Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Forálacha Idirlinne agus Cosaint)

2 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1985


AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Lán-aois a ísliú.

3.

Tuairisc ar dhuine nach bhfuil aois iomlán aige.

4.

An t-am a slánaíonn duine aois áirithe.

5.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

6.

Leasú ar an Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.

7.

Forálacha idirlinne agus cosaint.

8.

Aisghairm.

9.

Gearrtheideal agus Tosach Feidhme.

AN SCEIDEAL

Forálacha Idirlinne agus Cosaint


Na hAchtanna dá dTagraítear

Accumulations Act, 1892

1892, c. 58

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

Conveyancing Act, 1881

1881, c. 41

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949

1949, Uimh. 8

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Toghcháin 1923 go 1983

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1973

1973, Uimh. 3

Employers and Workmen Act, 1875

1875, c. 90

Na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

1964, Uimh. 7

Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

1930, Uimh. 17

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

Infant Marriage Act, 1860

1860, c. 83

Infant Settlements Act, 1855

1855, c. 43

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974

Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863

1863, c. 27

Acht na bPóstaí, 1972

1972, Uimh. 30

Marriages (Ireland) Act, 1844

1844, c. 81

An tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957

1957, Uimh. 5

Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870

1870, c. 110

Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1973

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984

Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 go 1973

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1985


AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE LÁN-AOIS AGUS LEIS AN AM A SLÁNAÍONN DUINE AOIS ÁIR-ITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE I nDÁIL LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Feabhra, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

forléireofar “aois iomlán” de réir alt 2;

ciallaíonn “foráil reachtúil” aon fhoráil de chuid reachta (de réir bhrí alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ) nó de chuid aon ionstraime reachtúla (de réir na brí sin a dúradh) arna déanamh faoi chumhacht nó údarás a thugtar le reacht den sórt sin.

(2) Tagairt san Acht seo d'alt nó don Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil reachtúil éigin eile atá i gceist.

(3) Tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur foráil éigin eile atá i gceist.

(4) Déanfar tagairt d'aon fhoráil reachtúil eile, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don fhoráil reachtúil sin arna leasú le haon fhoráil reachtúil eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi aon fhoráil reachtúil den sórt sin.

Lán-aois a ísliú.

2. —(1) I gcás nach mbeidh bliain is fiche d'aois slánaithe ag duine roimh thosach feidhme an Achta seo, slánóidh sé aois iomlán faoi réir alt 4—

(a) ar an tosach feidhme sin má bhíonn ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige nó má tá nó má bhí sé pósta, nó

(b) tar éis an tosach feidhme sin nuair a shlánóidh sé ocht mbliana déag d'aois nó, i gcás ina bpósfaidh sé sula slánóidh sé an aois sin, ar phósadh dó.

(2) Tá feidhm le fo-alt (1) chun críocha aon rialach dlí agus, cheal mínithe nó mura léir a mhalairt a bheith i gceist, maidir le forléiriú na bhfocal “lán-aois”, “aois iomlán”, “naíonacht”, “naíon”, “mionaoiseach”, “mionaois” agus focail ghaolmhara agus abairtí gaolmhara eile—

(a) in aon fhoráil reachtúil arna rith nó arna déanamh roimh thosach feidhme an Achta seo, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agus

(b) in aon ghníomhas, uacht, ordú cúirte nó ionstraim eile (nach foráil reachtúil) arna dhéanamh nó arna déanamh ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(3) I gcás a mbeidh, in aon fhoráil reachtúil arna rith nó arna déanamh roimh thosach feidhme an Achta seo, tagairt d'aois bliain is fiche, déanfar an fhoráil sin, faoi réir fho-alt (4), a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi amhail is dá mba thagairt d'aois iomlán an tagairt inti.

(4) (a) Ní dhéanann an t-alt seo difear d'fhorléiriú aon tagartha d'aois bliain is fiche, nó aon fhocail nó abairte lena mbaineann fo-alt (2), in aon fhoráil reachtúil lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo leo seo a leanas:

(i) the Marriages (Ireland) Act, 1844,

(ii) the Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863,

(iii) the Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870,

(iv) Acht na bPóstaí, 1972 ,

(v) na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976,

(vi) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984,

(vii) na hAchtanna Cánach Ioncaim agus aon fhoráil reachtúil eile a bhaineann le haon cháin nó dleacht eile atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorchur, a aisghairm, a loghadh, a athrú nó a rialáil,

(viii) aon fhoráil d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , nó den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a dhéanann socrú maidir le híocaíochtaí a dhéanfar chun leanaí a chothabháil nó a chothú go dtí bliain is fiche d'aois,

(ix) aon fhoráil reachtúil a dhéanann socrú maidir le pinsean nó liúntas eile a íoc le haghaidh leanaí suas go dtí bliain is fiche d'aois, agus

(x) aon fhoráil reachtúil a bhaineann le príosúin, le Foras Naomh Pádraig nó le haon áit eile chun daoine a choimeád.

