13 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1984


AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE A CHOINNÍTEAR LE hAGHAIDH FEIRMEOIREACHTA, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Feidhm.

3.

Cúram agus leas ainmhithe lena mbaineann an tAcht.

4.

Iniúchadh ar ainmhithe agus ar threalamh.

5.

Beathú.

6.

Dian-aonaid.

7.

Taifid maidir le dian-aonaid.

8.

Cumhachtaí chun dul isteach, iniúchadh, etc.

9.

Cionta.

10.

Fianaise ar scrúduithe, tástálacha agus anailísí áirithe agus ar a dtorthaí.

11.

Rialacháin.

12.

Cosaint.

13.

Caiteachais.

14.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Protection of Animals Act, 1911

1911, c. 127

An tAcht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965

1965, Uimh. 10

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1984


AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE A CHOINNÍTEAR LE hAGHAIDH FEIRMEOIREACHTA, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE COSAINT AINMHITHE. [4 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “duine údaraithe” duine, is oifigeach don Aire ach nach tréidlia, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “cigire” duine, is tréidlia, a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “dian-aonad” foirgneamh nó déanmhas de chineál nó de thuairisc a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin faoi alt 6 den Acht seo, nó aon fhoirgneamh nó déanmhas eile is foirgneamh nó déanmhas ina gcoinnítear ainmhithe faoi chóras feirmeoireachta a bhíonn ag brath, chun soláthar a dhéanamh maidir le cúram na n-ainmhithe, ar threalamh uathoibríoch sa mhéid sin go gcuirfeadh loiceadh sa trealamh sin fulaingt gan ghá ar na hainmhithe mura gceartófaí é nó mura ndéanfaí soláthar oiriúnach éigin eile maidir le cúram na n-ainmhithe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin ag an Aire;

ciallaíonn “fulaingt gan ghá”, i ndáil le hainmhí, pian, anacair nó fulaingt atá míréasúnach nó gan ghá mar gheall ar a cineál nó a méid, ar an gcuspóir atá léi nó ar na himthosca ina dtarlaíonn sí;

ciallaíonn “tréidlia” aon duine atá cáilithe go dleathach chun tréidliacht a chleachtadh sa Stát.

Feidhm.

2. —(1) Baineann an tAcht seo le hainmhí—

(a) ar de speiceas é atá sonraithe de thuras na huaire i ndearbhú faoin alt seo, nó

(b) a shíolraítear nó a choinnítear chun bia, olann, seithí, fionnadh nó cleití a tháirgeadh nó lena úsáid i leith, nó chun críocha, feirmeoireachta talún nó feirmeoireachta ainmhithe.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú gur ainmhí lena mbaineann an tAcht seo aon ainmhí ar de speiceas atá sonraithe sa dearbhú é.

Cúram agus leas ainmhithe lena mbaineann an tAcht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé foráil is cuí leis a dhéanamh maidir le cúram agus leas ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo féadfar na forálacha seo a leanas a áireamh i rialacháin faoin alt seo—

(a) forálacha chun a chinntiú go gcuirfear soláthar cuí bia agus uisce ar fáil do na hainmhithe sin;

(b) forálacha lena sonrófar an fhairsinge chóiríochta a chuirfear ar fáil i ndáil leis na hainmhithe sin chun a chinntiú, maidir leo, ag féachaint dá riachtanais fhiseolaíocha agus eiteolaíocha, go mbeidh dóthain fairsinge ann dóibh maidir le saorghluaiseacht nó riachtanais eile;

(c) forálacha i leith thoisí agus leagan amach na cóiríochta do na hainmhithe sin, na n-ábhar a úsáidfear chun aon chóiríocht den sórt sin a thógáil agus na saoráidí maidir le soilsiú, téamh, fuarú, aerú, rialáil an leibhéil taiseachais, aerchúrsaíocht, draenáil, soláthar uisce nó eile a chuirfear ar fáil i ndáil le haon chóiríocht den sórt sin.

(2) Maidir le rialacháin faoin alt seo—

(a) féadfaidh feidhm a bheith acu i gcoitinne maidir le hainmhithe lena mbaineann an tAcht seo nó le haicme nó tuairisc áirithe ainmhithe den sórt sin,

(b) féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha a bheith iontu a fheictear don Aire a bheith riachtanach chun críocha na rialachán.

