3 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1984


AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973.

2.

Aisghairm.

3.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha)

1973, Uimh. 21

An tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1979

1979, Uimh. 38

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1984


AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1973 . [6 Márta, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“6. (1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis agus le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) iasacht chun an Chumainn,

(b) íocaíocht nótaí gealltanais a rinne an Cumann nó billí malairte a tharraing nó a ghlac an Cumann,

a ráthú.

(2) Aon uair a thabharfaidh an tAire ráthaíocht faoin alt seo féadfaidh sé—

(a) i gcás inar ráthaíocht iasachta í, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Cumann go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc,

(b) i gcás inar ráthaíocht í go n-íocfar nóta gealltanais nó bille malairte, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais go n-íocfar go cuí an nóta gealltanais nó an bille malairte, de réir mar a bheidh.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £90,000,000 an méid nó an méid comhiomlán, seachas méideanna i leith úis, a dhlífidh sé aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta na méideanna (más ann), seachas méideanna i leith úis, a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCumann.

(4) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht chun an Chumainn nó íocaíocht nóta gealltanais nó bille malairte, faoin alt seo, íocfaidh an Cumann leis an Aire i leith na ráthaíochta cibé táille (más ann) a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfaidh an Cumann an t-airgead a gheobhaidh sé—

(a) ar scór iasachta arna ráthú faoin alt seo,

(b) ar scór nóta gealltanais nó bille malairte a mbeidh a íocaíocht ráthaithe faoin alt seo,

a úsáid d'aontoisc chun táirgí déiríochta a fháil, a iompar, a stóráil nó a chur faoi árachas, i gcúrsa a ghnáth-ghnó.

(6) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafar maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a aisíocadh (má aisíocadh) leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid, seachas méideanna i leith úis, a bhí faoi réim na ráthaíochta agus gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(7) Rachaidh gach ráthaíocht faoin alt seo, mura mbeidh sé cúlghairthe nó múchta roimhe sin, in éag an 31ú lá de Nollaig, 1989.

(8) Déanfaidh an Cumann aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (mar aon le hús air, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais sin, de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, má mhainnítear an t-aisíoc sin a dhéanamh mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh eile chun é a ghnóthú, beidh an t-airgead sin inghnóthaithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Cumann leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCumann faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(10) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(11) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo maidir leis an gCumann, tabharfaidh an Cumann don Aire, má éilíonn an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais é, cibé urrús (lena n-áirítear urrús a dhéanann difear d'aon cheann nó do gach ceann de na sócmhainní sonraithe) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a urrú don Aire a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc nó tar éis a íoc faoin ráthaíocht.

(12) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) measfar maidir le gach ceann de na tagairtí do mhéideanna i bhfo-ailt (3) agus (6) gur tagairt í do choibhéis, in airgead reatha an Stáit, an mhéid iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt;

(b) measfar maidir leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (8) gur tagairt í do chostas, in airgead reatha an Stáit, an airgid iarbhír a íocadh.”.

Aisghairm.

2. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1979 .

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1984 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 agus 1984, a ghairm den Acht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973 , agus den Acht seo le chéile.