17 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1984


AN tACHT UM CHISTÍ AGRÓIRÍ, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Infheistíochtaí chuntas díomhaoin na gcistí agróirí a réadú.

3.

Cuid de chistí agróirí a dhiúscairt.

4.

Leathnú sealadach ar chumhachtaí na gCoimisinéirí.

5.

Easnamh i gcistí agróirí.

6.

Caiteachais.

7.

Gearrtheideal.

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1984


AN tACHT UM CHISTÍ AGRÓIRÍ, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUID DE CHISTÍ AGRÓIRÍ ATÁ DÍLSITHE DO CHUNTASÓIR NA gCÚIRT-EANNA BREITHIÚNAIS A DHIÚSCAIRT. [18 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an cuntas” cuntas airgid ginearálta na gcistí agróirí atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm an Chuntasóra;

ciallaíonn “an Cuntasóir” Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “cuntas díomhaoin na gcistí agróirí” an cuntas mórleabhair ginearálta d'iarmhéid díomhaoin na gcistí agróirí atá dílsithe don Chuntasóir agus ina bhfuil iarmhéideanna na gcistí a rinne an Cuntasóir a shall-iompar go dtí an cuntas mórleabhair ginearálta sin roimh an Acht seo a rith de bhun Riail 86 (1) d'Ordú 77 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 72 de 1962);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Infheistíochtaí chuntas díomhaoin na gcistí agróirí a réadú.

2. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh an Cuntasóir, ar ordú ón bPríomh-Bhreitheamh, infheistíochtaí go léir chuntas díomhaoin na gcistí agróirí a réadú seachas cibé cuid díobh arb ionann a luach, an tráth a chuirfear an réadú i gcrích, agus luach aon faoin gcéad de na hinfheistíochtaí sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “infheistíochtaí”, i ndáil le cuntas díomhaoin na gcistí agróirí, sócmhainní de chuid an chuntais sin seachas airgead sa chuntas sin.

Cuid de chistí agróirí a dhiúscairt.

3. —(1) Déanfaidh Banc na hÉireann, ar ordú ón bPríomh-Bhreitheamh, cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná an méid iomlán airgid i gcuntas díomhaoin na gcistí agróirí, a theastóidh ón Aire ó am go ham chun críocha fho-alt (2) den alt seo, a íoc as an gcuntas leis an Státchiste.

(2) Féadfaidh an tAire na suimeanna a íocfar leis an Státchiste de bhun fho-alt (1) den alt seo a chaitheamh mar a leanas:

(a) féadfar suim nach mó ná £600,000 a chaitheamh chun cibé críche nó críocha i ndáil le cultúr agus leis na healaíona (de réir bhrí an Achta Ealaíon, 1951 ) a chinnfidh an Taoiseach,

(b) féadfar suim nach mó ná £600,000 a chaitheamh chun íoc as an gcostas a ghabhfaidh leis na hoibreacha atá sonraithe in alt 4 den Acht seo,

(c) féadfar, ar iarratas ó Aire na Gaeltachta, suim nach mó ná £300,000 a chaitheamh chun íoc as costas an mhéadaithe, a críochnaíodh sa bhliain 1983, ar áitreabh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach i gcontae Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar Cultúrlann na hÉireann,

(d) féadfar, ar iarratas ón Aire Saothair, suim nach mó ná £100,000 a chaitheamh chun íoc as an gcostas a ghabhfaidh leis an gClár Áineasa agus Fostaíochta don Phobal agus don Aos Óg a riarann an tAire Saothair,

(e) féadfar an t-iarmhéid a chaitheamh chun íoc as na costais seo a leanas—

(i) an costas a ghabhfaidh le seomraí cúirte agus cóiríocht fhoghabhálach agus seirbhísí foghabhálacha a sholáthar i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath lena n-úsáid chun críocha na Cúirte Leanaí den Chúirt Dúiche,

(ii) aon chuid den chostas a bheadh, murach an fo-alt seo, le híoc ag an Stát maidir le cibé foirgnimh eile a sholáthar, a mhéadú, a dheisiú agus a chothabháil, agus le cibé seirbhísí a sholáthar, lena n-úsáid chun críocha na gcúirteanna nó i ndáil leo de réir mar a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt, agus

(iii) an costas a ghabhfaidh le cibé seirbhísí a sholáthar maidir le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil i gcásanna sibhialta de réir mar a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt.

Leathnú sealadach ar chumhachtaí na gCoimisinéirí.

4. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí—

(a) oibreacha a dhéanamh nó a chur faoi deara oibreacha a dhéanamh thar a gceann, arb é a bheidh iontu:

(i) deisiú agus athchóiriú a dhéanamh ar chreatlach sheachtrach agus ar íoslach áitreabh Óstaí an Rí i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath, atá tadhlach le Gairdíní Óstaí an Rí,

(ii) sreangú leictreach an áitribh sin a athsholáthar,

(iii) deisiú agus athchóiriú a dhéanamh ar bhallaí teorann, ar ráillí agus ar gheataí na nGairdíní sin, agus

(iv) aon oibreacha a bhaineann le haon cheann de na hoibreacha atá sonraithe i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) den mhír seo,

amhail is dá mba fhoirgneamh poiblí an t-áitreabh sin, na ballaí sin, na ráillí sin agus na geataí sin, agus

(b) dul faoi cibé caiteachas (nach mó ná cibé méid a cheadaítear a chaitheamh de bhun alt 3 (2) (b) den Acht seo) is gá chun críocha mhír (a) den fho-alt seo.

(2) Rachaidh an t-alt seo in éag—

(a) ar na hoibreacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith críochnaithe chun sástacht na gCoimisinéirí, nó

(b) tar éis cúig bliana a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith,

cibé acu is túisce.

Easnamh i gcistí agróirí.

5. —Má tharlaíonn aon tráth go mbeidh na cistí agróirí laghdaithe go dtí suim nach leor chun freastal d'éilimh orthu, déanfaidh an tAire, chun lán-slánaíocht a sholáthar d'agróirí in aon chaillteanas a bhainfeadh dóibh mar gheall ar an Acht seo a rith, cibé suim, nach mó ná iomlán na méideanna a íocfar as an gcuntas faoi alt 3 den Acht seo, is dóigh leis is gá, a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Caiteachais.

6. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) A mhéid a cheadóidh an tAire é, déanfar na caiteachais a thabhóidh an Taoiseach, an tAire Dlí agus Cirt agus na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht um Chistí Agróirí, 1984 , a ghairm den Acht seo.