|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1986 | ||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT LUACHÁLA, 1986 | |||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1986 | ||||||||||||||||||||||
AN tACHT LUACHÁLA, 1986 | ||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LUACHÁLA. | ||
[4 Márta, 1986] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1852” an Valuation (Ireland) Act, 1852; | |||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1860” an Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860; | |||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |||||||||||||||
| [EN] | (2) Chun críocha na nAchtanna Luachála, ciallaíonn “gléasra”— | |||||||||||||||
| [EN] | (a) aon daingneán nó déanmhas a bheidh ceangailte nó daingnithe d'áitreabh, nó iomlánaithe le háitreabh, arb é atá ann aon mhuileann nó monarcha, nó foirgneamh arna thógáil nó arna úsáid chun aon chríche den sórt sin, ionas gur buan nó leathbhuan don daingneán nó don déanmhas sin, nó | |||||||||||||||
| [EN] | (b) aon daingneán nó déanmhas a bhfuil baint aige le háitreabh den sórt sin agus atá, cé gur saorsheasta dó, de mhéid, de mheáchan agus de dhéanamh a fhágfaidh buan nó leathbhuan é. | |||||||||||||||
| [EN] |
Leathnú ar Acht 1852. |
2. —Chun críocha Acht 1852, measfar, maidir le maoin a thagann faoi réim aon cheann de na hearnálacha de mhaoin dhocht a shonraí tear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1852 (arna chur isteach leis an Acht seo), gur oidhreachtáin inrátaithe í i dteannta na n-oidhreachtán sin a shonraítear in alt 12 den Acht sin. | ||||||||||||||
| [EN] |
An Sceideal a ghabhann le hAcht 1852. |
3. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1852 tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 48: | ||||||||||||||
| [EN] | “SCHEDULE | |||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Sceideal a ghabhann le hAcht 1852 (arna chur isteach leis an Acht seo) a leasú, agus féadfaidh sé, le hordú den sórt sin, earnáil de mhaoin dhocht a shonrófar san ordú a chur leis an Sceideal sin, nó an tuairisc ar aon earnáil den sórt sin a athrú. | |||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||||
| [EN] | (4) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |||||||||||||||
| [EN] |
Feidhm alt 11 d'Acht 1852. |
4. —Tá feidhm ag alt 11 d'Acht 1852 maidir leis na hearnálacha de mhaoin dhocht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna chur isteach leis an Acht seo) amhail is dá mba thionóntáin nó oidhreachtáin inrátaithe arna sonrú san alt sin maoin dhocht den sórt sin, agus déanfar an luacháil ar thionóntáin nó ar oidhreachtáin den sórt sin sa tslí a fhoráiltear leis an alt sin maidir le tithe agus foirgnimh. | ||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 11 d'Acht 1852. |
5. —(1) D'ainneoin alt 11 d'Acht 1852 féadfar, le linn luacháil ar thionóntán nó ar oidhreachtán inrátaithe a bheith á dhéanamh nó á athbhreithniú, méid na luachála a dhéanfaí, ar leith ón alt seo, a laghdú cibé méid is gá chun a chinntiú, a mhéid is indéanta le réasún, go mbeidh idir méid na luachála agus na luachálacha ar thionóntáin agus ar oidhreachtáin inrátaithe eile an coibhneas céanna atá idir glanluach bliantúil an tionóntáin nó an oidhreachtáin inrátaithe agus glanluachanna bliantúla na dtionóntán agus na n-oidhreachtán inrátaithe eile. | ||||||||||||||
| [EN] | (2) Gan dochar don mhéid sin roimhe seo déanfar, chun coibhneas den sórt sin a áirithiú, aird a thabhairt, a mhéid is indéanta le réasún, ar na luachálacha ar thionóntáin agus ar oidhreachtáin inrátaithe atá inchomórtais, agus a bhfuil feidhm den saghas céanna acu agus a ndearnadh nó ar athbhreithníodh a luachálacha laistigh de thréimhse neasach. | |||||||||||||||
| [EN] |
Leathnú ar alt 4 den Valuation (Ireland) Amendment Act, 1854. |
6. —Tá feidhm ag alt 4 den Valuation (Ireland) Amendment Act, 1854, maidir leis na hearnálacha de mhaoin dhocht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1852 (arna chur isteach leis an Acht seo) amhail is dá mbeadh an mhaoin dhocht sin ar áireamh i measc na dtionóntán nó na n-oidhreachtán a shonraítear san alt sin agus a n-athraíonn a luach bliantúil go minic. | ||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Acht 1860. |
7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 7 d'Acht 1860: | ||||||||||||||
| [EN] | “7.—(1) (a) In making the valuation of any mill or manufactory, or building erected or used for any such purpose, the Commissioner of Valuation shall in each case value the water or other motive power thereof, but shall not take into account the value of any machinery therein, save only such as shall be erected and used for the production of motive power. | |||||||||||||||
| [EN] | (b) For the purposes of this subsection, machinery erected and used for the production of motive power includes electrical power connections. | |||||||||||||||
| [EN] | (2) The Commissioner of Valuation shall value plant falling within any of the categories of plant specified in the Schedule to this Act (inserted by the Valuation Act, 1986). | |||||||||||||||
| [EN] | (3) In valuing plant referred to in subsection (2) of this section, the Commissioner of Valuation shall not take into consideration a part of any plant which moves (or is moved) mechanically or electrically, other than a telescopic container.”. | |||||||||||||||
| [EN] |
An Sceideal a ghabhann le hAcht 1860. |
8. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1860 tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15: | ||||||||||||||
| [EN] | “SCHEDULE | |||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Sceideal a ghabhann le hAcht 1860 (arna chur isteach leis an Acht seo) a leasú, agus féadfaidh sé, le hordú den sórt sin, earnáil de ghléasra a shonrófar san ordú a chur leis an Sceideal sin, nó an tuairisc ar aon earnáil den sórt sin a athrú. | |||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||||
| [EN] | (4) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
9. —(1) Féadfar an tAcht Luachála, 1986 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Luachála agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. |