An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEITHREASA, 1982)

29 1982

AN tACHT LEITHREASA, 1982

AN SCEIDEAL

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982.

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna nach mó ná

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

 

£

£

1

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin, agus le haghaidh costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin     ...     ...     ...     ...

122,000

--

2

Le haghaidh tuarastail agus costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe, agus le haghaidh costais áirithe i ndáil le Tionól na hEorpa     ...     ...     ...

8,104,000

14,000

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

7,659,000

64,500

4

Le haghaidh tuarastail agus costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ...     ...     ...     ...

5,315,000

128,000

5

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon     ...     ...     ...

3,840,000

--

6

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...     ...

16,573,000

87,000

7

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ...     ...

797,000

152,000

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ...

61,194,000

7,555,600

9

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh costais bhaile áirithe; le haghaidh caiteachas i leith foirgneamh poiblí agus foirgneamh áirithe eile; chun páirceanna agus oibreacha poiblí áirithe a chothabháil; chun oibreacha siltin agus oibreacha innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil     ...     ...     ...     ...

90,291,000

13,500,000

10

Le haghaidh tuarastail agus costais na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...     ...

968,000

24,000

11

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ...     ...

125,000

--

12

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne     ...     ...     ...     ...

3,037,000

45,000

13

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí     ...     ...

734,000

10,000

14

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe     ...

329,000

--

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh clódóireacht agus ceangaltóireacht, páipéar, foilseacháin, innealra oifige agus soláthairtí eile oifige do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh ilchuspóirí ilghnéitheacha     ...     ...     ...     ...

8,213,000

1,250,000

16

Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus mionseirbhísí áirithe     ...     ...     ...

5,698,000

1,012,000

17

Le haghaidh rátaí agus ranníocaí in ionad rátaí, etc.. i leith maoin Rialtais, agus le haghaidh ranníocaí i leith rátaí ar áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha     ...     ...

7,304,000

1,868,000

18

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

6,501,000

1,268,000

19

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ...     ...     ...

1,484,000

1,305,000

20

Le haghaidh pinsin, aoisliúntais, cúiteamh (lena n-áiritear cúiteamh do lucht oibre), agus liúntais agus aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , agus faoi reachtanna iolartha eile; pinsin, liúntais agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag Aire na Seirbhíse Poiblí; táillí do lia-réiteoirí agus táillí ócáideacha do dhochtúirí; cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; íocaíochtaí ilghnéitheacha, etc.     ...     ...     ...

33,032,000

5,027,000

21

Le haghaidh deontais d'Údaráis Áitiúla mar fhaoiseamh i leith rátaí ar thalamh talmhaíochta     ...     ...     ...     ...

89,087,000

--

22

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Oifig na dTaifead Poiblí, agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar agus chun doiciméid stairiúla, etc., a cheannach agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...

12,537,000

275,800

23

Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhís sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...

177,263,000

2,227,800

24

Le haghaidh costais i ndáil le príosúin, lena n-áirítear ionaid choinneála d'ogánaigh; agus le haghaidh seirbhísí promhaidh agus leasa     ...

43,271,000

299,000

25

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Coiriúla Speisialta, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ...     ...     ...     ...

6,973,000

600,000

26

Le haghaidh tuarastail agus costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas     ...

5,253,000

--

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ...     ...     ...     ...

92,000

110

28

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Comhshaoil, lena n-áirítear deontais in ionad rátaí ar thalamh talmhaíochta agus deontais eile d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna, fóirdheontais agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...

469,106,010

18,913,000

29

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ...

60,523,000

486,500

30

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntais Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.

285,528,000

1,272,000

31

Le haghaidh Iarbhunoideachais     ...     ...

334,618,000

9,908,000

32

Le haghaidh costais i ndáil le Teaghlaigh Chónaithe agus Scoileanna Speisialta     ...

4,156,000

17,200

33

Le haghaidh deontais-i-gcabhair don Údarás um Ard-Oideachas, d'Institiúidí agus Seirbhísí Áirithe Ardoideachais agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ...     ...     ...

90,338,010

1,600

34

Le haghaidh tuarastail agus costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...     ...

597,000

250

35

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair     ...     ...     ...

19,574,010

594,020

36

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le Foraoiseacht, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

34,787,010

8,548,240

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair     ...     ...     ...

16,393,000

28,000

38

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

276,081,010

79,428,000

39

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún Talún na hÉireann, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...

15,311,000

1,995,000

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...

75,291,000

2,000,010

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...

94,182,000

2,763,010

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc     ...

118,474,000

9,854,510

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...

344,917,000

268,577,000

44

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...

204,113,000

7,060,000

45

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna iolartha le comhaltaí d'Oglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais iolartha i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ...     ...     ...     ...     ...

31,111,000

816,410

46

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...

13,577,000

2,650,000

47

Le haghaidh ranníocaí d'Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...

15,745,000

--

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, Je haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Arachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas     ...

934,862,000

27,102,400

49

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais do Bhoird Sláinte, deontais ilghnéitheacha agus deontas-i-gcabhair     ...     ...     ...

855,014,000

85,500,000

50

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Fuinnimh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun iasachtaí, fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...

279,802,020

7,715,520

51

Le haghaidh méaduithe ar Luach Saothair agus Pinsin     ...     ...     ...     ...     ...

193,000,000

--

 

An tIomlán           ...       ...           £

5,362,896,070

571,943,480


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891,    c.    24