An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cionta Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

CUID VI

Cáin Mhaoine Cónaithe

Léiriú (Cuid VI).

95. —(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “ioncam iomchuí comhiomlán” an bhrí a shanntar dó le halt 101 (1);

ciallaíonn “duine inmheasúnaithe” duine is inmhuirearaithe i leith cánach ach amháin gur duine inmheasúnaithe duine d'ainneoin teideal a bheith aige, faoi alt 101, chun díolúine ó cháin maidir le glanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar aon dáta luachála;

tá le “leanbh” an bhrí a shanntar dó le halt 141 (1B) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “Bailitheoir” an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “ioncam” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach gan féachaint—

(a) d'aon fhoráil de chuid na nAchtanna sin (cé is moite d'ailt 340, 353 agus 354 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1968 , d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1973 , agus d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1982 ) lena bhforáiltear go bhfuil ioncam díolmhaithe ó cháin ioncaim nó nach bhfuil aird le tabhairt ar aon ioncam chun críocha na nAchtanna sin nó lena bhforáiltear thairis sin nach bhfuil aon mhéid ioncaim nó aon chuid d'ioncam faoi réir cháin ioncaim na hÉireann,

(b) d'ailt 89, 236, 251, 254 agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) do Chaibidil I de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(d) do Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(e) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 ,

(f) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,

(g) do Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 ,

(h) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1977 ,

(i) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , agus

(j) d'ailt 23 agus 24 den Acht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “teorainn díolúine ioncaim” an méid a fhionnfar de réir alt 101;

tá le “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “léas”, “léasaí” agus “cíos” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le haon mhaoin, margadhluach na maoine sin arna fhionnadh de réir alt 98;

tá le “teorainn díolúine mhargadhluacha” an bhrí a shanntar dó le halt 100;

ciallaíonn “glan-mhargadhluach”, i ndáil le maoin chónaithe iomchuí de chuid duine ar dháta luachála, an bhreis, más ann, atá ag méid comhiomlán margadhluachanna na maoine cónaithe go léir, is maoin chónaithe iomchuí i ndáil leis an duine ar an dáta sin, ar mhéid na teorann díolúine margadhluacha ag a mbeidh feidhm ar an dáta luachála sin i gcás an duine;

ciallaíonn “áitiú”, i ndáil le maoin chónaithe, úsáid na maoine sin a bheith ag duine, cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear iarbhír í, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le duine inmheasúnaithe, agus maidir le haon dáta luachála, aon duine (seachas duine is fostaí de chuid an duine inmheasúnaithe agus ar leis an maoin chónaithe iomchuí a bhaineann a fhostaíocht go hiomlán nó go príomha) a riabh cónaí air go rialta ag aon mhaoin chónaithe iomchuí de chuid an duine inmheasúnaithe sa bhliain dar chríoch an dáta sin agus gurbh amhlaidh—

(a) nár íoc sé féin ná a chéile aon chíos ná íocaíocht eile dá shamhail i leith na háite cónaithe sin, nó

(b) gur íoc sé féin nó a chéile an riar sin de chíos nó d'íocaíocht eile dá shamhail i leith na háite cónaithe sin a d'fhágfadh, dá mba rud é gur duine lena mbaineann fo-alt (2) (b) (iv) a d'íoc é nó í i leith na maoine cónaithe iomchuí faoi léas, comhaontú nó ceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) (iv), gurb é an duine deiridh sin a luaitear a bheadh, de bhua fho-alt (2) (b) (iv), ina úinéir i ndáil leis an maoin chónaithe iomchuí;

ciallaíonn “maoin chónaithe iomchuí”, i ndáil le haon duine, aon mhaoin chónaithe arb eisean an t-úinéir i ndáil léi agus ar maoin í atá á háitiú aige mar theaghais nó teaghaisí;

ciallaíonn “maoin chónaithe”—

(a) foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, atá á úsáid nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus

(b) talamh (seachas gairdín den chineál a shonraítear in alt 39 (1) den Acht Airgeadais, 1978 ) atá ag áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad,

ach ní fholaíonn sé foirgneamh formheasta de réir bhrí alt 19 den Acht Airgeadais, 1982 ;

ciallaíonn “cáin” cáin mhaoine cónaithe is inmhuirearaithe de bhua na Coda seo;

tá le “na hAchtanna Cánach” an bhrí chéanna atá leis in alt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “dáta luachála”, i ndáil le haon bhliain, an 5ú lá d'Aibreán an bhliain sin.

