An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

AN DARA SCEIDEAL

Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe: Fochuideachtaí

Alt 26.

Maoiniú do thrádáil fochuideachta

1. Féadfar na scaireanna a eiseoidh an chuideachta cháilitheach, in ionad nó i dteannta iad a eisiúint chun na críche a luaitear i bhfo-alt (1) (b) d'alt 12, a eisiúint chun airgead a chruinniú ar mhaithe le trádáil cháilitheach atá á seoladh ag fochuideachta nó a bheartaíonn fochuideachta a sheoladh; agus i gcás ina n-eiseofar scaireanna amhlaidh beidh éifeacht le fo-ailt (1) (c), (4), (5), (7) (b) agus (8) den alt sin ionann is dá mba thagairtí don fhochuideachta na tagairtí don chuideachta nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá bhfolódh na tagairtí don chuideachta tagairtí don fhochuideachta.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh

2.—(1) I bhfo-ailt (2), (4) agus (6) d'alt 14, folaíonn tagairtí do chuideachta (seachas an chéad tagairt den sórt sin i ngach fo-alt) tagairtí do chuideachta is fochuideachta don chuideachta sin le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh an mbliain mheasúnachta nó le linn nó i ndiaidh na bliana measúnachta a n-éilíonn an phearsa aonair faoiseamh ina leith a rinneadh fochuideachta di agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí ina fochuideachta den sórt sin le linn dó bheith ina chomhpháirtí, ina stiúrthóir nó ina fhostaí den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) nó le linn dó cibé caipiteal nó cumhacht vótála nó cearta a luaitear i bhfo-ailt (4) agus (6) a bheith aige nó bheith i dteideal iad a fháil.

(2) Gan dochar d'fhorálacha alt 14 (mar atá éifeacht leis de réir fhomhír (1) áireofar baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta más rud é—

(a) go raibh aige, tráth ar bith sa tréimhse iomchuí, rialú (de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ar chuideachta eile a ndearnadh fochuideachta don chuideachta di ón tráth sin i leith ach sin roimh dheireadh na tréimhse iomchuí; nó

(b) go sealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chaipiteal iasachta de chuid fochuideachta don chuideachta sin nó go bhfuil teideal díreach nó neamhdhíreach aige an céanna a fháil.

(3) Beidh feidhm le halt 14 (5) agus (8) chun críocha na míre seo.

Luach a fhaightear

3.—(1) In ailt 18 (1) agus 20 (3) folóidh tagairtí do luach a fháil ón gcuideachta tagairtí do luach a fháil ó aon chuideachta is fochuideachta don chuideachta sin le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh nó tar éis don phearsa aonair áirithe aon luach a fháil uaithi a rinneadh fochuideachta dí, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí don chuideachta sna forálacha eile d'ailt 18 agus 20 (6).

(2) In alt 20 (1) folóidh tagairtí don chuideachta (seachas an chéad tagairt) tagairtí do chuideachta is fochuideachta don chuideachta le linn na tréimhse iomchuí, cibé acu ar roimh an bhfuascailt, aisíocaíocht, athcheannach nó íocaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin, nó dá éis sin, a rinneadh fochuideachta di.

Faisnéis

4. Beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (5) d'alt 24 i ndáil le haon chomhshocraíochtaí den chineál a luaitear in alt 26 (2) (c) mar atá éifeacht leo i ndáil le haon chomhshocraíocht den chineál a luaitear in alt 21.