26 1982


Uimhir 26 de 1982


AN tACHT UM CHEARDLANNA DEARTHÓIREACHTA CHILL CHAINNIGH TEORANTA, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL I gCEARDLANNA DEARTHÓIREACHTA CHILL CHAINNIGH TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIRCHAIPITEAL NA CUIDEACHTA SIN A MHÉADÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Nollaig, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Fuinnimh.

Scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta milliún punt arna roinnt i scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarain, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

An tAire Airgeadais d'fháil scaireanna.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná milliún punt.

(2) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais tar éis dáta an Achta seo a rith faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a thóg sé nó a fuair sé ar shlí eile.

An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a thóg sé nó a fuair sé faoin Acht seo a shealbhú fad is cuí leis agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is cuí agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Déanfar na glanfháltais ó dhíol a rinne an tAire Airgeadais ar scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhme ag sealbhóir scaireanna.

5. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Chuideachta a bheidh á sealbhú aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh sé é a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.

6. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú.

7. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo.

Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú.

8. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú sa mheabhrán nó sna hairteagail sin bailí ná ní bheidh éifeacht leis mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

Srian le scaireanna a eisiúint.

9. —Ní dhéanfar scaireanna sa Chuideachta a eisiúint mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, i ndiaidh an eisiúint a údarú.

An Chuideachta d'fháil iasachtaí.

10. —Ní bhfaighidh an Chuideachta aon airgead ar iasacht gan ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Oibleagáid chun cláir chomhardaithe etc., a chur ar fáil.

11. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Cuideachta cuirfidh an Chuideachta ar fáil don Aire—

(a) clár comhardaithe amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Cuideachta,

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Cuideachta, agus

(c) cóip den tuarascáil ó stiúrthóirí na Cuideachta chuig scairshealbhóirí na Cuideachta don bhliain chuntasaíochta sin.

(2) Déanfar na cláir chomhardaithe agus na cuntais sochair agus dochair a chuirfear ar fáil de bhun fho-alt (1) den alt seo a tharraingt suas i cibé foirm a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, gach cuntas sochair agus dochair agus gach tuarascáil a chuirfear ar fáil dó de bhun fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe sin, an cuntas sochair agus dochair sin agus an tuarascáil sin a chur ar fáil dó amhlaidh.

(4) Má iarrann an tAire uirthi é cuirfidh an Chuideachta ar fáil don Aire cibé faisnéis a éileoidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil a cheanglaítear a thabhairt le fo-alt (1) den alt seo nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na Cuideachta.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.

12. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an gCuideachta le haghaidh aon sochair aoisliúntais.

Coinníollacha seirbhíse, luach saothair, etc., phríomh-oifigeach, oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta.

13. —(1) Sealbhóidh oifigeach (lena n-áirítear an príomh-oifigeach, cibé acu is Príomh-Fheidhmeannach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) agus seirbhíseach don Chuideachta a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chuideachta ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach agus le hoifigigh agus seirbhísigh don Chuideachta cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Táillí chathaoirleach agus stiúrthóirí na Cuideachta.

14. —Íocfaidh an Chuideachta lena cathaoirleach agus lena stiúrthóirí cibé táillí (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta.

15. —Ní ghlacfaidh aon athrú a dhéanfar ar na téarmaí a bheidh i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith do rialú pinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú, ar chomhalta de bhuanfhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomh-oifigeach (cibé acu is Príomh-Fheidhmeannach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, don chomhalta sin, nó don phríomh-oifigeach sin, nó ina leith, éifeacht, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile do dhéanamh socrú le haghaidh sochair i dteannta na dtéarmaí dá dtagraítear thuas éifeacht, mura mbeidh an t-athrú nó an chomhshocraíocht ceadaithe ag an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Forálacha lena mbeidh éifeacht in imthosca áirithe.

16. —Beidh éifeacht le forálacha ailt 8 go 15 den Acht seo fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta á sealbhú ag an Aire Airgeadais.

Caiteachais an Aire.

17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar an tAcht um Cheardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta, 1982 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982