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) d'ainneoin gan úsáid maoine cónaithe mar theaghais a bheith aige ar dháta luachála, áireofar duine mar dhuine ag a bhfuil úsáid na maoine mar theaghais ar an dáta luachála sin má bhíonn úsáid na maoine mar theaghais aige do bhunús na bliana dar críoch an dáta sin agus do bhunús na bliana dar tosach an chéad lá eile i ndiaidh an dáta sin;

(b) Faoi réir mhír (c) is úinéir duine i ndáil le maoin chónaithe má tharlaíonn don duine sin, ina aonar, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas—

(i) eastát ruílse sa mhaoin a shealbhú go tairbhiúil,

(ii) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil faoi léas, comhaontú nó ceadúnas ar faide ná 50 bliain a ré,

(iii) a bheith ina úinéir tairbhiúil faoi mhorgáiste ar chothromas fuascailte in eastát ruílse sa mhaoin nó ar chothromas fuascailte i leas sa mhaoin faoi léas, comhaontú nó ceadúnas den chineál a luaitear i bhfomhír (ii),

(iv) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil faoi léas, comhaontú nó ceadúnas (seachas léas, comhaontú nó ceadúnas den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (ii)), nach n-íoctar aon chíos nó íocaíocht eile dá shamhail faoi nó ina leith, nó—

(I) a n-íoctar cíos nó íocaíocht eile dá shamhail arb amhlaidh dá méid iomlán don tréimhse dár comhaontaíodh í gur lú é, ag féachaint do na luachanna agus do na himthosca eile a bhí i réim an tráth a comhaontaíodh ar mhéid an chíosa nó na híocaíochta eile, ná méid iomlán an chíosa nó na híocaíochta eile maidir leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas sin (dá ngairtear “an cíos neamhthuilleamaíoch” anseo feasta) don tréimhse sin a bhféadfaí bheith ag súil go gcomhaontófaí air an tráth sin ag féachaint do na luachanna sin agus do na himthosca eile sin dá mba ar an margadh oscailte agus ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí i ndáil leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas sin agus dá mba nach raibh an duine atá i dteideal an chíosa sin nó na híocaíochta sin i dteideal aon chomaoine eile maidir leis an léas, an comhaontú nó an ceadúnas, agus

(II) ar mó an difear idir méid iomlán an chíosa sin a dúradh nó na híocaíochta sin a dúradh agus méid iomlán an chíosa neamhthuilleamaíoch sin a dúradh ná 20 faoin gcéad den mhéid deiridh sin,

(v) an mhaoin a shealbhú go tairbhiúil ar toil nó trí fhulangacht aon duine eile, nó faoi aon iontaobhas, agus—

(I) nach n-íocann sé aon chíos ina leith, nó

(II) go n-íocann sé an riar sin de chíos ina leith a d'fhágfadh, dá mba faoi léas de chineál a luaitear i bhfomhír (iv) arna dheonú an tráth a thosaigh an duine ag sealbhú na maoine ar toil nó trí fhulangacht an duine eile sin, nó faoin iontaobhas, a d'íocfaí é, gurbh é an chéad duine a luaitear, faoi fhomhír (iv), a bheadh ina úinéir i ndáil leis an maoin;

(c) ní úinéir duine i ndáil le maoin chónaithe, de bhíthin fhomhír (iv) nó (v) de mhír (b)—

(i) má tá sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an maoin a chur ar fáil, nó go mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh i leith cánach murach alt (2) nó (3) den alt sin 117,

(ii) má tá sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 96 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an maoin a chur ar fáil,

(iii) más cuid í an mhaoin de mhaoin chónaithe iomchuí an duine a dheonaigh an léas nó an ceadúnas, nó a rinne an comhaontú, a luaitear san fhomhír sin (iv) nó más cuid í de mhaoin chónaithe iomchuí an duine ar ar a thoil nó trína fhulangacht a shealbhaítear an mhaoin de réir mar a luaitear san fhomhír sin (v), nó

(iv) má shealbhaíonn sé an mhaoin mar airíoch faoi chomhaontú a rinneadh ar neamhthuilleamaí;

(d) tráth a bheidh ré léasa, comhaontaithe nó ceadúnais á fionnadh, beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha alt 80 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , amhail mar atá feidhm acu chun críocha Chaibidil VI de Chuid IV den Acht sin;

(e) tráth a bheifear á fhionnadh an lú nó nach lú aon chíos nó íocaíocht eile dá shamhail faoi réim nó i leith léasa, comhaontaithe nó ceadúnais ná an cíos neamhthuilleamaíoch i leith na maoine áirithe, ní thabharfar aird ar aon fhoráil sa léas, sa chomhaontú nó sa cheadúnas áirithe ná in aon chomhaontú a bhaineann leis an léas, leis an gcomhaontú nó leis an gceadúnas sin a cuireadh isteach ann, i dtuairim na gCoimisinéirí, chun méid an chíosa neamhthuilleamaíoch a cheilt nó a laghdú.

