2 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1984


AN tACHT UM AN mBORD NÁISIÚNTA SEIRBHÍSE SÓISIALAÍ, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An lá bunaithe.

3.

An Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí.

4.

Feidhmeanna an Bhoird.

5.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach an Bhoird.

6.

Comhaltaí an Bhoird.

7.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

8.

Coistí de chuid an Bhoird.

9.

Deontais don Bhord.

10.

An Bord d'fháil iasachtaí go sealadach.

11.

Cuntais agus iniúchadh.

12.

Tuarascáil bhliantúil.

13.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

14.

Tabhartais.

15.

Séala an Bhoird.

16.

Faisnéis a nochtadh.

17.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

18.

Conarthaí an Bhoird.

19.

An Bord d'infheistiú cistí.

20.

Stiúrthóir an Bhoird.

21.

Fostaithe an Bhoird.

22.

Aoisliúntas.

23.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

24.

Sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta Náisiúnta Forbartha Pobail a aistriú chun an Bhoird.

25.

Rialacháin.

26.

Díolúine ó dhleacht stampa.

27.

Aisghairm.

28.

Caiteachais.

29.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Conveyancing Act, 1881

1881, c. 41

Finance Act, 1895

1895, c. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1984


AN tACHT UM AN mBORD NÁISIÚNTA SEIRBHÍSE SÓISIALAÍ, 1984

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ (DÁ nGAIRFEAR AN BORD NÁISIÚNTA SEIR-BHÍSE SÓISIALAÍ) LE COMHAIRLE A THABHAIRT DON AIRE SLÁINTE FAOI SHEIRBHÍSÍ SÓISIALACHA A FHORBAIRT AGUS DO SPREAGADH BREIS ROCHT-ANA, COMHEAGRAITHE AGUS EOLAIS I MEASC AN PHOBAIL AR SHEIRBHÍSÍ SÓISIALACHA AGUS DO CHOMHLÍONADH FEIDHMEANNA ÁIRITHE EILE I nDÁIL LE SEIRBHÍSÍ SÓISIALACHA LENA nÁIRÍTEAR TREISIÚ LE LEATHADH EOLAIS AGUS COMHAIRLE I bPOBAIL ÁITIÚLA I dTAOBH SEIRBHÍSÍ SÓISIALACHA AGUS LE BUNÚ AGUS FORBAIRT SEIRBHÍSÍ SÓISIAL-ACHA SAORÁLACHA I bPOBAIL DEN SÓRT SIN A SPR-EAGADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [1 Márta, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí a bhunaítear le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an Stiúrthóir” príomhoifigeach an Bhoird a cheaptar de bhun alt 20 den Act seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “bliain airgeadais”, i ndáil leis an mBord, an tréimhse ón lá bunaithe go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1984, agus tréimhse 12 mhí dar críoch aon 31ú lá de Nollaig dá éis sin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus maidir le cumhachtaí agus dualgais, folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chur i gcrích;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí.

3. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord ar a dtabharfar an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, agus dá ngairtear an Bord san Acht seo, a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm féin agus beidh cumhacht aige talamh a theachtadh agus, le toiliú an Aire, talamh nó leas i dtalamh nó cearta ar thalamh a fháil agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Bhoird.

4. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird—

(a) comhairle a thabhairt don Aire agus é a choimeád ar an eolas maidir le forbairt seirbhísí sóisialacha i gcoitinne agus, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, comhairle a thabhairt dó agus é a choimeád ar an eolas maidir le cibé gnéithe nó brainsí de na seirbhísí sin nó maidir le cibé seirbhísí sóisialacha ar leith a shonróidh an tAire,

(b) breis rochtana, comheagraithe agus eolais i measc an phobail ar sheirbhísí sóisialacha a spreagadh,

(c) cibé acu trí chúnamh de chineál airgeadais nó ábhair, pearsanra nó seirbhísí nó de chineál eile a sholáthar, spreagadh agus cabhair a thabhairt d'fhorbairt seirbhísí agus scéimeanna i bpobail áitiúla agus forbairt a dhéanamh ar an gcéanna agus treisiú leis an gcéanna, chun faisnéis agus comhairle a scaipeadh i ndáil le seirbhísí sóisialacha,

(d) cibé acu trí chúnamh de chineál airgeadais nó ábhair, pearsanra nó seirbhísí nó de chineál eile a sholáthar, spreagadh agus cabhair a thabhairt i bpobail áitiúla do bhunú agus d'fhorbairt seirbhísí sóisialacha saorálacha do na pobail sin, agus treisiú leis an gcéanna,

