corparáide cad é an leas é ag an gcruinniú de Bhord na Corparáide ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an infheistíocht sin nó an dtabharfar an cúnamh sin nó an ndéanfar an conradh sin nó, i gcás nach mbeidh aon leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an infheistíocht, leis an gcúnamh nó leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéanfar an plé sin, agus

(c) ní vótálfaidh sé in aon chinneadh i ndáil leis an infheistíocht, leis an gcúnamh nó leis an gconradh sin.

(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a thaifeadadh i miontuairiscí na Corparáide.

(3) I gcás gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh stiúrthóir ar an gCorparáid déanamh de réir cheanglais fho-alt (1), féadfaidh sé, más cuí leis, an stiúrthóir sin a bhriseadh ó Bhord na Corparáide agus, má bhristear duine de bhun an fho-ailt seo, beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

Faisnéis a nochtadh.

26. —(1) Ní dhéanfaidh duine, gan toiliú Bhord na Corparáide, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh sé le linn dó dualgais mar chathaoirleach, stiúrthóir bainistíochta, stiúrthóir ar an gCorparáid, nó mar fhostaí de chuid na Corparáide nó sainchomhairleoir nó comhairleoir leis an gCorparáid, a chomhlíonadh.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Foireann na Corparáide.

27. —(1) Déanfaidh stiúrthóirí na Corparáide cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an gCorparáid ó am go ham a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Chorparáid.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chorparáid a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chorparáid ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Chorparáid lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCorparáid, agus sin, i gcás a stiúrthóra bainistíochta (cibé an stiúrthóir bain istíochta nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an gCorparáid ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, beidh aird ag an gCorparáid ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ar marthain de thuras na huaire, nó ar pholasaí Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar marthain amhlaidh, agus, mar bhreis ar an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Chorparáid de réir cibé ordachán maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.