Cáin mhaoine cónaithe a mhuirearú.

96. —Faoi réir fhorálacha na Coda seo agus aon rialachán faoin gCuid seo, déanfar, le héifeacht ar an agus ón 5ú lá d'Aibreán, 1983, cáin, ar a dtabharfar cáin mhaoine cónaithe, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc gach bliain ar ghlan-mhargadhluach mhaoin chónaithe iomchuí gach duine ar an dáta luachála gach bliain agus is é a bheidh sa ráta cánach aon go leith faoin gcéad den ghlan-mhargadhluach sin.

Maoin chónaithe inchánach duine.

97. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, is é a bheidh i maoin chónaithe iomchuí duine a bhfuil sainchónaí air sa Stát ar an dáta luachála an mhaoin go léir, cibé áit a bhfuil sí, ar maoin chónaithe iomchuí an duine í ar an dáta sin.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, ní bheidh i maoin chónaithe iomchuí duine nach bhfuil sainchónaí air sa Stát ar an dáta luachála ach an mhaoin sa Stát ar maoin chónaithe iomchuí an duine í ar an dáta sin.

Margadhluach maoine.

98. —(1) Sa Chuid seo, faoi réir na bhforálacha eile inti agus faoi réir aon rialachán fúithi, measfar gurb éard é margadhluach aon mhaoine an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe na maoine sin dá ndíolfaí mar áit chónaithe í ar an margadh oscailte ar an dáta luachála i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a bhféadfaí le réasún bheith ag súil go bhfaighfí dá mbarr an praghas is fearr ar an maoin don díoltóir.

(2) Tráth a bheidh margadhluach feo simplí neamhualaithe aon mhaoine á mheas de réir fho-alt (1) déanfaidh an duine ar cuid dá mhaoin chónaithe iomchuí an mhaoin praghas na maoine a shocrú de réir an phraghais ar an dáta luachála iomchuí agus ní dhéanfaidh sé aon laghdú ar an meastachán mar gheall ar an meastachán a bheith déanta ar an toimhde go mbeidh an duine sin nó aon duine eile inmhuirearaithe i leith cánach.

(3) Mura mbeidh na Coimisinéirí sásta le margadhluach aon mhaoine a bheidh measta ag aon duine, nó más dóigh leo gur gá déanamh amhlaidh, féadfaidh siad, faoi réir na gcoinníollacha agus na gceanglas céanna a bhaineann leis an duine sin, margadhluach na maoine sin a mheas agus, i gcás inar mó an margadhluach a bheidh measta amhlaidh ag na Coimisinéirí ná an margadhluach a bheidh measta ag an duine, is faoi threoir an mhargadhluacha a bheidh measta ag na Coimisinéirí agus ní faoi threoir an mhargadhluacha a bheidh measta ag an duine a dhéanfar aon mhuirearú i leith cánach.

(4) Fionnfaidh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine chun críocha fho-alt (3) nó alt 104 (2) i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine a bheidh cáilithe go cuí chuige sin aon mhaoin a iniúchadh agus luach na maoine sin a thuairisciú dóibh chun críocha na Coda seo agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina sheilbh cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith riachtanach.

(5) I gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí gur duine a bheidh ainmnithe acu a dhéanfaidh an luacháil, is iad na Coimisinéirí a íocfaidh costais na luachála sin.

Margadhluachanna a chionroinnt.

99. —Más rud é, maidir le haon dáta luachála, gur cuid í an mhaoin chónaithe de maoin chónaithe iomchuí is le dhá dhuine nó níos mó, is é an méid a bheidh le cur i gcuntas maidir le margadhluach na maoine sin chun a fháil amach cad iad glan-mhargadhluachanna na maoine cónaithe iomchuí is le gach duine de na daoine sin ar an dáta sin an méid a bhfuil idir é agus margadhluach na maoine cónaithe ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir a haon agus líon na ndaoine sin.

Teorainn díolúine mhargadhluacha.

100. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “teorainn díolúine ghinearálta” an teorainn díolúine mhargadhluacha ghinearálta a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála, is é sin le rá, an méid a gheofar trí £65,000 a iolrú ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983 é;

ciallaíonn “teorainn díolúine mhargadhluacha”, i ndáil le duine inmheasúnaithe maidir le dáta luachála, méid comhiomlán na dteorainneacha díolúine aonaid is inchurtha i leith na n-aonad de mhaoin chónaithe is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála sin;

ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua” an Treoir-Uimhir do Threoghluaiseachtaí i bPraghsanna Tithe Nua Príobháideacha a thiomsaíonn an Roinn Comhshaoil agus ciallaíonn an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua a bhaineann le haon dáta luachála an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Mhárta díreach roimh an dáta luachála sin á lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thithe nua do na trí mhí dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973.

ciallaíonn “teorainn díolúine aonaid”, i ndáil le dáta luachála, an chomhréir den teorainn díolúine ghinearálta i ndáil leis an dáta luachála sin is inchurtha i leith aonad de mhaoin chónaithe, agus is é a bheidh inti méid a chinnfear de réir na foirmle—

A × G

_____

B

i gcás—

arb é A margadhluach (arna fhionnadh gan féachaint d'alt 99) an aonaid de mhaoin chónaithe ar an dáta luachála,

arb é B comhiomlán na margadhluachanna (arna fhionnadh gan féachaint d'alt 99) de na haonaid go léir ba chuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála,

arb é G an teorainn díolúine ghinearálta:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeadh, i ndáil le dáta luachála, aonad de mhaoin chónaithe ina chuid den mhaoin chónaithe iomchuí is le dhá dhuine nó níos mó, go ndéanfar an teorainn díolúine aonaid i ndáil leis an aonad de mhaoin chónaithe sin i gcás an duine inmheasúnaithe a laghdú go dtí an méid a bhfuil idir é agus an teorainn díolúine aonaid arna ríomh gan féachaint don choinníoll seo an chomhréir chéanna atá idir a haon agus líon na ndaoine sin.

(2) Ní bheidh méid na teorann díolúine margadhluacha a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála i gcás aon duine níos mó ná an teorainn díolúine ghinearálta a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin.

Teorainn díolúine ioncaim.

101. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe éileamh chuige sin agus go gcruthóidh sé nár mhó comhiomlán a chuid ioncaim féin don bhliain dar críoch dáta luachála agus an t-ioncam don bhliain sin a bhí ag gach duine ar tharla dó, maidir leis an dáta luachála sin, a bheith ina dhuine iomchuí i ndáil leis an duine inmheasúnaithe (dá ngairtear “ioncam iomchuí comhiomlán” anseo ina dhiaidh seo sa Chuid seo) ná an teorainn díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar an dáta luachála sin, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin i leith ghlanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta luachála sin.

(2) Is é a bheidh sa teorainn díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar dháta luachála an méid a gheofar trí £20,000 a iolrú ar an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála sin agus tríd an iolrach a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an dáta luachála arb é an 5ú lá d'Aibreán, 1983, é.

(3) San alt seo ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim a thiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ciallaíonn an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann le haon dáta luachála an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí Feabhra díreach roimh an dáta luachála sin á lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí na Samhna, 1982.

Faoisimh imeallacha.

102. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe éileamh chuige sin agus go gcruthóidh sé nach mó a ioncam iomchuí comhiomlán maidir le haon dáta luachála ná méid is ionann agus comhiomlán na teorann díolúine ioncaim a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin agus £5,000, beidh sé i dteideal go ndéanfaí an cháin, más ann, is iníoctha aige i leith ghlan-mhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta luachála sin a laghdú go dtí méid is ionann agus an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A - E

T

×

______

5,000

i gcás—

arb é A méid an ioncaim iomchuí chomhiomláin,

arb é E an teorainn díolúine ioncaim, agus

arb é T an cháin a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo agus fho-alt (2), iníoctha.

(2) I gcás ina raibh duine inmheasúnaithe i dteideal faoisimh don bhliain mheasúnachta dar críoch dáta luachála, faoi alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith aon leanbh nó leanaí a chónaíonn leis, beidh sé i dteideal go ndéanfaí an cháin is iníoctha aige i leith ghlanmhargadhluach a chuid maoine cónaithe iomchuí ar an dáta sin a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle—

C

T

×

__

10

i gcás—

arb é C 1 nó, más mó ná 1 líon na leanaí sin, an líon sin (suas go dtí 10 ar a mhéid), agus

arb é T an cháin a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, iníoctha.

(3) Aon éileamh faoi fho-alt (1) ní mór é a dhéanamh i scríbhinn chun na gCoimisinéirí tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta luachála iomchuí.

Tuairisceáin a sheachadadh.

