33 1983


Uimhir 33 de 1983


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FOR-BARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [6 Nollaig, 1983].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ):

“(h) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £2,076,667, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais i dtaobh comhshocraíochtaí le haghaidh ranníocaí speisialta,

(i) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 to 1983, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980, agus den Acht seo.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960

1960, Uimh. 35

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980

1980, Uimh. 15

Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980