26 1983


Uimhir 26 de 1983


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1981. [19 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 .

1. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) trí “thar chéad agus ochtó milliún punt” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “thar chéad milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Forbartha Móna, 1980 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar £180,000,000.

Áraigh chaipitil an Bhoird.

2. —(1) Ní rachaidh an Bord, gan ceadú ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, faoi árach caipitil ar mó a mhéid ná méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire chun críche an ailt seo agus a mbeidh baint aige leis an árach.

(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, méideanna a shonrú chun críocha an ailt seo agus féadfar méid den sórt sin a shonrú amhlaidh i ndáil le háraigh chaipitil go ginearálta nó le háraigh chaipitil d'aicme nó de chineál ar leith.

An Bord do chur torthaí trialacha agus taighde dá chuid ar fáil do dhaoine áirithe.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i gcás ina n-iarrfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo ar an mBord aon fhaisnéis a chur ar fáil dó a fuarthas de thoradh trialacha agus taighde de chineál dá dtagraítear in alt 19 den Acht Forbartha Móna, 1946 agus ar trialacha agus taighde iad a rinne an Bord agus ar d'aicme nó de chineál ar leith iad a bheidh sonraithe aige, déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, de réir mar a iarradh air.

(2) Baineann an t-alt seo le duine atá ag forbairt portaigh chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla nó atá i dteideal deontas forbartha a iarraidh ar an mBord.

(3) Cinnfidh an Bord ó am go ham, le ceadú an Aire, an polasaí a leanfaidh sé agus é ag tabhairt faisnéise faoin alt seo.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglóidh ar an mBord faisnéis a thabhairt do dhuine a ndéanfadh a tabhairt—

(a) i dtuairim an Bhoird, dochar do leasanna tráchtála an Bhoird, nó

(b) sárú ar pholasaí a bheidh, de thuras na huaire, arna chinneadh de bhun fho-alt (3) den alt seo.

(5) Déanfar alt 19 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir fhorálacha an ailt seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1981, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

Na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1981

An tAcht Forbartha Móna, 1957

1957, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1980

1980, Uimh. 13