Tuairisc ar dhuine nach bhfuil aois iomlán aige.

3. —Féadfar mionaoiseach seachas naíon a thabhairt ar dhuine nach bhfuil aois iomlán aige agus, dá réir sin, ciallaíonn “mionaoiseach” san Acht seo duine den sórt sin.

An t-am a slánaíonn duine aois áirithe.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (3), is é an t-am a slánóidh duine aois áirithe arna sonrú i mblianta, chun críocha aon rialach dlí nó aon fhorála reachtúla, gníomhais, uachta nó ionstraime eile, tús chothrom lae iomchuí a dháta breithe.

(2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) ach amháin má thiteann an cothrom lae iomchuí ar dháta is déanaí ná an dáta a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh agus, maidir le haon fhoráil reachtúil, gníomhas, uacht nó ionstraim eile, beidh éifeacht leis faoi réir aon fhorála sa chéanna.

(3) (a) Déanfar an dáta a slánóidh duine ocht mbliana déag d'aois a ríomh, chun críocha aon fhorála reachtúla lena mbaineann an fo-alt seo, ar an modh céanna a ríomhtar é d'fhonn a chinneadh an bhfuil ceart ag duine vótáil i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.

(b) Baineann an fo-alt seo leis na hAchtanna seo a leanas—

(i) na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1983,

(ii) Achtanna Toghcháin an Uachtaráin, 1937 go 1973,

(iii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 go 1973,

(iv) Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984,

(v) na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974, agus

(vi) na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

5. —Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 76:

“Ar choinníoll nach mbainfidh an t-alt seo le duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois agus atá nó a bhí pósta tráth an fhianaithe sin.”,

agus

(b) trí fho-alt (2) d'alt 107 a scriosadh.

Leasú ar an Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 .

6. —Leasaítear leis seo Alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ar iarratas ó cheachtar tuismitheoir d'ainneoin na tuismitheoirí a bheith in aontíos an uair sin ach ní fhéadfar ordú a dhéanfar faoi mhír (a) d'fho-alt (2) a chur i bhfeidhm agus ní fhaibhreoidh aon dliteanas dá thairbhe fad a bheidh siad in aontíos, agus scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige má leanann siad orthu in aontíos ar feadh trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Folóidh aon tagairt do naíon san alt seo (seachas i mír (a) d'fho-alt (2)) tagairt do leanbh a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige agus a bhfuil míchumas meabhrach nó coirp air de mhéid nach bhfuil ar a chumas go réasúnach é féin a chothabháil go hiomlán.”.

Forálacha idirlinne agus cosaint.

7. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha idirlinne agus leis na cosaintí atá sa Sceideal maidir le halt 2.

(2) D'ainneoin aon rialach dlí, ní chaithfear le huacht ná le codaisíl, a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, chun críocha alt 2 nó an Sceidil, mar uacht nó mar chodaisíl a rinneadh ar an tosach feidhme sin nó dá éis de bhíthin amháin gur le codaisíl a forghníomhaíodh tar éis an tosach feidhme sin a daingníodh an uacht nó an chodaisíl.

(3) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go ndéantar breitheamh den Chúirt Dúiche, de bhua alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, nó cláraitheoir contae, de bhua alt 56 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a choimeád in oifig go dtí dáta ar an lá díreach roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis déanfar an barántas trína gcoimeádtar in oifig é amhlaidh, chun an tréimhse a shíneadh lena mbaineann an barántas sin, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis chun é a choimeád in oifig suas go dtí an chéad chothrom lae dá dháta breithe tar éis an tosach feidhme sin ach gan an dáta sin a áireamh.

Aisghairm.

8. —Aisghairtear leis seo iad seo a leanas:

(a) an Infant Settlements Act, 1855,

(b) an Infant Marriage Act, 1860,

(c) in alt 6 den Employers and Workmen Act, 1875, an mhír darb uimhir (1.) agus an abairt dheireanach, agus

(d) alt 13 (2) (d) den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 .

Gearrtheideal agus Tosach Feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Lán-Aois, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1985.