An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Clárú)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID II

An Chomhairle Fiaclóireachta

An Chomhairle Fiaclóireachta a bhunú.

6. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar An Chomhairle Fiaclóireachta, nó sa Bhéarla, the Dental Council (dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo) a mbeidh mar chúram ginearálta air oideachas gairmiúil agus iompar gairmiúil de chaighdéan ard a chur chun cinn i measc fiaclóirí, agus a chomhallfaidh, go háirithe, na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh, nó aon leas i dtalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil.

(4) Bainfidh an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an gComhairle.

Bord na bhFiaclóirí a dhíscaoileadh.

7. —(1) Beidh Bord na bhFiaclóirí arna dhíscaoileadh de bhua an fho-ailt seo an lá bunaithe.

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe do Bhord na bhFiaclóirí nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá cuid féin ag an gComhairle nó dílsithe di nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di (de réir mar is gá sa chás).

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm Bhord na bhFiaclóirí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an gComhairle á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Comhairle.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don Chomhairle fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite de Bhord na bhFiaclóirí agus gan íoc agus gan ghlanadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gComhairle agus íocfaidh agus glanfaidh an Chomhairle é agus féadfar é a ghnóthú ón gComhairle agus a fheidhmiú ina haghaidh dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Bord na bhFiaclóirí agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chomhairle ann in ionad Bhord na bhFiaclóirí agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh.

(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu Bord na bhFiaclóirí, cuirfear ainm na Comhairle in ionad ainm Bhord na bhFiaclóirí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chomhairle.

(9) Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Bord na bhFiaclóirí agus agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm na Comhairle ann in ionad ainm Bhord na bhFiaclóirí agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh.

Séala na Comhairle.

8. —(1) Soláthróidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú Uachtarán na Comhairle nó le síniú cibé comhalta eile den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Comhaltas na Comhairle.

9. —(1) Is é a bheidh ar an gComhairle 19 gcomhalta agus is mar seo a leanas a cheapfar iad, is é sin le rá—

(a) beirt daoine a cheapfaidh gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas—

(i) an Coláiste Ollscoile, Corcaigh,

(ii) Ollscoil Bhaile Átha Cliath;

(b) duine amháin a cheapfaidh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn;

(c) seachtar fiaclóirí lán-chláraithe a bhfuil cónaí orthu sa Stát a cheapfar trína dtoghadh ag fiaclóirí lán-chláraithe;

(d) beirt daoine a cheapfaidh Comhairle na nDochtúirí Leighis;

(e) duine amháin a cheapfaidh an tAire Oideachais;

(f) ceathrar daoine a cheapfaidh an tAire, ar a mbeidh beirt ar a laghad—

(i) nach fiaclóirí cláraithe iad, agus

(ii) a bheidh, dar leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, ionadaitheach do leas an phobail i gcoitinne mar thomhaltóirí seirbhísí fiaclóireachta.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, forálacha fho-alt (1) den alt seo a athrú.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

Daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle.

10. —Déanfaidh an tAire gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun na chéad Chomhairle a bhunófar tar éis thosach feidhme an Achta seo agus déanfaidh an Chomhairle gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun aon Chomhairle ina dhiaidh sin.

Comhaltaí den Chomhairle a thoghadh.

11. —(1) Roimh an lá bunaithe, i gcás an chéad toghchán comhaltaí chun na Comhairle de bhun an Achta seo, agus roimh thosach a dtéarma oifige i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, déanfar na comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh de réir alt 9 (1) (c) den Acht seo a thoghadh trí thoghchán a dhéanfar de réir córais ionadaíochta cionúire ar mhodh an aon vóta inaistrithe agus de réir rialacháin a bheidh déanta ag an Aire agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin go háirithe, i ndáil le haon aicme daoine a shonrófar sna rialacháin, na cáilíochtaí a shonrú nach mór a bheith ag iarrthóirí lena dtoghadh chun na Comhairle.

(2) I gcás an chéad toghcháin chun na Comhairle, is é an tAire a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin, agus i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, is í an Chomhairle a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin.

Céad chruinniú na Comhairle.

12. —(1) Tionólfar céad chruinniú na Comhairle lá a cheapfaidh an tAire agus cuirfidh an tAire tráth agus ionad an chruinnithe sin in iúl do chomhaltaí na Comhairle.

(2) Tiocfaidh an Chomhairle le chéile ag an tráth agus san ionad a cheapfaidh an tAire faoin alt seo dá céad chruinniú agus air sin rachaidh sí i mbun a dualgas faoin Acht seo.

Coistí de chuid na Comhairle.

13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, coistí a bhunú ó am go ham chun cibé feidhmeanna, más aon fheidhmeanna iad, den Chomhairle a fheidhmiú is fearr nó is caothúla a fhéadfar, i dtuairim na Comhairle, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Chomhairle do choiste.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearálacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna faoi Chuid IV den Acht seo,

(b) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna faoi Chuid V den Acht seo, agus

(c) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna maidir le hoibrithe fiaclóireachta cúnta faoi Chuid VII den Acht seo.

(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith, más cuí sin leis an gComhairle, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo, seachas an coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo.

(4) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle cathaoirleach gach coiste a bhunófar faoin alt seo: Ar choinníoll nach é Uachtarán ná Leas-Uachtarán na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo.

(5) Beidh gach duine a cheapfar chun na Comhairle faoi alt 9 (1) (a), 9 (1) (b) agus 9 (1) (e) den Acht seo ina chomhalta den choiste a bhunófar faoi fho-alt (2) (a) den alt seo.

(6) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle gach comhalta den choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo agus—

(a) daoine a ceapadh trína dtoghadh chun na Comhairle a bheidh i dtromlach comhaltaí an choiste sin, agus

(b) duine, seachas fiaclóir cláraithe, a cheap an tAire chun na Comhairle faoi alt 9 (1) (f) den Acht seo a bheidh i gcomhalta amháin ar a laghad den choiste sin.

(7) (a) Beidh ar an gcoiste a bhunófar faoi fho-alt (2) (c) den alt seo an duine a cheapfar chun na Comhairle de bhun alt 9 (1) (e) den Acht seo agus duine atá ionadaitheach do gach aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta a bhunófar faoi scéim arna déanamh ag an gComhairle faoi alt 53 den Acht seo.

(b) Maidir le céad cheapachán duine atá ionadaitheach d'aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta chun coiste a bhunófar faoi fho-alt (2) (c) den alt seo tar éis thosach feidhme an Achta seo, is í an Chomhairle a dhéanfaidh é go ceann tréimhse bliana ó dháta an cheapacháin agus maidir le gach ceapachán den sórt sin ina dhiaidh sin chun coiste den sórt sin is trí thoghchán, de réir rialacha a dhéanfaidh an Chomhairle, ag comhaltaí cláraithe gach aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta a bhunófar amhlaidh, a dhéanfar é.

(8) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle mura scaoilfidh an Chomhairle, tráth ar bith, leis an daingniú sin a bheith riachtanach.

(9) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

Caiteachais comhaltaí den Chomhairle agus de choistí.

14. —Íocfar le comhalta den Chomhairle nó d'aon choiste a bhunóidh an Chomhairle, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhóidh sé i ndáil le freastal ar chruinniú den Chomhairle nó de choiste nó ar shlí eile i ndáil le gnó na Comhairle a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

An Chomhairle a chur as oifig.

15. —(1) Má mhainníonn nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an Chomhairle aon fheidhm a bheidh sannta di faoin Acht seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chomhairle an fheidhm sin a fheidhmiú agus chun na críche sin cibé nithe nó rudaí eile a ghabhann nó a bhaineann leis an bhfeidhm agus a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh.

(2) Má mhainníonn an Chomhairle déanamh de réir aon ordachán ón Aire a bheidh in ordú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí na Comhairle a chur as oifig.

(3) Féadfaidh ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forál acha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh d'ainneoin comhaltaí na Comhairle a bheith curtha as oifig agus féadfaidh aon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid na Comhairle a fheidhmiú.

(4) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(5) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin agus i gcás ordú a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar na comhaltaí den Chomhairle a cuireadh as oifig de bhua an ordaithe a chur ar ais in oifig ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin ag aon duine nó daoine a ceapadh chun gach feidhm nó aon feidhm de chuid na Comhairle a fheidhmiú faoin ordú agus dá bhua.

An Cláraitheoir.

16. —(1) Beidh príomh-oifigeach don Chomhairle ann a ghníomhóidh mar Chláraitheoir na Comhairle agus ar a dtabharfar Cláraitheoir na Comhairle.

