2 1983


Uimhir 2 de 1983


ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH PIONÓIS MHÉADAITHE MAIDIR LE CIONTA FAOI ACHTANNA IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952 GO 1976. [3 Márta, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1961” Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 .

Féadfar cionta áirithe a thriail ar díotáil.

2. —(1) Féadfar duine a chúiseofar i gcion faoi alt 35 den Phríomh-Acht a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Féadfar duine a chúiseofar i gcion faoi alt 49 den Phríomh-Acht a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Déanfar aon tagairt do chiontú achomair in alt 35 nó in alt 49 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chiontú ar díotáil.

Athrú ar phionóis áirithe faoin bPríomh-Acht.

3. —(1) Duine a chiontóidh an Chúirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an oiread sin den phionós dá bhforáiltear amhlaidh is fíneáil, príosúnacht, fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, an pionós iomchuí a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(2) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 41 (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1961) den Phríomh-Acht dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i bhfo-alt (4) (b) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 41 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(3) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 52A (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1961) den Phríomh-Acht dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 52A agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo.

AN TÁBLA

Uimh. Thag.

An t-alt den Phríomh-Acht

An Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

35,49.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500 mar aon le méid nach mó ná £50 in aghaidh gach bradán agus £10 in aghaidh gach breac ar ina leith a rinneadh an cion faoin alt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

2.

41, 43, 52A, 67.

Fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

3.

56(4)

Fíneáil nach mó ná £200.

4.

69.

Fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis a chiontaithe ann.

5.

83(3).

Fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Leasú ar alt 64 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 64 den Phríomh-Acht trí “agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur air” a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh “i gcoinne an Achta seo”.

Ionchúiseamh i gcionta.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 73.

“73.—Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Coimisiún nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta den Gharda Síochána agus iad sin amháin, agus ní duine ar bith eile, a fhéadfaidh imeachtaí sa Chúirt Dúiche a thionscnamh maidir le cion faoin Acht seo.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1961) tríd an Airteagal seo a leanas a chur in ionad Airteagal 2(a):

“(a)  imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh (seachas imeachtaí coiriúla ar díotáil) chun aon fhoráil den Acht seo, nó d'aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, nó, i limistéar an Fheabhail, chun aon dlí maidir le hiascaigh, a chur i bhfeidhm;”.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna Iascaigh an Fheabhail, 1952 go 1976, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna Iascaigh an Fheabhail, 1952 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961

1961, Uimh. 44