|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ALT 80 DEN ACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976 [18 Iúil, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 . |
1. —(1) In alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 , ní fholaíonn “morgáiste tosaíochta” agus measfar nár fholaigh sé riamh, d'ainneoin alt 2 den Acht sin— | ||||||||||
[EN] | (a) muirear ar thalamh á urrú go n-íocfar an t-iomlán nó cuid de chíos coinbhinsiúin, de chíos feofheirme nó de choróinchíos, nó | |||||||||||
[EN] | (b) muirear ar thalamh atá ar teachtadh faoi léas nó faoi dheontas feofheirme á urrú go n-íocfar airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha as an talamh i gcás ina sárófar nó nach gcomhlíonfar nó nach n-urramófar cúnant nó coinníoll sa léas nó sa deontas feofheirme, de réir mar a bheidh, nó i sannadh nó i dtíolacadh éigin eile ar an iomlán nó ar chuid de leas an léasaí faoin léas nó de leas an deontaí faoin deontas feofheirme, de réir mar a bheidh. | |||||||||||
[EN] | (2) San alt seo— | |||||||||||
[EN] | tá le “cíos coinbhinsiúin” an bhrí a shanntar dó le Reacht na dTréimhsí, 1957 ; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “coróin-chíos” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 go 1913, arb é a bhí inti— | |||||||||||
[EN] | (a) coróin-chíos, | |||||||||||
[EN] | (b) cíos cúiteach, | |||||||||||
[EN] | (c) cíos iomalairte, | |||||||||||
[EN] | (d) aon mhuirear cíosa eile; | |||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cíos feofheirme” cíos is iníoctha faoi dheontas feofheirme cibé acu a bhunaíonn nó nach mbunaíonn an deontas feofheirme comhbhainteachas tiarna talún agus tionónta. | |||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983 a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |||||||||||
|