(2) Is í an Chomhairle a cheapfaidh an Cláraitheoir agus sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfar leis an gCláraitheoir as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Comhlíonfaidh an Cláraitheoir cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

Oifigigh agus seirbhísigh eile don Chomhairle.

17. —(1) I dteannta an Chláraitheora, ceapfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, le ceadú an Aire, chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Chomhairle.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Chomhairle, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Comhlíonfaidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

Teorainneacha aoise.

18. —(1) Duine is buanoifigeach don Chomhairle scoirfidh sé de bheith ina bhuanoifigeach ar é do shlánú 65 bliana d'aois nó, i gcás a mbeidh aois níos mó ná sin socraithe le hordú faoin alt seo ón Aire, ar é do shlánú na haoise sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlgairm.

Aoisliúntas.

19. —Bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leis an gComhairle agus lena hoifigigh agus lena seirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil an Chomhairle agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh d'údarás áitiúil iadsan, agus bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , leis an gComhairle agus lena hoifigigh agus seirbhísigh ionann is dá mba chomhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht sin an Chomhairle agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh do chomhlacht den sórt sin iadsan, ach beidh feidhm ag an dá Acht sin maidir leis an gComhairle faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe ar aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , agus modhnuithe i ndáil le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Comhshaoil.

Oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

20. —(1) Más rud é, i gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun Dáil Éireann nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach,

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é bheith tofa chun Tionól na gComhphobal Eorpach chun folúntas a líonadh,

beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Comhairle agus ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntais—

(i) i gcás go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó go dtoghfar é chun Seanad Éireann nó go dtoghfar é amhlaidh chun Tionól na gComhphobal Eorpach, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa chun Seanad Éireann nó tráth a thofa chun Tionól na gComhphobal Eorpach, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(ii) i gcás go n-ainmneofar é mar iarrthóir lena thoghadh chun Dáil Éireann nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Dháil Éireann nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(2) Duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (i) nó i mír (ii) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an gComhairle le haghaidh aon sochair aoisliúntais.

Cuntais na Comhairle.

21. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Comhairle agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais na Comhairle.

(2) Déanfar cuntais na Comhairle a iniúchadh uair ar a laghad gach bliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin agus déanfaidh an Chomhairle táillí an iniúchóra sin agus costais an iniúchta sin i gcoitinne a íoc a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta den sórt sin.

(3) Déanfar, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, cóip de chuntais na Comhairle agus deimhniú an iniúchóra agus a thuarascáil orthu a thabhairt don Aire.

(4) A luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, déanfar cóip de na cuntais sin agus deimhniú an iniúchóra orthu a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus a luaithe is féidir tar éis na cuntais sin a leagan amhlaidh, cuirfidh an Chomhairle faoi deara na cuntais sin agus deimhniú an iniúchóra orthu a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol.

Cumhacht na Comhairle airgead a fháil ar iasacht.

22. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir aon ordacháin a thabharfaidh sé, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha.

(2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin na Comhairle.

An Chomhairle do ghlacadh bronntanas.

23. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Caiteachais na Comhairle agus an Aire.

24. —(1) Íocfaidh an Chomhairle as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle na caiteachais go léir a thabhóidh an Chomhairle agus aon chaiteachais a thabhóidh an tAire i ndáil leis an gComhairle a bhunú.

(2) Féadfaidh an Chomhairle barrachas (más ann) na gcistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle a leithroinnt chun oideachas fiaclóireachta a fhorbairt, chun taighde a dhéanamh nó chun aon chríocha poiblí a bhaineann le gairm na fiaclóireachta i cibé slí a chinnfidh an Chomhairle.

(3) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Táillí.

25. —Féadfaidh an Chomhairle cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith:

(a) duine a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle.

(b) ainm duine a choinneáil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle,

(c) ainm aon duine ar scriosadh nó ar baineadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, a ainm as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle a chur ar ais sa chlár sin,

(d) ainm aon duine a bhaint as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle ar iarratas ón duine sin,

(e) cáilíochtaí breise aon duine a thaifeadadh in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle,

(f) deimhniú cláraitheachta a thabhairt d'aon duine, agus

(g) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Chomhairle ó am go ham.