103. —(1) Ní mór do dhuine inmheasúnaithe, ar an nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach i ndiaidh gach dáta luachála, tuairisceán, agus é ar fhoirm a bheidh curtha ar fáil ag na Coimisinéirí, ar an maoin go léir is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála ag lua mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí, agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn air déanamh amhlaidh, ráiteas ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an maoin sin, nó le haon mhaoin a bhfuil cúis ag na Coimisinéirí a chreidiúint gur cuid í de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe sin, a sheachadadh orthu laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Ní mór do dhuine, má cheanglaíonn na Coimisinéirí le fógra i scríbhinn air déanamh amhlaidh, tuairisceán, agus é ar fhoirm a bheidh curtha ar fáil acu, ar an maoin go léir ba chuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine sin ar an dáta luachála a bheidh sonraithe san fhógra, ag lua mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin a sheachadadh ar na Coimisinéirí, laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, agus ní mór dó, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air déanamh amhlaidh, ráiteas ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil leis an maoin sin, a sheachadadh orthu.

(3) Beidh tuairisceán faoin alt seo le síniú ag an duine a mbeidh sé le seachadadh aige agus beidh dearbhú ann ón duine sin go bhfuil an tuairisceán cruinn iomlán, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal gur faoi mhionn a dhéanfar an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (3).

Cáin a mheasúnú agus a íoc.

104. —(1) Beidh cáin maidir le haon mhaoin chónaithe iomchuí a gceanglaítear í a áireamh i dtuairisceán faoi alt 103 dlite an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach tar éis an dáta luachála lena mbaineann an tuairisceán agus beidh cáin a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an duine inmheasúnaithe gan measúnacht a dhéanamh; ach féadfar cáin a bheidh dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an duine inmheasúnaithe (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura n-íocfar an cháin sin, nó aon chuid di, ar an dáta dlite nó dáta roimhe.

(2) In aon chás—

(a) a mbeidh duine inmheasúnaithe gan tuairisceán faoi alt 103 (1) a sheachadadh ar na Coimisinéirí ar an nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair díreach tar éis an dáta luachála iomchuí, nó

(b) a mbeidh duine gan tuairisceán faoi alt 103 (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe, nó

(c) a mbeidh na Coimisinéirí gan bheith sásta le haon tuairisceán a bheidh tugtha faoi alt 103 (1) nó alt 103 (2),

féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a dhéanamh den cháin is iníoctha ar ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí, nó aon choda di, is leis an duine ar an dáta luachála iomchuí ar measúnacht chánach í de cibé méid nó de cibé méid breise is cóir, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dóibh agus mar a chreideann siad, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc agus chun na críche sin féadfaidh na Coimisinéirí cibé meastachán a dhéanamh a mheasfaidh siad is gá de mhargadhluach aon mhaoine ar an dáta luachála sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a rinneadh faoin bhfo-alt seo a tharraingt siar agus measúnacht de mhéid na cánach is iníoctha a dhéanamh ar bhonn tuairisceáin a mheasann siad a chomhlíonann a gceanglais ar mhodh réasúnach agus a sheachadfar ar na Coimisinéirí laistigh de 30 lá tar éis dháta na measúnachta ó na Coimisinéirí de bhua an fho-ailt seo.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht chánach a athbhreithniú tráth ar bith agus, i gcás inar gá aon leasú a dhéanamh ar mheasúnacht de thoradh an athbhreithnithe, cibé acu i leith na maoine cónaithe iomchuí ar ar measúnaíodh cáin cheana féin nó i leith aon mhaoine cónaithe iomchuí breise, féadfaidh na Coimisinéirí, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dóibh agus mar a chreideann siad, measúnacht leasaithe a dhéanamh maidir leis an gcáin a bheidh dlite agus iníoctha ar ghlan-mhargadhluach mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe lena mbaineann nó ar ghlan-mhargadhluach aon choda di.

(4) Má dhéantar measúnacht leasaithe ní dhéanfaidh sin dochar do cheart na gCoimisinéirí measúnachtaí leasaithe breise a dhéanamh de mhéid na cánach is iníoctha ná dá gceart a cheangal ar an duine inmheasúnaithe áirithe tuairisceáin bhreise a sheachadadh, agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le tuairisceáin den sórt sin.

(5) Aon cháin nó cáin bhreise a bheidh dlite faoi mheasúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe arna déanamh de bhua an ailt seo, beidh sí dlite agus iníoctha ar an lá díreach i ndiaidh an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht chánach nó an mheasúnacht chánach leasaithe ach, chun críocha alt 105, áireofar an cháin nó an cháin bhreise mar cháin is iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba de bhua tuairisceán cruinn faoi alt 103 (1) ab iníoctha í.

(6) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, ach faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar measúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe a dhéanamh tráth ar bith.

(7) Aon mhéid cánach a bheidh dlite nó measúnaithe faoin alt seo beidh sé dlite do na Coimisinéirí agus iníoctha leo.

(8) Beidh feidhm ag alt 187 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le measúnacht chánach nó measúnacht chánach leasaithe mar atá feidhm aige maidir le measúnachtaí cánach ioncaim.