Iniúchadh ar ainmhithe agus ar threalamh.

4. —(1) An duine is úinéir ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo nó a bhfuil ainmhithe den sórt sin faoina urlámhas aige de thuras na huaire, déanfaidh sé—

(a) uair amháin ar a laghad sa lá, i gcás ina gcoinnítear na hainmhithe, de thuras na huaire, i ndian-aonad,

(i) an riocht ina bhfuil na hainmhithe agus a sláinte a iniúchadh go hiomlán nó a chur faoi deara go ndéanfar an riocht ina bhfuil siad agus a sláinte a iniúchadh amhlaidh,

(ii) chun a chinntiú go bhfuil an trealamh uathoibríoch nó an trealamh teicniúil eile a úsáidtear san aonad saor ó lochtanna—

(I) má tá sé inniúil a leithéid a dhéanamh, an trealamh sin a iniúchadh go hiomlán, nó

(II) a chur faoi deara go n-iniúchfaidh duine inniúil an trealamh sin,

(b) i gcás nach bhfuil na hainmhithe á gcoinneáil amhlaidh de thuras na huaire, an riocht ina bhfuil na hainmhithe agus a sláinte a iniúchadh go hiomlán ag idirthréimhsí is leor chun nach gcuirfear fulaingt gan ghá orthu, nó a chur faoi deara an riocht ina bhfuil siad agus a sláinte a iniúchadh amhlaidh.

(2) Más rud é, ar iniúchadh a dhéanamh (cibé acu de bhun cheanglais an ailt seo nó ar chúis eile a dhéanfar an t-iniúchadh) go bhfaighfear amach nach bhfuil ainmhí lena mbaineann an tAcht seo i staid ar fónamh, déanfaidh an duine a mbeidh an t-ainmhí faoina urlámhas aige de thuras na huaire cibé bearta láithreach is gá chun fulaingt gan ghá ar an ainmhí a chosc.

(3) Más rud é, ar iniúchadh a dhéanamh ar threalamh uathoibríoch nó ar threalamh teicniúil eile a úsáidtear i ndian-aonad (cibé acu de bhun cheanglais an ailt seo nó ar chúis eile a dhéanfar an t-iniúchadh) go dtiocfar ar locht sa trealamh, déanfaidh an t-úinéir nó an duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil an aonaid an locht a leigheas láithreach nó cuirfidh sé faoi deara an locht a leigheas amhlaidh, nó, i gcás nach indéanta sin, déanfaidh an t-úinéir nó an duine sin cibé bearta a ghlacadh, nó cuirfidh sé faoi deara cibé bearta a ghlacadh amhlaidh, a bheidh ag teastáil chun leas ainmhithe a choinnítear san aonad a chosaint, agus i gcás ina nglacfar bearta den sórt sin, ansin cinnteoidh an t-úinéir nó an duine sin freisin go leanfar de na bearta sin go dtí go leigheasfar an locht.

(4) In aon imeachtaí ina gcruthófar go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) den alt seo agus, ar an iniúchadh sin a dhéanamh, go bhfuarthas amach nach raibh ainmhí lena mbaineann an tAcht seo i staid ar fónamh nó gur thángthas ar locht a thuairiscítear i bhfo-alt (3) den alt seo, is cosaint don chosantóir a shuíomh nach raibh a fhios aige go ndearnadh an t-iniúchadh ná nár mhíreasúnach, in imthosca an cháis, nach raibh a fhios sin aige.

Beathú.

5. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) bia nó leacht a sholáthar d'ainmhí lena mbaineann an tAcht seo i slí a d'fhéadfadh bheith ina thrúig le díobháil nó fulaingt gan ghá a chur air,

(b) a chur faoi deara bia nó leacht a sholáthar d'ainmhí den sórt sin i slí den sórt sin,

(c) bia nó leacht a sholáthar d'ainmhí den sórt sin is bia nó leacht a d'fhéadfadh bheith ina thrúig le díobháil nó fulaingt gan ghá a chur ar an ainmhí nó ina bhfuil substaint a d'fhéadfadh bheith ina trúig le díobháil nó fulaingt den sórt sin,

(d) a chur faoi deara bia nó leacht den sórt sin ina bhfuil substaint den sórt sin a sholáthar d'ainmhí den sórt sin.

(2) In aon imeachtaí ina gcruthófar gur sáraíodh fo-alt (1) den alt seo is cosaint don chosantóir a shuíomh nach bhféadfadh sé, le réasún, fios a bheith aige go bhféadfadh an tslí inar soláthraíodh an bia nó an leacht cuí, nó, de réir mar is iomchuí, go bhféadfadh an bia nó an leacht féin nó substaint sa bhia nó sa leacht sin, a bheith ina thrúig leis an díobháil nó leis an bhfulaingt gan ghá lena mbaineann an cion líomhnaithe.

Dian-aonaid.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú go measfar gur dian-aonad chun críocha an Achta seo aon fhoirgneamh nó déanmhas d'aicme nó de thuairisc a shonrófar sa dearbhú.

Taifid maidir le dian-aonaid.

7. —(1) I gcás, de bhun cheanglais alt 4 den Acht seo, ina ndéanfar iniúchadh, déanfaidh an t-úinéir nó an duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil na n-ainmhithe nó an dian-aonaid lena mbaineann an t-iniúchadh, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, taifead i scríbhinn i ndáil leis an iniúchadh agus beidh na sonraí seo a leanas sa taifead sin, eadhon, dáta an iniúchta, ainm an duine a rinne an t-iniúchadh, an riocht ina raibh na hainmhithe a iniúchadh, sonraí i dtaobh aon lochta sa dian-aonad sin ar thángthas air de thoradh an iniúchta, sonraí i dtaobh aon bheart a glacadh chun an locht sin a leigheas agus cibé sonraí eile a bheidh forordaithe.

(2) An duine, a gceanglaítear air le fo-alt (1) den alt seo taifead i scríbhinn a dhéanamh nó a chur faoi deara taifead i scríbhinn a dhéanamh, déanfaidh sé—

(a) le linn na tréimhse (más ann) a bheidh forordaithe, de thuras na huaire, chun críocha an ailt seo, nó

(b) i gcás nach mbeidh tréimhse forordaithe, de thuras na huaire, le linn tréimhse dhá mhí,

an taifead a choimeád lena iniúchadh ag cigire nó ag duine údaraithe.

Cumhachtaí chun dul isteach, iniúchadh, etc.

8. —(1) Féadfaidh cigire gach tráth réasúnach—

(a) chun aon cheann de na cumhachtaí eile a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú, dul isteach in aon áitreabh nó talamh eile.

(b) iniúchadh, scrúdu nó tástáil a dhéanamh—

(i) ar aon ainmhí a gcreideann sé le réasún gur ainmhí é lena mbaineann an tAcht seo agus a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó talamh eile a mbeidh sé tar éis dul isteach ann nó ar aon áitreabh nó talamh eile den sórt sin,

(ii) ar aon bhia nó leacht a gheofar amhlaidh agus a gcreideann sé amhlaidh go n-úsáidtear nó go n-úsáidfear é chun ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo a bheathú,

(iii) ar aon trealamh a gheofar amhlaidh,

(c) samplaí a thógáil ó aon ainmhí den sórt sin nó d'aon bhia nó leacht den sórt sin agus aon sampla a thógfar amhlaidh a scrúdú, a thástáil nó a anailísiú nó a chur faoi deara aon sampla den sórt sin a scrúdú, a thástáil nó a anailísiú,

(d) a cheangal go ndéanfar aon taifead, a bheidh déanta de bhun cheanglais alt 7 den Acht seo, a thabhairt ar aird agus aon taifead den sórt sin a iniúchadh, agus, más mian leis, sleachta a thógáil as,

(e) a cheangal ar aon duine arb é atá ann an t-úinéir nó an duine a bheidh, de thuras na huaire, i bhfeighil ainmhí nó trealaimh dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, nó arb é atá ann úinéir nó áititheoir an áitribh nó an talaimh eile a mbeifear tar éis dul isteach ann amhlaidh nó duine ar fostú ar an áitreabh nó ar an talamh eile sin, cibé cúnamh a thabhairt dó nó cibé treoracha a chomhlíonadh is gá le réasun chun gur féidir an scrúdú, an t-iniúchadh, an tástáil nó an anailís sin a dhéanamh nó cibé faisnéis atá ar eolas aige nó faoina urlámhas a thabhairt dó maidir leis an ainmhí nó an trealamh sin.

(2) (a) Beidh ag duine údaraithe cibé ceann nó cinn de na cumhachtaí a thugtar do chigire leis an alt seo a bheidh sonraithe ina údarú ag an Aire.

(b) Beidh ag comhalta den Gharda Síochána gach ceann de na cumhachtaí a thugtar do chigire leis an alt seo seachas an chumhacht chun ainmhithe a scrúdú nó a thástáil nó samplaí a thógáil uathu.

(3) Déanfaidh cigire nó duine údaraithe a fheidhmeoidh cumhacht a thugtar dó leis an alt seo, nó faoi, má iarrann an duine lena mbaineann an feidhmiú air é, a cheapachán mar chigire nó a údarú chun bheith ina dhuine údaraithe, de réir mar is iomchuí, a thabhairt ar aird don duine sin.

Cionta.

9. —(1) Aon duine—

(a) a mhainneoidh ceanglais fho-alt (1), (2) nó (3) d'alt 4 nó alt 7 den Acht seo a chomhlíonadh,

(b) a sháróidh alt 5 (1) den Acht seo,

(c) a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, rialacháin faoi alt 3 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, a mbeidh a chruthú air féin, taifead a thabhairt ar aird ar iarratas chuige sin a bheith déanta go cuí faoi alt 8 den Acht seo, nó trí ghníomh nó neamhghníomh, a chuirfidh bac nó cosc ar chomhalta den Gharda Síochána, ar chigire nó ar dhuine údaraithe a mbeidh cumhacht a thugtar dó leis an Acht seo, nó faoi, á feidhmiú aige go dleathach, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó na £500, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an téarma príosúnachta sin le chéile a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Fianaise ar scrúduithe, tástálacha agus anailísí áirithe agus ar a dtorthaí.

10. —(1) Más rud é, in imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, go dtabharfar deimhniú ar aird—

(a) a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an gCeimiceoir Stáit nó ag an gCeimiceoir Stáit Cúnta nó ag duine (dá ngairtear “duine ceaptha” ina dhiaidh seo san alt seo) arna cheapadh ag an Aire chun deimhnithe a thabhairt chun críocha an Achta seo, agus

(b) ina luaitear go bhfuil an deimhniú á thabhairt chun críocha an Achta seo, agus

(c) a dheimhníonn—

(i) go ndearnadh scrúdú, tástáil nó anailís ar shampla áirithe a chuir cigire nó duine údaraithe isteach, agus

(ii) toradh scrúdaithe, tástála nó anailíse den sórt sin,

ansin, go dtí go suífear a mhalairt, déanfaidh an chúirt, gan chruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn é a shíniú, nó, i gcás ina n-airbheartaítear an deimhniú a bheith sínithe ag duine ceaptha, gan chruthúnas go raibh an duine sin ceaptha ina dhuine ceaptha an tráth a airbheartaítear an deimhniú a bheith tugtha, an deimhniú sin a ghlacadh mar leorfhianaise ar an scrúdú, an tástáil nó an anailís sin a bheith déanta agus ar an toradh sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hionstraim i scríbhinn, duine a cheapadh chun deimhnithe a eisiúint chun críocha an Achta seo.

(b) Leanfaidh ceapachán faoin alt seo i bhfeidhm go dtí go dtarraingeoidh an tAire siar é le hionstraim i scríbhinn.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit Cúnta” Ceimiceoir Stáit Cúnta na Saotharlainne Stáit;

ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit agus folaíonn sé aon duine arna údarú aige chun scrúdú, tástáil nó anailís a dhéanamh nó chun deimhniú a thabhairt chun críocha an Achta seo.

Rialacháin.

11. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cosaint.

12. —Is i dteannta na nithe seo a leanas, agus ní ina n-ionad, atá forálacha an Achta seo—

(a) alt 1 den Protection of Animals Act, 1911, arna leasú le halt 4 den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 ,

(b) an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 .

Caiteachais.

13. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ar riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Chosaint Ainmhithe a Choinnítear le hAghaidh Feirmeoireachta, 1984 , a ghairm den Acht seo.