An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Clárú) Ar Aghaidh (CUID V Feidhmiúlacht Chun Cleachtadh)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID IV

Oideachas agus Oiliúint

Dualgais na Comhairle i ndáil le hoideachas agus oiliúint.

34. —Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle na nithe seo a leanas a dheimhniú di féin ó am go ham—

(a) oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna fiaclóireachta a sholáthraíonn aon chomhlacht dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) na caighdeáin eolais theoiriciúil agus phraiticiúil agus an taithí chliniciúil is gá i scrúduithe le haghaidh buncháilíochtaí, agus

(c) leordhóthanacht agus oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna iarchéime a sholáthraíonn comhlachtaí dá dtugann an Chomhairle aitheantas chun críche sainoiliúna fiaclóireachta.

Feidhmeanna na Comhairle i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh oideachais agus oiliúna.

35. —(1) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint le haghaidh cáilíochta san fhiaclóireacht de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil leis an gcáilíocht sin.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint sa tsainfhiaclóireacht de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le hoideachas agus oiliúint den sórt sin.

Buncháilíochtaí.

36. —(1) Is iad na cáilíochtaí a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na buncháilíochtaí arna ndeonú sa Stát a thabharfaidh teideal do dhuine bheith cláraithe sa chlár.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, ar mholadh ón gComhairle, forálachta an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le rialacháin faoin alt seo.

Comhlachtaí oiliúna agus cáilíochtaí chun críocha an Chláir de Shaineolaithe Fiaclóireachta.

37. —(1) Féadfaidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, na speisialtachtaí a chinneadh dá dtabharfaidh sí aitheantas chun críche clárú saineolaithe faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle a shonrú, ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, cad iad teidil agus ainmniúcháin na gcáilíochtaí sa tsainfhiaclóireacht a dheonaítear sa Stát a d'fhéadfaí a éileamh chun a chumasú do dhuine é a chlárú sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta.

(3) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas sa Stát chun fianaise a thabhairt ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, aitheantas a tharraingt siar ó aon chomhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha aici faoi fho-alt (3) den alt seo.

(5) Beidh ar na speisialtachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas faoi fho-alt (1) den alt seo cibé speisialtachtaí a ainmneofar mar speisialtachtaí a bhaineann leis an Stát in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le sainfhiaclóireacht.