(9) Beidh feidhm ag alt 73 den Acht Airgeadais, 1974 , faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

Ús ar cháin.

105. —(1) Beidh ús simplí de réir 1.25 faoin gcéad sa mhí nó sa chuid de mhí, gan aon cháin ioncaim a asbhaint, iníoctha ar cháin ón dáta a mbeidh sí dlite agus iníoctha go dtí an dáta a n-íocfar í agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe ar an gcaoi chéanna ionann is dá mba chuid den cháin é:

Ar choinníoll nach mbeidh ús iníoctha mura mó ná £5 méid iomlán an úis sin.

(2) Bainfear feidhm as íocaíocht ar chuntas cánach—

(a) má bhíonn ús dlite ar cháin ar dháta an íoca, chun an t-ús a bheidh dlite amhlaidh a íoc, a mhéid is féidir sin, agus

(b) má bhíonn aon iarmhéid den íocaíocht sin fágtha, chun cibé méid cánach is ionann agus an t-iarmhéid sin a íoc.

(3) Faoi réir fho-ailt (1) agus (2), féadfar íocaíochtaí ar chuntas cánach a bheidh dlite ar aon dáta a íoc tráth ar bith tar éis an dáta sin, agus air sin scoirfidh ús de rith ar cibé cuid den íocaíocht ar chuntas is inchurtha i leith cánach.

(4) Ní lamhálfar ús is iníoctha faoin alt seo le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach.

(5) I gcás na Coimisinéirí a bheith míshásta le tuairisceán faoi alt 103 agus go bhfaighfear amach go bhfuil méid cánach nó méid breise cánach iníoctha de bhua mheasúnacht chánach arna déanamh faoi alt 104, ní bheidh aon ús iníoctha ar an méid cánach sin nó ar an méid breise cánach sin, más rud é—

(a) gur tugadh an tuairisceán in am, agus

(b) (i) maidir le méid cánach i gcás nach raibh aon cháin iníoctha ar bhonn ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí a bhí ar áireamh sa tuairisceán, nach mó ná £100 an méid cánach sin, nó

(ii) i gcás méid breise cánach—

(A) go ndearnadh an cháin ab iníoctha ar bhonn ghlan-mhargadhluach na maoine cónaithe iomchuí a bhí ar áireamh sa tuairisceán a íoc ar an dáta dlite nó roimhe sin, agus

(B) nach mó an méid breise cánach ná 10 faoin gcéad den chomhiomlán atá ag an méid breise cánach agus an cháin dá dtagraítear i gclásal (A) den fhomhír seo, agus

(c) go n-íocfar an méid cánach nó an méid breise cánach tráth nach déanaí ná mí amháin—

(i) ó dháta na measúnachta cánach ina bhfuil sé, mura mbeidh aon achomharc faoi alt 108 nó 109 i gcoinne na measúnachta, nó

(ii) ón dáta a gcinnfear achomharc faoi cheachtar de na hailt sin nó, má bhíonn níos mó ná achomharc amháin le cinneadh, ó dháta an chinnidh is déanaí.

Íocaíocht leis an mBailitheoir.

106. —Is leis an mBailitheoir a íocfar na suimeanna go léir a bheidh dlite faoi fhorálacha na Coda seo.

Ró-íoc cánach.

107. —(1) I gcás ina gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí gur mó an méid cánach nó úis a íocadh i leith mhaoin chónaithe iomchuí duine inmheasúnaithe ar dháta luachála ná an méid a dhligh an duine sin a íoc, aisíocfaidh na Coimisinéirí an t-anbharr leis an duine a d'íoc an t-anbharr, lena ainmní nó lena ionadaí pearsanta nó, de rogha na gCoimisinéirí, féadfaidh siad an t-anbharr, nó cibé cuid de a bheidh ag teastáil chun na críche sin, a choinneáil agus a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais de chuid an duine inmheasúnaithe i leith cáin nó ús a bheidh dlite agus iníoctha ag an duine a d'íoc an t-anbharr nuair a bheidh an t-aisíoc le déanamh, i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ar aon dáta luachála eile.

(2) I gcás ina mbeidh, faoin alt seo, aon mhéid le haisíoc nó le coinneáil, cuirfear leis an méid sin ús simplí de réir 1.25 faoin gcéad den mhéid a bheidh le haisíoc nó le coinneáil in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ón dáta a íocadh an t-anbharr is bun leis an aisíoc go dtí dáta an aisíoca nó na coinneála, de réir mar a bheidh. Ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte le linn ús a bheith á íoc faoin bhfo-alt seo agus ní dhéanfar an t-ús sin a áireamh nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

Achomhairc i ndáil le luach maoine cónaithe.

