An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Tobhach Ioncaim) Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Chorparáide)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

Caibidil III

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 550 (ús ar cháin thar téarma) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus measfar éifeacht a bheith leis riamh, ionann is dá gcuirfí “agus ag forálacha aon riail chúirte a bhaineann leis an gcéanna agus ag forálacha alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, agus ag ailt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,” roimh “feidhm” i bhfo-alt (4).

Leasú ar Chaibidil III (Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 .

13. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais. 1984—

(a) in alt 11 (1), sa mhíniú ar “comhlach”, trí “, ach amháin go ndéanfar an tagairt i mír (a) den alt sin do ghaol do rannpháirtí a eisiamh ón míniú sin” a chur isteach i ndiaidh “rannpháirtí”,

(b) in alt 12 (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás nach mbeidh an trádáil sin á seoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna—

(i) mura ndéanfaidh an chuideachta 80 faoin gcéad ar a laghad den airgead a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna a chaitheamh ar obair thaighde agus forbartha a bhaineann le seoladh na trádála agus a mbeifear ag gabháil di d'fhonn an trádáil a sheoladh, agus mura dtosóidh sí de bheith ag seoladh na trádála laistigh de thrí bliana i ndiaidh an ama sin,

(ii) mura dtosóidh an chuideachta thairis sin de bheith ag seoladh na trádála laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin.”,

(c) in alt 15, trí “agus in alt 26 (2),” a chur isteach i ndiaidh “san fho-alt seo” i mír (b) d'fho-alt (7),

(d) in alt 26—

(i) trí na habairtí seo a leanas a scriosadh as mír (b) d'fho-alt (1)—

(I) “gur corpraíodh sa Stát í agus”, agus

(II) i bhfomhír (ii), “go hiomlán nó go formhór sa Stát”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a), i bhfo-alt (2):

“(a) gur fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta cháilitheach an fhochuideachta;”,

agus

(e) in alt 27 (8), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (d) agus (e):

“(d) go bhfuil aon mhéideanna a gheofar ar mhodh díbhinní nó úis, faoi réir choimisiún i leith costas bainistí de réir ráta nach mó ná ráta a bheidh sonraithe sa ghníomhas iontaobhais faoinar bunaíodh an ciste, le híoc gan mhoill mhíchuí leis na rannpháirtithe,

(e) gur de réir ráta nach mó ná ráta a bheidh sonraithe sa ghníomhas iontaobhais faoinar bunaíodh an ciste a bheidh aon mhuirir a bheidh le gearradh ar mhodh costas bainistí nó costas eile i ndáil le bunú, reachtáil, síos-chéimniú nó foirceannadh an chiste,”,

agus tá an míniú sin ar “comhlach”, ar mhír sin (b) d'fho-alt (7) d'alt 15, agus an mhír sin (b) d'fho-alt (1) d'alt 26, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

tá le “comhlach” an bhrí chéanna, i ndáil le duine, atá leis de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le rannpháirtí, ach amháin go ndéanfar an tagairt i mír (a) den alt sin do ghaol do rannpháirtí a eisiamh ón míniú sin:

(b) San fho-alt seo agus in alt 26 (2), tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(b) maidir leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta, gur cuideachta í—

(i) a thagann faoi réim alt 15 (2) (a), nó

(ii) atá ann d'aontoisc chun aon trádáil nach bhfuil inti ach oibríocht amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas a sheoladh—

(I) earraí nó ábhair a cheannach lena n-úsáid ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid,

(II) earraí nó ábhair arna dtáirgeadh ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid a dhíol,

(III) seirbhísí a thabhairt don chuideachta cháilitheach nó d'fhochuideachtaí dá cuid nó seirbhísí a thabhairt thar a gceann.

Leasú ar alt 18 (brabúis ó áitiú talún áirithe) den Acht Airgeadais, 1969 .

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Acht Airgeadais, 1969

(a) maidir le cáin ioncaim don bhliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, agus

(b) maidir le cáin chorparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis,

tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (2):

“(b)   (i) chun úinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh sa Stát, ó staileáil láracha laistigh den Stát ag an stail a dhíol, nó chun páirt-úinéir staile den sórt sin ó staileáil den sórt sin, nó ó chearta staileála den sórt sin, a dhíol, nó

(ii) chun páirt-úinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh lasmuigh den Stát, ó staileáil láracha ag an stail, nó ó chearta staileála den sórt sin, a dhíol i gcás ina seolann an páirt-úinéir trádáil sa Stát arb éard í nó ar cuid di pórú stoic fholaíochta, agus go suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuarthas páirt-úinéireacht na staile go príomha, agus go sealbhaítear go príomha í, chun críocha staileála ag an stail ar láracha atá ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag páirt-úinéir na staile i gcúrsa na trádála sin, nó”.

