An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Srianta le Cleachtadh na Fiaclóireachta) Ar Aghaidh (CUID VIII Ilghnéitheach)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID VII

Oibrithe Fiaclóireachta Cúnta

Aicmí oibrithe fiaclóireachta cúnta a chruthú.

53. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, scéim a dhéanamh chun aicmí oibrithe fiaclóireachta cúnta a bhunú is oibrithe a fhéadfaidh tabhairt faoi cibé aicme nó aicmí oibre fiaclóireachta a shonróidh an Chomhairle d'ainneoin gurb ionann obair den sórt sin a dhéanamh agus cleachtadh na fiaclóireachta de réir bhrí an Achta seo.

(2) Scéim a dhéanfaidh an Chomhairle faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) cinnfear léi an oiliúint agus na cáilíochtaí is gá chun bheith mar chomhalta d'aicme den sórt sin;

(b) cinnfear léi cineál na hoibre fiaclóireachta a bhféadfaidh comhalta d'aon aicme áirithe tabhairt fúithi agus na coinníollacha ar dá réir a fhéadfar tabhairt faoin obair sin;

(c) bunófar léi clár i leith gach aicme a bhunófar amhlaidh agus déanfar socrú léi maidir le hainm oibrí fiaclóireachta chúnta den aicme lena mbaineann an clár a thaifeadadh ann nó a bhaint de;

(d) sonrófar inti an teideal a fhéadfaidh comhaltaí d'aicme áirithe a úsáid chun a gcomhaltas den aicme sin a thaispeáint;

(e) cinnfear léi an táille a bheidh le muirearú chun duine a chlárú nó chun a ainm a choinneáil in aon chlár a bhunófar faoi mhír (c) den fho-alt seo.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, scéim a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Cinnfidh an Chomhairle cód chun caighdeáin iompair a chothabháil i measc aon aicme nó aicmí oibrithe fiaclóireachta cúnta a bhunófar faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) I gcás aon duine do mhainneachtain aon táille choinneála a íoc a chinnfidh an Chomhairle faoi fho-alt (2) (e) den alt seo, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh nach mbeidh éifeacht le clárú ainm an duine sin sa chlár go dtí go n-íocfar an táille.

(6) Ní dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoi fho-alt (5) den alt seo mura mbeidh an Chomhairle, dhá mhí ar a laghad roimhe sin, trí fhógra i scríbhinn arna sheoladh leis an bpost réamhíoctha chuig an duine ag a sheoladh mar a bheidh sé in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle faoin alt seo, tar éis a iarraidh níos mó ná uair amháin go n-íocfaí an táille.

(7) Aon chomhalta d'aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta arna bunú faoi scéim a dhéanfar faoin alt seo—

(a) a úsáidfidh teideal nach bhfuil údarás aige é a úsáid faoi fhorálacha scéime a dhéantar faoin alt seo, nó

(b) a úsáidfidh teideal nó tuairisc ba dhóigh, le réasún, a mhaífeadh go bhfuil aige stádas nó cáilíocht éigin i ndáil le fiaclóireacht seachas an stádas nó an cháilíocht atá aige iarbhír, nó

(c) a thabharfaidh faoi obair fhiaclóireachta nó a thabharfaidh le fios nó a chuirfidh in iúl, go díreach nó go hintuigthe, gur duine é a thugann faoi, nó atá toilteanach tabhairt faoi, obair fhiaclóireachta, is obair a bhféadfaidh aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta, arna bunú faoi scéim a dhéanfaidh an Chomhairle faoi fho-alt (1) den alt seo, tabhairt fúithi, gan bheith ina chomhalta den aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta sin,

beidh sé ciontach i gcion.

(8) Duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (7) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Srian le hoibrithe fiaclóireachta cúnta a fhostú.

54. —(1) Déanfaidh oibrí fiaclóireachta cúnta, le linn aon obair fhiaclóireachta a dhéanamh a bhféadfaidh an aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta, a bhfuil sé ina chomhalta di, tabhairt fúithi de réir scéime arna déanamh ag an gComhairle faoi alt 53 den Acht seo, aon choinníollacha a chomhlíonadh a shonróidh an Chomhairle faoi fho-alt (2) den alt sin maidir le hobair fhiaclóireachta den sórt sin a dhéanamh.

(2) Déanfar obair fhiaclóireachta a chuireann oibrí fiaclóireachta cúnta i gcrích de réir scéime arna déanamh ag an gComhairle faoi alt 53 den Acht seo a chur i gcrích faoi mhaoirseacht fiaclóra chláraithe agus ní chuirfear aon obair fhiaclóireachta den sórt sin i gcrích go dtí go mbeidh an fiaclóir cláraithe tar éis an t-othar a scrúdú agus a insint don oibrí fiaclóireachta cúnta cad é an cúrsa cóireála atá le soláthar don othar.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo maidir le hoibrí fiaclóireachta cúnta d'fheistiú, do chur isteach nó do shocrú fiacla saorga do dhaoine atá ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn, nó do thabhairt comhairle nó freastail do dhaoine den sórt sin chun na gcríoch sin de réir scéime a dhéanfaidh an Chomhairle faoi alt 53 den Acht seo: Ar choinníoll nach n-áirítear san obair sin aon obair ar fhiacla nádúrtha nó ar fhíochán beo.

Aicmí oibrithe fiaclóireachta cúnta a chruthú ar ordú ón Aire.

55. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, in aon chás ina measfaidh sé gurb inmhianaithe an rud é aicme áirithe oibrithe fiaclóireachta cúnta a bhunú, a ordú don Chomhairle na cumhachtaí a fheidhmiú a dhílsítear di faoi alt 53 den Acht seo chun scéim a dhéanamh le haghaidh aicme den sórt sin a bhunú agus, in aon chás ina measfaidh an tAire gurb inmhianaithe an rud é, féadfaidh sé, le hordú, a ordú don Chomhairle scéim a dhéanamh le haghaidh aicme áirithe a bhunú ar feadh tréimhse teoranta chun go bhféadfar breithniú a dhéanamh ar an tairbhe don phobal a ghabhann leis an aicme sin a bheith ann agus déanfaidh an Chomhairle de réir aon ordaithe den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(3) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.