108. —Más éagóir le duine ar bith an cinneadh ó na Coimisinéirí maidir le margadhluach aon mhaoine cónaithe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh ar an modh a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha maidir le hachomhairc faoin alt sin den Acht sin.

Achomhairc i gcásanna eile.

109. —(1) San alt seo—

tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanfaidh achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoin alt seo.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine inmheasúnaithe a bhfuil measúnacht chánach déanta air i leith aon mhaoine cónaithe iomchuí agus arb éagóir leis an mheasúnacht féadfaidh sé, de réir fhorálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil.

(3) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo i ndáil le margadhluach maoine cónaithe.

(4) Duine a bheartóidh achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoínne measúnachta déanfaidh sé, laistigh de 30 lá tar éis dháta na measúnachta, fógra a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí go bhfuil sé chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta.

(5) Ní rachaidh na Coimisinéirí Achomhairc ar aghaidh le hachomharc faoin alt seo i gcoinne measúnachta ná ní thabharfaidh siad aird air mura n-íocfaidh an t-achomharcóir nó mura n-íocfar thar a cheann leis an mBailitheoir méid is ionann agus 75 faoin gcéad de mhéid na measúnachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás inarb éagóir leis an achomharcóir an mheasúnacht ar an bhforas go bhfuil sé i dteideal díolúine ó cháin de bhua alt 101 nó ar an bhforas nach duine inmheasúnaithe é.

(6) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm maidir le hachomharc faoin alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) tráthanna agus ionaid a cheapadh le hachomhairc a éisteacht;

(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus an ionaid a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht;

(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus na Coimisinéirí;

(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;

(v) achomharc a éisteacht, a chinneadh nó a dhíbhe ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht, a chinneadh nó a dhíbhe ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(vi) an mheasúnacht a bhfuil an fheidhm agus an éifeacht chéanna léi a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith i gcás nach ndéanfaidh an duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san ionad a bheidh ceaptha;

(vii) fadú na tréimhse le fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;

(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí;

(ix) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin go gceanglaítear achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur ceanglaíodh cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí nó go bhfuil cás den sórt sin ar feitheamh;

(x) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc,

ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.

(b) Beidh ag na Coimisinéirí, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de 10 lá tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a chinneadh, an ceart céanna atá ag an achomharcóir go n-athéistfidh breitheamh den Chúirt Chuarda an t-achomharc.

(c) An breitheamh den Chúirt Chuarda a athéistfidh achomharc faoin alt seo is breitheamh den Chúirt Chuarda é ar ina chuaird a chónaíonn an t-achomharcóir:

Ar choinníoll—

(i) in aon chás nach bhfuil cónaí sa Stát ar an achomharcóir, nó

(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid ann maidir leis an gcuaird,

gur breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath a athéistfidh an t-achomharc.

(7) (a) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí nó ag achomharcóir féadfar é a sheirbheáil leis an bpost.

(b) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, go dtí cuntasóir nó go dtí gníomhaire eile de chuid an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go ndearna sé, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann a tharraingt siar.

(8) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug na Coimisinéirí faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn sé sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.

Cáin a ghnóthú.

110. —(1) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú beidh feidhm acu, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), gach suim a bheidh dlite do na Coimisinéirí i leith cánach nó i leith úis ar cháin measfar gur fiach í a bheidh dlite de dhuine inmheasúnaithe nó dá ionadaí pearsanta don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar (gan dochar d'aon mhodh eile chun í a ghnóthú) agairt ina leith agus í a ghnóthú trí chaingean, nó trí imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne, an Aire Airgeadais nó na gCoimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Inland Revenue Regulation Act, 1890.

Fianaise in imeachtaí le cáin a ghnóthú.

111. —Beidh feidhm ag forálacha alt 39 den Acht Airgid, 1926 , in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche le cáin a ghnóthú nó i ndáil le cáin a ghnóthú.

Pionóis.

112. —(1) (a) Duine a sháróidh alt 103 (1) nó a mhainneoidh déanamh de réir fhógra faoi alt 103 (2) dlífear pionós £1,000 a chur air.

(b) I cás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine a bheidh i gceist.

(2) I gcás duine a bheith údaraithe, faoi réim nó chun críocha aon cheann d'fhorálacha na Coda seo, aon mhaoin a iniúchadh le margadhluach na maoine sin a thuairisciú do na Coimisinéirí agus go ndéanfaidh aon duine an t-iniúchadh sin a chosc nó an duine a bheidh údaraithe amhlaidh a bhac agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna i ndáil leis an iniúchadh, dlífear píonós £1,000 a chur ar an duine sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe go calaoiseach nó go faillíoch mar a leanas—

(a) aon tuairisceán nó tuairisceán breise a bheidh mícheart a sheachadadh,

(b) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon mhaoin is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe,

(c) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar liúntas, asbhaint, díolúine nó faoiseamh, nó

(d) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon ní eile,

a fhágfaidh gur lú an méid cánach is iníoctha i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe ná an méid ab iníoctha dá mbeadh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil sin ceart, dlífear pionós mar a leanas a chur air—

(i) £2,000, agus

(ii) méid na difríochta nó, i gcás calaoise, dhá oiread mhéid na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (5).