(2) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le brabúis nó gnóchain a d'eascair roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985.

Leasú ar alt 21 (íocaíochtaí le hollscoileanna) den Acht Airgeadais, 1973 .

15. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1973 , maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 21:

“Íocaíochtaí le hollscoileanna agus le comhlachtaí ceadaithe eile.

21.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann trádáil nó gairm—

(a) aon suim a íoc—

(i) an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, le hollscoil Éireannach, nó

(ii) an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, le comhlacht ceadaithe,

chun a chur ar chumas na hollscoile nó an chomhlachta cheadaithe sin taighde a dhéanamh ar ábhair cheadaithe nó iad a theagasc, agus

(b) nach ioncam lena mbaineann alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an tsuim a íocadh amhlaidh,

déanfar an tsuim a íocadh amhlaidh, murab inasbhainte amhlaidh thairis sin í, a asbhaint mar chaiteachas le linn na brabúis nó na gnóchain as trádáil nó gairm an duine a bheith á ríomh.

(2) Chun críocha an ailt seo—

ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe'—

(a) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath,

(b) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach,

(c) an Coláiste Caidrimh Thionscail, Raghnallach, Baile Átha Cliath, nó

(d) aon cheann de na coláistí seo a leanas a bunaíodh faoi fhorálacha an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930

(i) coláistí is cuid d'Fhoras Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(ii) Coláiste Ealaíne, Tráchtála agus Teicneolaíochta Luimnigh, nó

(iii) coláistí teicniúla réigiúnacha;

ciallaíonn ‘ábhair cheadaithe'—

(a) caidreamh tionscail,

(b) margú, nó

(c) aon ábhar eile atá ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais.”.

Bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin.

16. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “Scéim Chearnmhír an Uachtaráin” an scéim dámhachtana ar a dtugtar “‘Gaisce'—Cearnmhír an Uachtaráin” a bunaíodh faoi choimirce Uachtarán na hÉireann le gníomhas iontaobhais dar dáta an 28ú lá de Mhárta, 1985.

(b) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid—

(i) a thabharfar an 5ú lá d'Aibreán, 1986, nó roimhe, d'iontaobhaithe Scéim Chearnmhír an Uachtaráin lena úsáid acu chun críocha na scéime sin, agus

(ii) nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) I gcás ina gcruthóidh duine go bhfuil bronntanas lena mbaineann an t-alt seo tugtha aige agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm le forálacha fho-alt (3) nó, de réir mar a bheidh, forálacha fho-alt (4).

(3) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (4), méid an bhronntanais a asbhaint ó aon ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim, de chuid an duine is ioncam ar ar inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin agus déanfar an cháin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin, de réir mar is gá; agus is dá réir sin a dhéanfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ioncam iomlán an fhearchéile, a ríomh:

Ar choinníoll nach ndéanfar faoiseamh faoin alt seo a thabhairt do dhuine do bhliain mheasúnachta—

(a) mura mó ná £100 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó

(b) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo measfar, chun críocha cánach corparáide, gurb éard é méid an bhronntanais sin caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta inar tugadh an bronntanas.

(b) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo do chuideachta maidir le bronntanas (nó maidir le méid comhiomlán bronntanas) a thug sí in aon tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo—

(i) mura mó ná £100 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas sin), nó

(ii) sa mhéid gur mó ná £10,000 méid an bhronntanais (nó méid comhiomlán na mbronntanas sin).

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1985” a chur in ionad “1984” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus

(b) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985 nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis.

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1985-86” a chur in ionad “1984-85” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1985” a chur in ionad “1984” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ).

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1985-86.

(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán. 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1985, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhs cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis.

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis:

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.

Leasú ar Chaibidil VIII (stocfhaoiseamh) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 .

18. —Leasaítear leis seo Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais. 1984—

(a) i bhfo-alt (3) d'alt 49, trí “1985” a chur in ionad “1984”, agus

(b) trí “nó 1985-86” a chur isteach i ndiaidh “1984-85” sa mhíniú ar “bliain iomchuí” in alt 51.

agus tá an fo-alt sin agus an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1985.

ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1984-85 nó 1985-86:

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

19. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1985-86 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 1981-82, faoi réir an mhodhnaithe maidir leis an ráta laghdaithe, arb éard a bheadh ann don bhliain 1985-86, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, gurb éard a bheidh ann, don bhliain sin, 80 faoin gcéad den ráta caighdeánach.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta, maidir leis an mbliain 1985-86, comhshocraíochtaí iomchuí a dhéanamh ach na comhshocraíochtaí sin a bheith modhnaithe, a mhéid a ordóidh an tAire Airgeadais, sa mhéid go mbaineann siad leis na suimeanna ar a mbeidh cáin le ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe.

(3) Aon mhéid in ionannas cánach ioncaim a bhfuil, faoi mheasún acht arna déanamh maidir le bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1985-86 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), cumann foirgníochta faoi dhliteanas cuntas a thabhairt ina thaobh agus é a íoc de bhua comhshocraíochtaí iomchuí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus an cumann maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, beidh sé iníoctha ina dhá thráthchuid chomhionanna mar a leanas—

(a) an chéad thráthchuid ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht, agus

(b) an dara tráthchuid ar an 1ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta sin nó, más déanaí é, ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht,

agus na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin a ghnóthú, beidh feidhm leo maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm leo maidir le méid iomlán na cánach.

(4) San alt seo—

tá le “cumann foirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “comhshocraíochtaí iomchuí” comhshocraíochtaí den chineál dá dtagraítear san alt sin 31.

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú.

20. —Gach ceann de na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo agus a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1988, an tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1985 (mar a fhoráiltear le halt 35 den Acht Airgeadais, 1984 ).

AN TÁBLA

Fo-alt (4) (d) d'alt 251 (liúntais tosaigh)

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla)

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)

Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais ar athfheistiú.

21. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “athfheistiú”, i ndáil le foirgneamh, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá:

(i) aon oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(ii) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú.

i gcás ina ndeimhneoidh an tAire Comhshaoil in aon deimhniú um chostas réasúnach arna thabhairt aige i ndáil le haon teach san fhoirgneamh, gur ghá na hoibreacha sin a dhéanamh nó na saoráidí sin a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go mbeadh aon teach san fhoirgneamh oiriúnach le bheith ina theaghais agus cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an líon tithe san fhoirgneamh, nó cruth nó méid aon tí den sórt sin, a athrú i gcúrsa an athfheistithe sin;

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ag athfheistiú foirgnimh shonraithe, seachas caiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear “aonad neamhchónaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) den fhoirgneamh arb amhlaidh di, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe, nach teach í; agus chun críocha an mhínithe seo, i gcás inarb inchurtha síos caiteachas don fhoirgneamh sonraithe i gcoitinne (agus nach inchurtha síos go díreach é d'aon teach ná aonad neamhchónaithe ar leith san fhoirgneamh, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe) is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;

ciallaíonn “foirgneamh sonraithe” foirgneamh a bhfuil, roimh an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí, dhá theach nó níos mó ann agus a bhfuil, ar an athfheistiú a bheith críochnaithe, dhá theach nó níos mó ann (cibé acu i dteannta aon aonaid neamhchónaithe nó nach ea).

(b) Déanfar an t-alt seo agus an príomh-alt a fhorléiriú le chéile.

(2) Maidir le caiteachas iomchuí beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, leis an bpríomh-alt agus le fo-ailt (2) go (4) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1983 , ionann is dá mbeadh an caiteachas iomchuí tabhaithe ag foirgniú an fhoirgnimh shonraithe lena mbaineann an caiteachas sin agus—

(a) sa phríomh-alt—

(i) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i mír (ii) den mhíniú ar “léas cáilitheach” do chostas iomchuí tí tagairt do mhargadhluach an tí ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí;

Ar choinníoll, i gcás teach is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, go measfar, chun críocha na míre seo, gurb é margadhluach an tí ar an dáta sin méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh,

(ii) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí sa mhír sin (ii) agus sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2), faoi seach, do phréimh nó, de réir mar a bheidh, do phréimh nó suim eile, tagairtí do phréimh, nó do phréimh nó suim eile, is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin é, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú sin a dhéanamh nó thairis sin, i ndáil lena dhéanamh,

(iii) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;”,

(iv) ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach”:

“(iv) atá, ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí (de réir bhrí alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 ) ligthe (nó, mura bhfuil sé ligthe ar an dáta sin, atá ligthe den chéad uair, gan é a bheith úsáidte i ndiaidh an dáta sin) go huile faoi léas cáilitheach agus atá fós dá éis sin á ligean faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha de neamhúsáid shealadach ón am a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin go gcuirfear tús le léas eile dá shórt);”,

(v) ionann is dá scriosfaí an míniú ar “costas iomchuí” agus fo-ailt (6) (b) agus (7) (b),

(vi) ionann is dá mbeadh éifeacht leis an míniú ar “tréimhse iomchuí” amhail is dá mba é a bhí sa tréimhse atá luaite sa mhíniú tréimhse deich mbliana dar tosach dáta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas nó, mura raibh an t-áitreabh ligthe faoi léas cáilitheach ar an dáta sin, an tréimhse deich mbliana dar tosach dáta an chéadligin den sórt sin tar éis an dáta críochnaithe sin,

(vii) ionann is dá mba é a bhí sa tagairt i bhfo-alt (1) (c) do dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach tagairt do dháta tosaigh na tréimhse iomchuí, i ndáil leis an áitreabh, arna chinneadh maidir leis an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí,

(viii) ionann is dá scriosfaí na tagairtí i bhfo-alt (3) do chostas iomchuí agus ionann is dá mba thagairtí do chaiteachas iomchuí na tagairtí ann do chaiteachas,

(ix) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí i bhfo-ailt (6) (a) agus (7) (a) don phraghas iomchuí a íocadh ar an díol tagairtí—

(I) don ghlanphraghas a íocadh ar an díol, nó

(II) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí le háireamh, chun críocha fho-alt (2) den alt sin, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, don mhéid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais sin,

(x) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí i bhfo-alt (7) (a) do theach a úsáid tagairtí don teach a úsáid tar éis don chaiteachas iomchuí a bheith tabhaithe,

(xi) ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (9) (a), “alt 5” a chur in ionad “alt 4”, agus

(xii) ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (11), “nó faoi alt 21 den Act Airgeadais, 1985” a chur isteach i ndiaidh “alt 24”,

agus

(b) i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) den alt sin 29, ionann is dá mba thagairtí do chaiteachas iomchuí tagairtí do chaiteachas lena mbaineann an t-alt sin.

(3) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le haon athfheistiú mura suífear go bhfuil cead pleanála, a mhéid is gá sin, i leith na hoibre a rinneadh i gcúrsa an athfheistithe tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó nach raibh gá le cead pleanála den sórt sin.

(4) Ní áireofar in aon chaiteachas a mbeidh teideal ag duine, de bhua an ailt seo, chun faoisimh faoin bpríomh-alt ina leith aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine chun asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach cé is moite den phríomh-alt.

(5) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha, nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

Leathnú ar fheidhm faoisimh i leith foirgnimh áirithe a athchóiriú.

22. —(1) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , agus alt 30 den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, chun teach a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid roimhe sin mar theaghais, amhail mar atá feidhm leo maidir le caiteachas arna thabhú chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú.

(2) Chun críocha alt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , agus alt 30 den Acht Airgeadais, 1983 , nó, de réir mar a bheidh, chun críocha na n-alt sin arna gcur chun feidhme le fo-alt (1), measfar go bhfolaíonn caiteachas arna thabhú ag athchóiriú foirgnimh caiteachas a thabhófar sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, i gcúrsa an athchóirithe, ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon, is é sin le rá:

(a) aon oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus

(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú,

i ndáil leis an bhfoirgneamh nó le haon fhotheach a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta, ach ní mheasfar go bhfolaíonn sé—

(i) aon chaiteachas a bhfuil teideal ag aon duine thairis sin chun asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, nó

(ii) aon chaiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear “aonad neamhchónaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) den fhoirgneamh arb amhlaidh di, ar an athchóiriú a bheith críochnaithe, nach teach í.

(3) Chun críocha mhír (ii) d'fho-alt (2) i gcás inarb inchurtha síos caiteachas d'fhoirgneamh i gcoitinne (agus nach inchurtha síos go díreach é d'aon teach ná aonad neamhchónaithe ar leith san fhoirgneamh, ar an athchóiriú a bheith críochnaithe), is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh.

(4) Chun na gcríoch a bhaineann le faoiseamh faoi alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , a chur i bhfeidhm, de bhua an ailt seo, maidir le haon chaiteachas, beidh éifeacht leis an alt sin ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;”.

(5) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha, nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.