7 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1984


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984.

2.

Dáilcheantair.

3.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

Acht an Reifrinn, 1942

1942, Uimh. 8

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1984


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 go 1983. [17 Aibreán, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984.

1. —I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984—

(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64(1) den Acht Toghcháin, 1963 ,

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,

(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),

(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus

(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh céanna a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 i ndáil le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,

(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighean a stáisiúin vótaíochta:

Ar choinníoll nach mbeidh an reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighean aon stáisiúin vótaíochta,

(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

“(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘An dtoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.

(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin déan faidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas—

(i) léifidh sé amach don vótálaí mír 1 den ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1984 ,

(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a leasú?’,

agus

(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”.

FOSCRÍBHINN

1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984, go ndéanfar an ceart a thugtar do shaoránaigh chun vótáil i dtoghcháin do chomhaltaí de Dháil Éireann a thabhairt do cibé daoine eile sa Stát ag a bhfuil 18 mbliana slán agus a shonrófar le reachtaíocht a achtóidh an tOireachtas.

2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.

3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.

4. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir é a cheannach ar dhá phingin go leith, in aon Phost-Oifig.

Dáilcheantair.

2. —(1) Chun vótaíocht a thógáil i reifreann dá dtagraítear in alt 1 den Acht seo—

(a) measfar gur dáilcheantar gach contae agus gach contaebhuirg sa Stát agus tógfar ar leithligh an vótaíocht i ngach dáilcheantar den sórt sin, agus

(b) déanfaidh gach vótálaí sa vótaíocht a vóta a thaifeadadh sa dáilcheantar a mbeadh teideal aige vótáil ann in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann dá mba dháilcheantar do thoghchán den sórt sin gach contae agus gach contaebhuirg sa Stát,

agus forléireofar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, ionann is dá mba dháilcheantar gach contae agus gach contaebhuirg sa Stát, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na hAchtanna sin agus iad modhnaithe mar is gá.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) ní bheidh éifeacht le mír (c) ná le mír (e) d'alt 11 d'Acht an Reifrinn, 1942 , i ndáil le vótaíocht i reifreann dá dtagraítear san alt sin 1, agus

(b) beidh éifeacht le hAcht an Reifrinn, 1942 , i ndáil le vótaíocht i reifreann dá dtagraítear san alt sin 1 ionann is dá ndéanfaí “aon dáilcheantar” a chur in ionad “aon dáilcheantar acu sin” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) agus “gach dáilcheantar” a chur in ionad “gach dáilcheanntar fé leith aca san” i mír (f) den alt sin 11.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1984, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, mar aon ní amháin.