(4) I gcás nach go calaoiseach ná go faillíoch a sheachaid, a rinne nó a thug duine aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) agus go dtiocfaidh sé ar a umhail go raibh sin mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur go faillíoch a rinne sé an rud sin.

(5) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an difríocht idir—

(a) méid na cánach is iníoctha i leith mhaoin chónaithe iomchuí an duine inmheasúnaithe maidir leis an dáta luachála lena mbaineann an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil, agus

(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a rinne sé nó a chuir sé isteach ceart.

(6) Chun críocha fho-alt (3), i gcás ina seachadfar, ina ndéanfar nó ina dtabharfar thar ceann duine aon rud dá dtagraítear san fho-alt sin, measfar gurb é an duine sin a sheachaid, a rinne nó a thug é mura gcruthóidh sé gur gan fhios dó agus gan toiliú uaidh a rinneadh sin.

(7) Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh le haon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil is eol dó a bheith mícheart a sheachadadh, a dhéanamh nó a thabhairt chun aon chríocha cánach, dlífear pionós £1,000 a chur air.

(8) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear d'aon imeachtaí coiriúla.

(9) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh feidhm ag ailt 128 (4), 507, 508, 510, 511, 512, 517 agus 518 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le pionós faoin alt seo ionann is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte.

113. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a bheidh sonraithe san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cáin is iníoctha faoi dhlíthe an Stáit agus aon cháin den ghné chéanna a forchuireadh faoi dhlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na comhshocraíochtaí.

(2) Féadfaidh forálacha le haghaidh faoisimh ó cháin a muirearaíodh sula ndearnadh na comhshocraíochtaí agus forálacha maidir le maoin nach bhfuil faoi réir cánach dúbailte í féin a bheith ar áireamh in aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí leis an alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an ailt seo.

(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir le comhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche gur le rialtas an stáit sin a rinneadh iad.

(4) I gcás feidhm dlí a bheith ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní bheidh an oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán ina bac ar na Coimisinéirí cibé faisnéis, a cheanglaítear a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí, a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe don rialtas lena ndearnadh na comhshocraíochtaí.

(5) (a) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin.

(b) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.

(6) (a) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí gur íocadh cáin den ghné chéanna le cáin mhaoine cónaithe i gcríoch lasmuigh den Stát i leith maoin chónaithe (seachas maoin chónaithe sa Stát) is cuid de mhaoin chónaithe iomchuí duine inmheasúnaithe ar aon dáta luachála faoi threoir aon dáta roimh an dáta luachála sin ach laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta sin, féadfaidh siad liúntas a thabhairt i modh creidmheasa in aghaidh na cánach a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an maoin chónaithe sin don dáta luachála sin i leith an cháin choigríche a íocadh sa chríoch sin maidir leis an maoin chónaithe sin agus chun na críche sin is é a bheidh sa cháin a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an maoin chónaithe sin don dáta luachála sin an méid a bhfuil idir é agus iomlán na cánach is iníoctha ag an duine inmheasúnaithe maidir lena mhaoin chónaithe iomchuí ar an dáta luachála an chomhréir chéanna atá idir margadhluach na maoine cónaithe sin ar an dáta sin agus comhiomlán mhargadhluachanna na maoine cónaithe go léir is cuid dá mhaoin chónaithe iomchuí ar an dáta sin.

(b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i leith cáin mhaoine cónaithe a bheidh dlite agus iníoctha do dháta luachála ach ní bheidh éifeacht leis i ndáil le cáin choigríche a mbeidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith agus socrú ann le haghaidh faoisimh ó chánachas dúbailte.

Leathnú ar Achtanna áirithe.

114. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin mhaoine cónaithe” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “residential property tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.

Rialacháin.

115. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin is dóigh leo is gá le héifeacht a thabhairt don Chuid seo agus lena chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Oifigigh a údarú.

116. —Féadfaidh na Coimisinéirí a údarú d'aon duine dá n-oifigigh aon ghníomh a dhéanamh agus aon fheidhm a chomhlíonadh a n-údaraíonn an Chuid seo do na Coimisinéirí é a dhéanamh nó í a chomhlíonadh.