20 1982


Uimhir 20 de 1982


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA FORBARTHA POBAIL, 1982

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ (DÁ nGAIRFEAR AN GHNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA FORBARTHA POBAIL) LE COMHAIRLE A THABHAIRT DON AIRE SLÁINTE FAOI BHEARTAS NÁISIÚNTA MAIDIR LE FORBAIRT PHOBAIL, FÉINCHÚNAMH, BOCHTAINEACHT AGUS DEALÚS SÓISIALACH, DO THACÚ LE GNÍOMH SAORÁLACH AG AN bPOBAL I nDÁIL LEIS NA NITHE SIN AGUS DO SPREAGADH NÍOS MÓ TUISCEANA I MEASC AN PHO-BAIL INA dTAOBH, DO SHAINIÚ CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA NA GNÍOMHAIREACHTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA EILE. [28 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Pobail a bhunaítear le halt 3 den Acht seo;

tá le “an Príomh-Oifigeach” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

ciallaíonn “comhlacht reachtúil”—

(i) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ,

(ii) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ,

(iii) bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht.

(2) Tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Bunú na Gníomhaireachta.

3. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, comhlacht dá ngairfear an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Pobail a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici, le ceadú roimh ré ón Aire, talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus (leis an gceadú sin arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais) airgead a fháil ar iasacht.

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

4. —(1) Is iad feidhmeanna na Gníomhaireachta—

(a) comhairle a thabhairt don Aire agus moltaí a dhéanamh dó maidir le beartais fhorbartha pobail agus cláir fhorbartha pobail, i ndáil le féinchúnamh, bochtaineacht agus seirbhísí sóisialacha agus, le ceadú an Aire, cláir den sórt sin a ghabháil de láimh ar bhonn trialach i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí reachtúla agus gníomhaireachtaí saorálacha agus na cláir sin a mheas;

(b) cláir i ndáil le féinchúnamh, bochtaineacht agus dealús sóisialach a spreagadh agus a chomhordú, d'fhonn gníomh níos éifeachtaí ó chomhlachtaí reachtúla agus ó ghníomhaireachtaí saorálacha a bhaint amach;

(c) pobail ina bhfuil mórchuid bochtaineachta agus dealúis shóisialaigh a fhionnadh agus a shonrú;

(d) tionscadail maidir le páirteachas agus gníomhaíocht pobail a chothú agus a fhóirithint lena n-áirítear cúnamh airgeadais nó ábhartha a thabhairt, agus tiomsú ar mheithil féinchúnaimh a éascú go háirithe i bpobail ina bhfuil mórchuid bochtaineachta agus dealúis shóisialaigh;

(e) comhairle a thabhairt don Aire faoi na gnéithe sóisialacha de phleanáil eacnamaíoch agus sóisialach.

(f) comhairle a thabhairt don Aire faoi fhorbairt seirbhísí pobal-bhunaithe, lena n-áirítear go háirithe oiliúint níos fearr agus foireann forbartha pobail a chur ar fáil;

(g) leas a bhaint as taighde, agus meas a thabhairt ar thaighde, arna dhéanamh ag comhlachtaí oideachais den tríú leibhéal agus ag comhlachtaí eile maidir le féinchúnamh, bochtaineacht agus dealús sóisialach agus taighde den sórt sin ar thionscadail shonracha a spreagadh agus, le ceadú an Aire, an taighde sin a dhéanamh, ó am go ham;

(h) eolas, rochtain agus comheagrú níos fearr ar sheirbhísí sóisialacha a spreagadh;

(i) faisnéis faoi fhorbairt phobail, féinchúnamh, bochtaineacht agus dealús sóisialach a bhailiú agus a scaipeadh;

(j) níos mó tuisceana a spreagadh i measc an phobail i dtaobh cineál agus méid na bochtaineachta agus an dealúis shóisialaigh, na cúiseanna atá leo agus na bearta is gá chun iad a mhaolú;

(k) cibé tascanna a dhéanamh agus cibé tuarascálacha a thabhairt a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, feidhmeanna na Gníomhaireachta a leasú le rialacháin.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ag comhlíonadh a feidhmeanna di, de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire di ó am go ham.

(4) Féadfaidh comhlacht reachtúil, agus, má ordaíonn an tAire ar a bhfuil freagracht reachtúil ina leith amhlaidh, beidh air, comhoibriú leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Comhaltaí na Gníomhaireachta.

5. —(1) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe, 12 dhuine ar a laghad agus 15 dhuine ar a mhéid a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí den Ghníomhaireacht.

(2) Ceapfar comhalta den Ghníomhaireacht ar feadh cibé téarma, nach faide ná trí bliana, a chinnfidh an tAire nuair a bheidh sé á cheapadh aige.

(3) Déanfaidh an tAire dhá chomhalta den Ghníomhaireacht a cheapadh, duine acu chun bheith ina chathaoirleach agus an duine eile chun bheith ina leas-chathaoirleach, faoi seach, ar an nGníomhaireacht.

(4) Má scoireann cathaoirleach nó leas-chathaoirleach ar an nGníomhaireacht de bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht scoirfidh sé air sin de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an nGníomhaireacht.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Ghníomhaireacht a chur as oifig mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach ar an nGníomhaireacht.

(6) Scoirfidh comhalta den Ghníomhaireacht de bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht ar an Aire dá iarraidh air i scríbhinn éirí as.

(7) Féadfaidh aon chomhalta den Ghníomhaireacht (lena n-áirítear an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach) éirí as mar chomhalta tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí-as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, nuair a thosóidh an chéad chruinniú den Ghníomhaireacht a thionólfar tar éis don Aire an litir a fháil.

(8) Beidh comhalta den Ghníomhaireacht (lena n-áirítear an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach) a rachaidh a théarma oifige in éag seachas faoi fho-alt (6) den alt seo inathcheaptha.

(9) Ní chuirfidh aon fholúntas nó folúntais i measc comhaltaí na Gníomhaireachta ná aon locht ar cheapachán aon chomhalta den Ghníomhaireacht imeachtaí na Gníomhaireachta ó bhail.

(10) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (1) den alt seo a athrú.

Cruinnithe, nós imeachta, etc. na Gníomhaireachta.

6. —(1) Tionólfaidh an Ghníomhaireacht cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, ach ní lú ná sé chruinniú gach bliain a líon.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad do chéad-chruinniú na Gníomhaireachta.

(3) Is de réir scéime a bheidh ceadaithe ag an Aire a bheidh na nósanna imeachta i ndáil le cruinnithe a thionól.

(4) Féadfaidh an Ghníomhaireacht coistí a cheapadh (a bhféadfaidh daoine nach comhaltaí den Ghníomhaireacht a bheith ar áireamh orthu) d'fhonn comhlíonadh a feidhmeanna a éascú, agus déanfaidh aon choiste den sórt sin de réir aon ordacháin a thabharfaidh an Ghníomhaireacht dó.

(5) Ní bhfaighidh duine aon luach saothair as ucht gníomhú mar chomhalta den Ghníomhaireacht nó mar chomhalta de choiste a cheapfar faoi fho-alt (4) den alt seo, ach féadfar cibé liúntais taistil agus chothaithe a cheadóidh an tAire le comhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí a íoc leis.

(6) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Ghníomhaireacht a nós imeachta agus a gnó.

Deontais don Ghníomhaireacht, etc.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le ceadú roimh ré ón Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, a íoc leis an nGníomhaireacht gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Is é a bheidh i mbliain airgeadais na Gníomhaireachta an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig aon bhliain, agus measfar gur bliain airgeadais an tréimhse ó dháta thosach feidhme an Achta seo go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1982.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndáil le gach bliain airgeadais, meastachán ar a caiteachais agus ar a fáltais go léir a ullmhú agus a chur chuig an Aire (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) agus is i cibé foirm a cheanglóidh an tAire a bheidh na meastacháin sin.

Cuntais agus iniúchadh.

8. —(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Ghníomhaireacht nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear, go háirithe, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Ghníomhaireacht cóip de na cuntais (agus d'aon chuntais a choimeádfar de bhun ordacháin ón Aire), mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a chur chuig an Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thabharfar ar aird dó faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Aon uair a iarrfaidh an tAire uirthi é, ceadóidh an Ghníomhaireacht d'aon duine a bheidh ceaptha aige leabhair agus cuntais na Gníomhaireachta i leith tréimhse ar bith a scrúdú agus éascóidh sí aon scrúdú den sórt sin.

Tuarascáil bhliantúil, etc.

9. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis deireadh a bliana airgeadais, tuarascáil ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé ó am go ham i ndáil le tuarascáil faoin alt seo nó i ndáil lena gníomhaíochtaí (seachas riarachán ó lá go lá).

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar an nGníomhaireacht sonraí ar a pleananna i dtaobh comhlíonadh a feidhmeanna sa todhchaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus beidh ar an nGníomhaireacht déanamh de réir aon cheanglais ón Aire faoin bhfo-alt seo.

Príomh-Oifigeach na Gníomhaireachta.

10. —(1) Ceapfaidh an Ghníomhaireacht duine ar a dtabharfar Príomh-Oifigeach na Gníomhaireachta agus is dá réir sin a ghníomhóidh sé agus “an Príomh-Oifigeach” a ghairtear de san Acht seo.

(2) Sealbhóidh an Príomh-Oifigeach a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus feidhmeoidh sé cibé dualgais, a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfaidh an Ghníomhaireacht leis an bPríomh-Oifigeach cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Fostaithe na Gníomhaireachta.

