|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA gCANÁLACHA, 1986) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach) |
ACHT NA gCANÁLACHA, 1986
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Talamh nach nAistrítear leis an Acht seo | |
1. An t-áitreabh ar a dtugtar uimhreacha 11 agus 12 Bell Bank, Cuan Shráid San Séamas i gcathair Bhaile Átha Cliath. | ||
2. An t-áitreabh ar a dtugtar uimhir 18 Droichead Rialto, An Cuarbhóthar Theas, i gcathair Bhaile Átha Cliath. | ||
3. An méid sin den limistéar atá tadhlach le Taiscumar na Rinne i gcathair Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil dath dearg air ar an léarscáil darb uimhir “1” arna taisceadh faoi alt 4. | ||
4. An méid sin den limistéar ar a dtugtar Duga Spionsair i gcathair Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil dath dearg air ar an léarscáil darb uimhir “2” arna taisceadh faoi alt 4. | ||
5. An méid sin den limistéar idir Droichead Bhéal an Átha, gar don Mhuileann gCearr, i gcontae na hIarmhí agus An Life ag an bPort Thuaidh i gcathair Bhaile Átha Cliath atá suite idir an t-iarnród agus an líne dhearg ar na léarscáileanna darb uimhir “3” arna dtaisceadh faoi alt 4. |