28 1982


Uimhir 28 de 1982


AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT d'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [27 Nollaig, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú.

1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1983, agus rachaidh sé in éag ansin.

(2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1977, ach amháin alt 2.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1982, a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956

1956, Uimh. 1

An tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1977

1977, Uimh. 26