An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Talamh nach nAistrítear leis an Acht seo) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Aisghairm Achtachán)

3 1986

ACHT NA gCANÁLACHA, 1986

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach

Alt 6.

1. (1) I gcás go mbeartóidh na Coimisinéirí aon talamh nó aon leas i dtalamh nó aon cheart thar talamh a fháil faoi alt 6, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun an Aire Airgeadais ar ordú faoin Sceideal seo á údarú dóibh an mhaoin a fháil go héigeantach agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí fógra forordaithe an iarratais a fhoilsiú i gceann amháin, nó níos mó, de na nuachtáin a scaiptear sa cheantar ina bhfuil an mhaoin agus seirbheálfaidh siad cóip den fhógra ar gach duine a ndealraíonn sé do na Coimisinéirí go bhfuil eastát nó leas sa mhaoin acu, a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(3) Folóidh an fógra foráil a chuirfidh in iúl do dhaoine ag a bhfuil eastát nó leas sa mhaoin go bhfuil ceart acu agóid i gcoinne ordú a dhéanamh a thaisceadh leis an Aire Airgeadais laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh na Coimisinéirí an t-iarratas agus sonrófar ann na hamanna agus na háiteanna ina bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a taisceadh de réir mhír 5 a iniúchadh.

(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais aon agóid i gcoinne an iarratais a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis ina leith.

2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid i gcoinne iarratas na gCoimisinéirí laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh na Coimisinéirí an t-iarratas nó i gcás go ndiúltóidh an tAire Airgeadais aon agóid den sórt sin, déanfaidh an tAire sin ordú á údarú do na Coimisinéirí an mhaoin a fháil go héigeantach de réir théarmaí a n-iarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a shonróidh sé.

3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh na Coimisinéirí, faoi réir na míre seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh atá le fáil nó an ceart atá le fáil a fheidhmiú.

(2) (a) Ní rachaidh na Coimisinéirí isteach ar aon talamh, ná ní ghlacfaidh siad seilbh ar aon talamh, faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt roimhré i scríbhinn don áititheoir go mbeartaíonn siad déanamh amhlaidh.

(b) Ní fheidhmeoidh na Coimisinéirí aon cheart faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt roimhré i scríbhinn d'áititheoir na talún, ar ina leith atá an ceart le feidhmiú, go mbeartaíonn siad déanamh amhlaidh.

4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh díríthe chuige ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh deireanach is eol a bheith aige.

(2) Más rud é, ar aon chúis, nach féidir an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chuig an duine ar dó é ar ceachtar slí acu seo a leanas:

(a) leis an tuairisc “áititheoir” gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh lena mbaineann an fógra.

5. (1) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh cainníocht agus cáilíocht na léarscáileanna agus na bpleananna leordhóthanach chun an talamh nó an ceart, a bheartaítear a fháil, a thaispeáint de réir scálaí sásúla.

(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme, agus áititheoiri na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith oiriúnach agus leanfaidh siad ar taisceadh amhlaidh ar feadh míosa ar a laghad agus beidh siad, fad a bheidh siad ar taisceadh amhlaidh, ar fáil lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog san iarnóin gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

6. (1) Cheal comhaontú, is faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a shocrófar méid an phraghais a íocfaidh na Coimisinéirí, as aon talamh a gheofar, leis na daoine leithleacha ag a bhfuil teideal chuige nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann nó méid an phraghais, as aon cheart a gheofar, leis na daoine leithleacha ag a bhfuil teideal chun na talún ar ina leith a fheidhmítear an ceart, nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas sin agus maidir le tíolacadh na talún nó an chirt a gheofar chuig na Coimisinéirí, agus chun críocha an fheidhmithe measfar gurb iad na Coimisinéirí tionscnóirí an ghnóthais.

7. Sa Sceideal seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.