Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

7 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1985


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal, comhluanna, forléiriú agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Orduithe agus rialacháin ghinearálta.

CUID II

Gaillimh

4.

Mínithe (Cuid II).

5.

Buirg na Gaillimhe a bhunú mar Chontaebhuirg.

6.

Comhaltas Chomhairle Bhuirg na Gaillimhe agus bunú na Comhairle Cathrach.

7.

Contaebhuirg na Gaillimhe a bhainistí.

8.

Forálacha forlíontacha (Cuid II).

CUID III

Baile Átha Cliath

9.

Mínithe (Cuid III).

10.

Teorainneacha Chathair Bhaile Átha Cliath agus Chontae Bhaile Átha Cliath a athrú.

11.

Méadú ar chomhaltas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

12.

Toghchontaetha Bhaile Átha Cliath a bhunú.

13.

Bunú, comhaltas agus toghadh comhairlí toghchontaetha bunaithe.

14.

Míniú ar thoghlimistéir i dtoghchontaetha bunaithe.

15.

Forálacha i ndáil le toghcháin do chomhairlí toghchontaetha bunaithe.

16.

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire a choimeád i bhfeidhm.

17.

Léarscáileanna áirithe a ullmhú.

18.

Alt 10, forálacha forlíontacha.

CUID IV

Atheagrú Ginearálta

19.

Teorainn Bhuirg na Gaillimhe a athrú.

20.

Athruithe teorann faoi alt 19; forálacha forlíontacha.

21.

Cumhacht theoranta chun líon comhaltaí comhairle contae a athrú.

22.

Comhshocraíochtaí sealadacha maidir le clár toghthóirí.

23.

Comhshocraíochtaí sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

24.

Cumhacht achtacháin a leasú, a oiriúnú, a mhodhnú, a aisghairm nó a chúlghairm.

25.

Córaim d'údaráis áitiúla áirithe.

26.

An líon comhaltaí ar choistí talmhaíochta áirithe.

27.

Ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile.

28.

Muirtheorainneacha contaetha agus contaebhuirgí.

29.

Cosaint.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Limistéir Eisiata agus na Limistéir Bhreise

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha de dhroim an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Teorainneacha Toghchontaetha Bunaithe

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Limistéir a bhaintear de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus a chuirtear le Buirg na Gaillimhe de bhua alt 19 (1)

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Rialacha a bhaineann le ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Luachála

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983

An tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930

1930, Uimh. 27

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971.

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934

1934, Uimh. 35

An tAcht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937

1937, Uimh. 3 (P)

Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938

1938, Uimh. 3

An tAcht um Bainistí Chontae, 1940

1940, Uimh. 12

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941

1941, Uimh. 5

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945

1945, Uimh. 8

Na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976

Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1953

1953, Uimh. 1 (P)

An tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955

1955, Uimh. 12

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

An tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1966

1966, Uimh. 28

An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979

1979, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1985


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hATHEAGRÚ ÁIRITHE AR RIALTAS ÁITIÚIL AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA ÁIRITHE EILE. [3 Aibreán, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: