An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil VII Luathcháin Chorparáide)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil VI

Cáin Chorparáide

Leasú ar Chuid IX (Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

41. —Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 84:

“Teorainn leis an míniú ar ‘dáileadh'.

84A.—(1) Aon ús dáileadh eile—

(a) a íocfar, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, as sócmhainní cuideachta (dá ngairtear ‘an t-iasachtaí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) le cuideachta eile atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

(b) a íocfar amhlaidh i leith urrús de chuid an iasachtaí atá faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d),

ní dáileadh é chun críocha an Achta seo mura mbeidh feidhm an fho-ailt seo eisiata le fo-alt (2), (7) nó (9).

(2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le haon ús a íocfaidh an t-iasachtaí, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an iasachtaí, le cuideachta eile ar cuid dá gnáthghníomhaíochtaí trádála airgead a thabhairt ar iasacht, i gcás—

(a) ina seolann an t-iasachtaí, sa tréimhse chuntasaíochta sin, trádáil shonraithe sa Stát, agus

(b) ina n-áireofaí an t-ús, dá mba nár dháileadh é, mar chostas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', i bhfo-alt (2), trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna), nó

(c) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa gnóthais sheirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 .

(4) I gcás inarb éard é an t-iasachtaí a luaitear i bhfo-alt (2) fochuideachta 75 faoin gcéad—

(a) de chumann talmhaíochta, nó

(b) de chumann iascaigh,

ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', san fho-alt sin, trádáil de chuid an iasachtaí arb éard í go hiomlán nó go formhór ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon—

(i) monarú earraí de réir bhrí fho-alt (3) (a), agus

(ii) mórdhíol—

(I) earraí talmhaíochta, i gcás feidhm a bheith le mír (a), nó

(II) éisc, i gcás feidhm a bheith le mír (b).

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), áireofar trádáil, maidir le tréimhse chuntasaíochta, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó dhíolacháin a rinneadh, nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a tugadh, i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó na díolacháin go léir a rinneadh, nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a tugadh, i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin.

(6) I bhfo-alt (4)—

tá le ‘cumann talmhaíochta’ agus ‘cumann iascaigh’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 18 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn ‘mórdhíol’ earraí d'aicme ar bith a dhíol le haon duine a sheolann gnó ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais atá á sheoladh aige.

(7) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le haon ús nó dáileadh eile is iníoctha ar an lá iomchuí nó roimhe—

(a) faoi oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

(b) faoi oibleagáid faoina ndeachthas roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984:

Ar choinníoll—

(i) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha mhíreanna (a) agus (b), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é. agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn (dá ngairtear ‘conradh iasachta’ ina dhiaidh seo san alt seo) ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(ii) nach measfar, chun críocha mhír (b), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an t-iasachtóir dá dtagraítear sa mhír sin agus an t-iasachtaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó

réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

(8) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), ciallaíonn ‘an lá iomchuí', i bhfo-alt (7), an 24ú lá d'Eanáir, 1989, nó, más luaithe é—

(i) i gcás aon phríomhshuim a bheidh íoctha leis an iasachtaí ar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, nó roimhe, an lá deiridh den tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse aisíoca’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a raibh an t-iasachtaí, ar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, faoi oibleagáid an phríomhshuim agus ús a aisíoc lena linn, nó

(ii) i gcás aon phríomhshuim a íocfar leis an iasachtaí tar éis an 24ú lá d'Eanáir, 1984, faoi chonradh iasachta a rinneadh ar an dáta sin nó roimhe, an lá deiridh den tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse aisíoca’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a raibh an t-iasachtaí, ar an dáta ar ar íocadh an phríomhshuim amhlaidh, faoi oibleagáid an phríomhshuim agus ús a aisíoc lena linn.

(b) Beidh feidhm le mír (a) i gcás oibleagáid dá dtagraítear i bhfo-alt (7) (b)—

(i) ionann is dá mba thagairt don 28ú lá d'Fheabhra, 1989, an tagairt sa mhír sin (a) don 24ú lá d'Eanáir, 1989, agus

(ii) ionann is dá mba thagairt don dáta (ar dáta é is déanaí ná an 24ú lá d'Eanáir, 1984 ach is luaithe ná an 1ú lá de Mhárta, 1984) ar a ndeachthas faoin oibleagáid gach tagairt sa mhír sin (a) don 24ú lá d'Eanáir, 1984.

(c) (i) I gcás ina ndéanfar an tréimhse aisíoca dá dtagraítear i mír (a) (i) nó (a) (ii) a fhadú thar an 24ú lá d'Eanáir, 1984 (cibé acu arbh iad téarmaí an chonartha iasachta ba bhun leis an gceart chun an fhadaithe sin nó nárbh iad), ansin, faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, beidh feidhm le mír (a) (i) nó (a) (ii), de réir mar a bheidh, ionann is dá mba nach ndearnadh an fadú sin.

(ii) I gcás ina ndéanfar an tréimhse aisíoca dá dtagraítear i mír (a) (i) nó (a) (ii) a fhadú thar an 24ú lá d'Eanáir, 1984, ach sin roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, ansin, d'ainneoin fhomhír (i) den mhír seo, beidh feidhm le míreanna (a) (i) agus (a) (ii) araon ionann is dá mba í an tréimhse aisíoca dá dtagraítear iontu an tréimhse aisíoca sin arna fadú amhlaidh (dá ngairtear ‘an tréimhse fhadaithe’ anseo ina dhiaidh seo san fhomhír seo) nó, más i ndiaidh an 24ú lá d'Eanáir, 1989, is críoch don tréimhse fhadaithe, an chuid den tréimhse fhadaithe a chríochnaíonn ar an dáta sin.

(iii) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (7) chun críocha fhomhír (ii) den mhír seo mar atá feidhm léi chun críocha fho-alt (7) (b).

(9) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) i gcás inarb ionannas an chomaoin a thug an t-iasachtaí i leith úsáid na príomhshuime atá urraithe do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin:

Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith leis an bhfo-alt seo, nach n-oibreoidh aon ní i bhfomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh chun críocha an Achta seo leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin.”.

Mar a dhéileálfar le díbhinní ar scaireanna tosaíochta áirithe.

42. —(1) San alt seo—

ní fholaíonn “scaireanna tosaíochta” scaireanna tosaíochta—

(a) a luaitear ar stocmhargadh sa Stát, nó

(b) nach luaitear amhlaidh ach a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát;

folaíonn “scaireanna” stoc.

(2) Faoi réir fho-alt (4), baineann an t-alt seo le haon díbhinn—

(a) atá arna híoc, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag cuideachta (dá ngairtear “an t-eisiúnaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) le cuideachta eile (dá ngairtear “an suibscríobhaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

(b) atá arna híoc amhlaidh i leith scaireanna tosaíochta de chuid an eisiúnaí.

(3) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach—

(a) ní bheidh an suibscríobhaí i dteideal creidmheasa cánach i leith díbhinn lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) beidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an díbhinn faoi Chás IV de Sceideal D.

(4) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le haon díbhinn is iníoctha, ar nó roimh an lá iomchuí, i leith scaireanna tosaíochta—

(a) a eisíodh chuig an suibscríobhaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

(b) a eiseofar chuig an suibscríobhaí ar an dáta sin nó dá éis i gcás—

(i) ina ndeachaigh an suibscríobhaí faoi oibleagáid, roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, chun suibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, nó

(ii) ina ndeachaigh an suibscríobhaí faoi oibleagáid roimh an 1ú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-eisiúnaí agus an suibscríobhaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, chun suibscríobh le haghaidh na scaireanna sin:

Ar choinníoll—

(I) go n-áireofar oibleagáid, chun críocha mhír (b), mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(II) nach measfar, chun críocha mhír (b) (ii), caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura rud é go ndearna an t-eisiúnaí agus an suibscríobhaí, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

(5) I bhfo-alt (4) ciallaíonn “an lá iomchuí” an 24ú lá d'Eanáir, 1989, nó, maidir le scaireanna lena mbaineann mír (b) (ii) den fho-alt sin, an 28ú lá d'Fheabhra, 1989.

Leathnú ar idirbhearta díolmhaithe i ndáil le cumainn talmhaíochta.

43. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1978 , trí “bleán sealaíochta” a chur isteach i ndiaidh “aoileach a leathadh” i mír 2 de Chuid I.

Buanú ar fhaoiseamh maidir le méadú ar fhostaíocht.

44. —Beidh éifeacht le Caibidil VIII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1982 maidir le tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, di, mar atá éifeacht léi maidir le trémhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain dar chríoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, di, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) in alt 43 den Acht sin, cuirfear “1985” in ionad “1983” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”,

(b) in ailt 44 agus 45 den Acht sin, cuirfear “1984” in ionad “1982” gach áit a bhfuil sé, agus

(c) in alt 46 den Acht sin, cuirfear “1983” in ionad “1981”.

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 .

45. —Leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38:

“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1981 (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (1CC) d'alt 39, ón 13ú lá d'Aibreán, 1984) go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, di;”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) in alt 39:

“(1CC) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí ríomhaire' ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon:

(i) seirbhísí sonra-phróiseála, agus

(ii) seirbhísí forbartha bog-earraí,

ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 .

(b) Beidh feidhm leis na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí ríomhaire a thabhairt:

(i) measfar gur monarú earraí sa Stát na seirbhísí ríomhaire a thabhairt,

(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as seirbhísí ríomhaire a thabhairt, agus

(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”.