(e) cibé acu trí chúnamh de chineál airgeadais nó ábhair, pearsanra nó seirbhísí nó de chineál eile a sholáthar, spreagadh agus cabhair a thabhairt do chomhoibriú, agus forbairt a dhéanamh ar chomhoibriú agus treisiú leis, i ndáil le seirbhísí sóisialacha idir boird, agus comhlachtaí eile, arna mbunú le reacht nó faoi reacht, agus eagraíochtaí saorálacha,

(f) cibé acu trí chúnamh de chineál airgeadais nó ábhair, pearsanra nó seirbhísí nó de chineál eile a sholáthar, spreagadh agus cabhair a thabhairt don obair, agus forbairt a dhéanamh ar an obair, agus treisiú léi, i ndáil le seirbhísí sóisialacha cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé feidhmeanna a thabhairt don Bhord (i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Bhord le fo-alt (1) den alt seo), i ndáil le seirbhísí sóisialacha is dóigh leis an Aire is cuí nó féadfaidh sé aon fheidhmeanna a thugtar don Bhord leis an bhfo-alt sin (1) a tharraingt siar ón mBord.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu a dhealraíonn don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(4) Déanfaidh an Bord, ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire dó ó am go ham.

(5) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir atá riachtanach nó teagmhasach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach an Bhoird.

5. —(1) Déanfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is gá sa chás, comhalta den Bhord a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus comhalta den Bhord a cheapadh chun bheith ina leaschathaoirleach ar an mBord.

(2) Féadfaidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith mar chathaoirleach nó mar leaschathaoirleach, de réir mar a bheidh, trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, nuair a thosóidh an chéad chruinniú den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord scéala faoin éirí as a fháil ón Aire.

(3) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach an Bhoird le linn a théarma oifige mar chathaoirleach nó mar leaschathaoirleach, de réir mar a bheidh, de bheith ina chomhalta den Bhord, scoirfidh sé freisin de bheith ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach, de réir mar a bheidh, ar an mBord.

(4) (a) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go dtí go rachaidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord in éag, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó a scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach faoi fho-alt (3) den alt seo, ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhord, féadfar é a athcheapadh mar chathaoirleach ar an mBord.

(b) Beidh leaschathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go dtí go rachaidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord in éag, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as nó a scoirfidh sé de bheith ina leaschathaoirleach faoin bhfo-alt sin (3), ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhord, féadfar é a athcheapadh mar leaschathaoirleach ar an mBord.

Comhaltaí an Bhoird.

6. —(1) Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus leaschathaoirleach agus cibé líon comhaltaí eile nach lú ná ochtar ná nach mó ná deichniúr, de réir mar a chinnfidh an tAire.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird ó am go ham de réir mar is gá sa chás agus tráth comhalta a cheapadh dó socróidh an tAire téarma oifige an chomhalta sin agus trí bliana ar a mhéid a bheidh sa téarma sin agus, faoi réir an méid sin roimhe seo agus fho-ailt (3) agus (7) den alt seo, beidh comhaltaí an Bhoird i seilbh oifige ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord a chur as oifig, má bhíonn sé, i dtuairim an Aire, neamhinniúil de dheasca drochshláinte ar a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite nó má dhealraíonn sé don Aire gur gá é a chur as oifig chun go ndéanfadh an Bord a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(4) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(5) Féadfar comhalta den Bhord a rachaidh a oifig mar chomhalta den sórt sin in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh mar chomhalta den Bhord.

(6) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhoird, déanfaidh an tAire cibé bearta a bheidh riachtanach chun an folúntas a líonadh a luaithe is féidir.

(7) Féadfaidh an tAire le rialacháin líon comhaltaí an Bhoird a athrú agus beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo de réir fhorálacha aon rialachán faoin bhfo-alt seo.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

7. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach tionólfaidh sé sé chruinniú ar a laghad gach bliain ag tosú an bhliain tar éis bhliain a bhunaithe.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad do chéad-chruinniú an Bhoird.

(3) Ag cruinniú den Bhord, is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú ach mura mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair ag an gcruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh sin folamh, is é leaschathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, ach mura mbeidh leaschathaoirleach an Bhoird i láthair ag an gcruinniú nó má bhíonn oifig an leaschathaoirligh sin folamh, ansin roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Is é is córam do chruinniú den Bhord cúigear nó cibé líon eile (nach lú ná cúigear) a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(5) Ag cruinniú den Bhord beidh vóta ag gach comhalta a bheidh i láthair agus déanfar gach ceist a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(7) Ní bhfaighidh comhalta den Bhord aon luach saothair as ucht gníomhú mar chomhalta den Bhord nó mar chomhalta de choiste a cheapfar faoi alt 8 den Acht seo, ach féadfar cibé liúntais taistil agus cothaithe a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a íoc leis.

(8) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó le rialacha nó ar shlí eile.

Coistí de chuid an Bhoird.

8. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun cabhrú leis an mBord, chun saoráid a dhéanamh dó nó chun comhairle a chur air i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Más oiriúnach leis an mBord é, féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo.

(3) Maidir le ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo, beidh sé faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le téarma oifige agus tionacht oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord a fhorchur tráth a cheaptha.

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo a chur as oifig tráth ar bith.

(5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a cheapfar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord mura scaoilfidh an Bord leis an daingniú sin a bheith riachtanach.

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coiste a bhunófar faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

(8) Ní bhfaighidh comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo aon luach saothair as ucht gníomhú mar chomhalta den choiste, ach féadfar cibé liúntais taistil agus cothaithe a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a íoc leis.

Deontais don Bhord.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé don Bhord, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais de chuid an Bhoird as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfaidh an Bord, i ndáil le gach bliain airgeadais, meastachán ar a chaiteachas agus ar a ioncam don bhliain sin a ullmhú agus a chur chuig an Aire (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) agus is i cibé foirm a shonróidh an tAire a bheidh an meastachán sin.

An Bord d'fháil iasachtaí go sealadach.

10. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh le soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

Cuntais agus iniúchadh.

11. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de cibé de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin, a shonróidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na doiciméid a bheidh tíolactha dó a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

12. —(1) Tabharfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil don Aire ar ghníomh aíochtaí an Bhoird i gcaitheamh na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Soláthróidh an Bord don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé i ndáil le gníomhaíochtaí an Bhoird (seachas gníomhaíochtaí a bhaineann le nithe ó lá go lá).

(3) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar an mBord sonraí ar na gníomhaíochtaí a bheartóidh sé a ghabháil de láimh, i gcaitheamh cibé tréimhse a bheidh sonraithe ag an Aire san iarraidh, a ullmhú agus a chur faoina bhráid agus déanfaidh an Bord de réir iarrata faoin alt seo.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

13. —Faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh an Bord ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a bheidh fostaithe faoin alt seo.

Tabhartais.

14. —(1) Faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil leis ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(3) Ní shirfidh an Bord bronntanais nó tabhartais.

(4) Féadfar aon chistí de chuid an Bhoird, ar bronntanas nó fáltais as bronntanas iad, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a ghabhfaidh leis an mbronntanas, ar aon dóigh ina gcumhachtaítear d'iontaobhaí, le dlí, cistí iontaobhais a infheistiú.

Séala an Bhoird.

15. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin, mar aon le síniú fostaí den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2) den alt seo) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

Faisnéis a nochtadh.

16. —Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta nó mar fhostaí den Bhord nó mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Bhord.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

17. —(1) Comhalta den Bhord a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh—

(a) nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige, agus cad é an leas é, ag an gcruinniú den Bhord ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an conradh sin nó, mura mbeidh leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an Bhoird,

(c) ní vótálfaidh sé ar chinneadh i ndáil le conradh den sórt sin, agus

(d) ní áireofar é ar an gcóram a bheidh i láthair ag aon chruinniú le linn conradh den sórt sin (má rinneadh é), nó togra den sórt sin, a bheith á bhreithniú.

(2) Taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird nochtadh faoin alt seo.

(3) I gcás ar deimhin leis an Aire go bhfuil loicthe ag comhalta den Bhord déanamh de réir ceanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, an comhalta sin a chur as oifig, agus má chuirtear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Conarthaí an Bhoird.

18. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird ar duine é a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin.

An Bord d'infheistiú cistí.

19. —Féadfaidh an Bord aon chistí (nach cistí lena mbaineann alt 14 (4)) dá chuid a infheistiú ar aon dóigh ina gcumhachtaítear d'iontaobhaí, le dlí, cistí iontaobhais a infheistiú.

Stiúrthóir an Bhoird.

20. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an mBord ar a dtabharfar Stiúrthóir an Bhoird agus “an Stiúrthóir” a ghairtear de san Acht seo.

(2) Is é an Bord a cheapfaidh an Stiúrthóir agus beidh seisean i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (seachas téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an Bord ó am go ham, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le luach saothair agus liúntais i leith chaiteachais an Stiúrthóra is téarmaí agus coinníollacha iad a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Comhlíonfaidh an Stiúrthóir cibé feidhmeanna a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(5) Ní bheidh an Stiúrthóir ina chomhalta den Bhord.

Fostaithe an Bhoird.

21. —(1) I dteannta an Stiúrthóra, féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina bhfostaithe den Bhord (faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, maidir le líon agus cineál na bhfostaithe sin) a chinnfidh an Bord ó am go ham, agus nuair a bheidh aon duine den sórt sin á cheapadh aige déanfaidh an Bord de réir aon ordacháin a thabharfaidh an tAire (leis an toiliú sin) i ndáil leis an nós imeachta a bheidh le leanúint.

