An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Ríomh Athbhreithnithe) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil III

Deimhniú Urscaoilte

Leathnú ar alt 48 (admhálacha agus deimhnithe) den Phríomh-Acht.

113. —Leasaítear leis seo alt 48 den Phríomh-Acht, maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás ina mbeidh cáin inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach agus—

(a) tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta luachála an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach sin, go ndéanfar iarratas chun na gCoimisinéirí ó aon duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo)—

(i) is duine atá cuntasach, ach nach duine atá cuntasach go príomha, in íoc na cánach go léir nó coda di, nó

(ii) is ionadaí pearsanta de chuid aon duine dá dtagraítear i bhfomhír (i),

agus

(b) go seachadfaidh an t-iarratasóir ar na Coimisinéirí ráiteas iomlán maidir leis an maoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas inchánach nó san oidhreacht inchánach agus maidir le cibé sonraí is iomchuí don mheasúnú cánach, mar aon le cibé fianaise a iarrfaidh siad i ndáil leis an maoin nó na sonraí sin,

féadfaidh na Coimisinéirí méid na cánach is inghnóthaithe ón iarratasóir a chinneadh agus, ar an gcáin a cinneadh amhlaidh a bheith íoctha, tabharfaidh na Coimisinéirí deimhniú faoin gcinneadh uathu, i cibé foirm is oiriúnach leo, ar deimhniú é a urscaoilfidh an t-iarratasóir ó aon éileamh cánach eile ina dhiaidh sin i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach.

(6) Ní dhéanfaidh deimhniú ó na Coimisinéirí faoi fho-alt (5) an t-iarratasóir a urscaoileadh i gcás calaoise nó i gcás mainneachtain fíorais ábhartha atá ar eolas dó féin a nochtadh ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon cháin bhreise a d'fhéadfadh a bheith iníoctha ag an iarratasóir má shuitear dá éis sin go raibh aon mhaoin bhreise ar áireamh sa bhronntanas inchánach nó san oidhreacht inchánach lena mbaineann an deimhniú agus ar mhaoin bhreise í a bhfuil an cháin dlite den iarratasóir ina leith.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, aird a thabhairt ar aon iarratas a dhéanfar chun críche fho-alt (5) cibé tráth a dhéanfar an t-iarratas agus, maidir le haon iarratas arna dhéanamh amhlaidh, beidh éifeacht le forálacha an fho-ailt sin d'ainneoin an t-iarratas sin a bheith déanta sula mbeidh an dá bhliain a luaitear san fho-alt sin caite.”.