An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985) Ar Aghaidh (CUID II An Chomhairle Fiaclóireachta)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na bhFiaclóirí, 1985 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Act seo—

ciallaíonn “oibrí fiaclóireachta cúnta” comhalta d'aicme oibrithe fiaclóireachta arna bunú faoi scéim a dhéanfaidh an Chomhairle de bhun alt 53 den Acht seo;

ciallaíonn “an Chomhairle” An Chomhairle Fiaclóireachta nó the Dental Council a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “Bord na bhFiaclóirí” Bord na bhFiaclóirí a bunaíodh faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheaptar ina lá bunaithe faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Chomhairle faoi alt 13 (2) (b) den Acht seo;

ciallaíonn “lán-chlárú” clárú seachas clárú díomuan agus forléireofar “lán-chláraithe” dá réir sin;

ciallaíonn “Comhairle na nDochtúirí Leighis” Comhairle na nDochtúirí Leighis arna bunú le hAcht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ;

ciallaíonn “Ballstát” stát, seachas an Stát, ar comhalta é de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “cleachtadh na fiaclóireachta” aon obráid a dhéanamh agus aon chóireáil, comhairle, tuairim nó freastal a thabhairt is gnách le fiaclóir a dhéanamh nó a thabhairt agus folaíonn sé aon obráid a dhéanamh ar aon duine nó aon chóireáil, comhairle nó freastal a thabhairt d'aon duine sula ndéanfar fiacla saorga a fheistiú, a chur isteach nó a shocrú, nó chun na críche sin nó i ndáil leis an gcéanna;

ciallaíonn “an clár” Clár na bhFiaclóirí a bhunaítear faoi alt 26 den Acht seo;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm cláraithe sa chlár;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;

ciallaíonn “an Clár de Shaineolaithe Fiaclóireachta” an clár dá dtagraítear in alt 29 den Acht seo;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” príomh-oifigeach na Comhairle;

ciallaíonn “táille choinneála” táille is iníoctha ag duine a bheidh i dteideal a chláraithe in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle lena ainm a choinneáil sa chlár sin;

ciallaíonn “clárú díomuan” clárú de bhua alt 28 den Acht seo agus forléireofar “cláraithe go díomuan” dá réir sin.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

An lá bunaithe.

4. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo Acht na bhFiaclóirí, 1928 , agus Acht na bhFiaclóirí (Leasú), 1983 .