(2) Gach fostaí den Bhord a bheidh i seilbh oifige go buan scoirfidh sé de bheith i seilbh oifige ar 65 bliana d'aois a shlánú.

(3) Beidh fostaithe an Bhoird i seilbh a gcuid fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh an Stiúrthóir cibé dualgais a mheasfaidh sé is iomchuí a shannadh ó am go ham do gach fostaí agus comhlíonfaidh gach fostaí na dualgais a sannadh dó amhlaidh.

(5) Íocfaidh an Bord lena fhostaithe, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Bord ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Nuair a bheidh cinneadh faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo á dhéanamh, gníomhóidh an Bord de réir ordacháin an Aire agus beidh aird aige ar aon chomhshocraíochtaí comhréitigh agus eadrána a bheidh i ngníomh do dhaoine dá ndéanfaidh an cinneadh difear.

Aoisliúntas.

22. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord, nó cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhófar, scéim chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú d'fhostaithe an Bhoird nó ina leith, ar iad do scor nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Beidh scéim faoin alt seo faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfaidh an Bord í a leasú leis an gceadú sin agus leis an toiliú sin.

(3) Ní dheonóidh an Bord pinsean, aisce nó liúntas eile ar fhostaí den Bhord d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin de réir scéime a bheidh ceadaithe faoin alt seo.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

23. —(1) I gcás ina ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) I gcás ina ndéanfar duine atá fostaithe ag an mBord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin (de réir mar a bheidh) nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó chun bheith fostaithe in aon cháil leis an mBord.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an mBord le haghaidh aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha tráth scoir nó báis.

Sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta Náisiúnta Forbartha Pobail a aistriú chun an Bhoird.

24. —(1) Aon duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i bhfostaíocht na Gníomhaireachta Náisiúnta Forbartha Pobail (dá ngairtear an Ghníomhaireacht san alt seo) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá sin, ina fhostaí den Bhord agus ní lú tairbhe dó, mar fhostaí den Bhord, na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá sin mar fhostaí den Ghníomhaireacht.

(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, an mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Ghníomhaireacht nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad, an lá bunaithe, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistrithe, i gcás sin a bheith riachtanach, i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, chun bheith agus beidh siad ina maoin de chuid an Bhoird agus dílsithe don Bhord nó beidh siad ar teachtadh ar iontaobhas dó nó ar sealúchas aige (de réir mar a dhlífidh an cás) go feadh an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá aistrithe, dílsithe don Ghníomhaireacht nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di.

(b) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó a bhí cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás, ar an mBord á iarraidh sin, an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Bhoird.

(c) Féadfaidh an Bord, an lá bunaithe agus dá éis, maidir le gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an bhfo-alt seo chuig an mBord, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag ábhar i gcaingean den sórt sin.

(d) Chun críocha an Conveyancing Act, 1881, beidh éifeacht mar thíolacadh talún le mír (a) den fho-alt seo, a mhéid a ghníomhaíonn sé chun talamh a aistriú.

(3) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Ghníomhaireacht agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó glanfaidh an Bord é, agus féadfar é a ghnóthú ón mBord agus é a fheidhmiú in aghaidh an Bhoird dá réir sin.

(4) Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an Ghníomhaireacht d'aon duine nó a rinne nó a thug aon duine don Ghníomhaireacht agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Ghníomhaireacht agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad, d'ainneoin dhíscaoileadh na Gníomhaireachta, de bheith i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis ach forléireofar iad agus beidh éifeacht leo ionann is dá gcuirfí ainm an Bhoird iontu in ionad ainm na Gníomhaireachta, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú infheidhmithe ag an mBord nó ina aghaidh dá réir sin.

(5) In aon chaingean, agra nó imeachtaí a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá bunaithe in aon chúirt nó binse agus ar páirtí iontu an Ghníomhaireacht tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina pháirtí in ionad na Gníomhaireachta agus leanfar den chaingean, den agra nó de na himeachtaí sin, de réir mar a bheidh, idir an Bord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní rachaidh aon chaingean, agra ná imeachtaí den sórt sin ar ceal ná ní scoirfear díobh ná ní dhéanfar dochar dóibh mar gheall ar dhíscaoileadh na Gníomhaireachta.

(6) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, le maoin na Gníomhaireachta a dhílsiú don Bhord.

Rialacháin.

25. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Díolúine ó dhleacht stampa.

26. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon tíolacadh. aistriú nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Bhord.

Aisghairm.

27. —Déantar leis seo an tAcht um an nGníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Pobail, 1982 , a aisghairm amhail ar an agus ón lá bunaithe.

Caiteachais.

28. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

29. —Féadfar an tAcht um an mBord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, 1984 , a ghairm den Acht seo.