11. —(1) I dteannta an Phríomh-Oifigigh, féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina bhfostaithe den Ghníomhaireacht (faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, maidir le líon agus cineál na bhfostaithe sin) a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, agus nuair a bheidh aon duine den sórt sin á cheapadh aici déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon ordachán a thabharfaidh an tAire (leis an toiliú sin) i ndáil leis an nós imeachta a bheidh le leanúint.

(2) Gach fostaí den Ghníomhaireacht a shealbhóidh oifig go buan scoirfidh sé de bheith ag sealbhú oifige ar 65 bliana d'aois a shlánú.

(3) Sealbhóidh fostaithe na Gníomhaireachta a bhfostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach cibé dualgais a mheasfaidh sé is iomchuí a shannadh ó am go ham do gach fostaí agus comhlíonfaidh gach fostaí acu sin na dualgais a sannadh amhlaidh.

(5) Íocfaidh an Ghníomhaireacht lena fostaithe, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Ghníomhaireacht, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Nuair a bheidh cinneadh faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo á dhéanamh, gníomhóidh an Ghníomhaireacht de réir ordacháin an Aire agus beidh aird aici ar aon chomhshocraíochtaí comhréitigh agus eadrána a bheidh i ngníomh do dhaoine dá ndéanfaidh an cinneadh difear.

Aoisliúntas.

12. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe, ullmhóidh an Ghníomhaireacht, nó cuirfidh sí faoi deara go n-ullmhófar, scéim chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú d'fhostaithe na Gníomhaireachta nó ina leith ar iad do scor nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Beidh scéim faoin alt seo faoi réir cheadú an Aire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfaidh an Ghníomhaireacht í a leasú leis an gceadú sin agus leis an toiliú sin.

(3) Ní dheonóidh an Ghníomhaireacht pinsean, aisce nó liúntas eile ar fhostaí den Ghníomhaireacht d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin de réir scéime a bheidh ceadaithe faoin alt seo.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

13. —(1) I gcás ina ndéanfar comhalta den Ghníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht.

(2) I gcás ina ndéanfar duine atá fostaithe ag an nGníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Gníomhaireachta agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin (de réir mar a bheidh) nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag an nGníomhaireacht.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht le haghaidh aon sochair aoisliúntais.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

14. —Faoi réir cheadú roimh ré ón Aire, féadfaidh an Ghníomhaireacht ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, agus íocfaidh an Ghníomhaireacht as airgead a bheidh faoina réir aici aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhlairleoir a fostaíodh faoin alt seo.

Tabhartais.

15. —(1) Faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh an Ghníomhaireacht bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil leis ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Gníomhaireachta.

(3) Ní shirfidh an Ghníomhaireacht bronntanais nó tabhartais.

Séala na Gníomhaireachta.

16. —(1) Soláthróidh an Ghníomhaireacht séala di féin a luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Gníomhaireachta le síniú chathaoirleach na Gníomhaireachta nó chomhalta éigin eile den Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht gníomhú chuige sin, mar aon le síniú fostaí den Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Gníomhaireachta, agus, gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Ghníomhaireacht agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2) den alt seo) na Gníomhaireachta, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

Faisneis a nochtadh.

17. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú na Gníomhaireachta, aon fhaisneis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta nó mar fhostaí den Ghníomhaireacht nó mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Ghníomhaireacht.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil a thabharfar don Ghníomhaireacht nó (thar ceann na Gníomhaireachta) don Aire,

(b) comhalta nó fostaí den Ghníomhaireacht do nochtadh faisnéise chun críocha scéime taighde nó forbartha.

An Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí.

18. —Ar an lá bunaithe—

(a) aon duine atá i bhfostaíocht ag an gcomhlacht dá ngairtear an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí tiocfaidh sé chun bheith ina fhostaí den Ghníomhaireacht;

(b) déanfar an mhaoin go léir atá dílsithe don chomhlacht dá ngairtear an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di, a aistriú chuig an nGníomhaireacht;

(c) déanfar gach fiach agus dliteanas eile de chuid an chomhlachta dá ngairtear an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí a aistriú chuig an nGníomhaireacht;

(d) gach banna, ráthaíocht, conradh agus comhaontú ina ndeachaigh nó a thug an comhlacht dá ngairtear an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh sé infheidhme ag an nGníomhaireacht nó ina haghaidh;

(e) i ngach caingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht eile atá ar feitheamh agus ar páirtí ann an comhlacht dá ngairtear an Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, glacfaidh an Ghníomhaireacht ionad an Bhoird sin.

Rialacháin.

19. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Díolúine ó dhleacht stampa.

20. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon tíolacas, aistriú nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Ghníomhaireacht.

Caiteachais.

21. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

22. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Pobail, 1982 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23