Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

16 1982


Uimhir 16 de 1982


AN tACHT UM RIALÚ GÁIS, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á CHUMASÚ DO GHNÓTHAIRÍ ÁIRITHE A SHOLÁTHRAÍONN GÁS MEAMRAIM NÓ AIRTEAGAIL CHOMHLACHAIS A GHLACADH, AGUS THAIRIS SIN AN DLÍ A BHAINEANN LE SOLÁTHAR GÁIS A LEASÚ. [21 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

folaíonn “muirear” morgáiste;

ciallaíonn “Acht na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí;

folaíonn “stiúrthóir” aon duine atá i seilbh oifige mar stiúrthóir, is cuma cad a ghairfear de;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Fuinnimh;

folaíonn “modhnuithe” eisiataí;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “réamheolaire” réamheolaire de réir bhrí Acht na gCuideachtaí;

folaíonn “scair” stoc, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

ciallaíonn “Acht speisialta” aon Acht, seachas Acht Ginearálta Poiblí, agus folaíonn sé Acht speisialta de réir bhrí an Companies Clauses Consolidation Act, 1845, nó aon ordú a measfar, de bhua alt 10 (5) den Gas Regulation Act, 1920, gur Acht speisialta é de réir na brí sin;

ciallaíonn “ionstraim reachtúil” ionstraim reachtúil de réir bhrí an Achta Léiriúcháin, 1937 ;

ciallaíonn “gnóthaire” aon duine, seachas údarás áitiúil nó Bord Gáis Éireann, atá ag seoladh gnó chun gás a sholáthar trí phríomhphíopaí gáis.

Féadfaidh gnóthairí meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a ghlacadh.

2. —(1) (a) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh gnóthaire le rún meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a ghlacadh.

(b) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh gnóthaire le rún leasú, lena n-áirítear leasú ag athrú ainm an ghnóthaire, a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a glacadh go cuí faoin alt seo.

(2) I gcás ina nglacfaidh gnóthaire meabhrán faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) déarfar sa mheabhrán go n-áirítear ar chuspóirí an ghnóthaire—

(i) gás a mhonarú, a tháirgeadh, a fháil, a cheannach, a tharchur, a dháileadh agus a sholáthar laistigh de cibé limistéar a bheidh ceadaithe de thuras na huaire de réir dlí, agus

(ii) gnó fóntais gháis a sheoladh laistigh den limistéar sin,

(b) sonróidh an meabhrán ainm an ghnóthaire agus méid chaipiteal an ghnóthaire, agus, i gcás gur dliteanas teoranta dliteanas na scairshealbhóirí nó na stocshealbhóirí, beidh ráiteas ann á rá sin, agus

(c) sonróidh an meabhrán aon Acht speisialta ag a bhfuil feidhm maidir leis an ngnóthaire lena mbaineann, nó, i gcás nach mbeidh feidhm amhlaidh ach ag cuid d'Acht speisialta, sonróidh sé na forálacha den Acht sin ag a bhfuil feidhm amhlaidh.

(3) (a) Beidh meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais, nó leasú a bheidh glactha go cuí faoin alt seo, agus iad daingnithe ag an Aire i gcás a gceanglaítear leis an alt seo iad a dhaingniú amhlaidh, ina cheangal nó ina gceangal ar an ngnóthaire lena mbaineann agus ar a scairshealbhóirí nó ar a stocshealbhóirí, de réir mar is iomchuí, ionann is dá mbeadh an meabhrán sin, na hairteagail sin nó an leasú sin sínithe agus séalaithe ag gach duine de na scairshealbhóirí nó na stocshealbhóirí sin agus dá mbeadh cúnaint ann nó iontu ó gach duine de na scairshealbhóirí nó na stocshealbhóirí sin go n-urramóidh sé forálacha uile an mheabhráin, na n-airteagal nó an leasaithe, de réir mar is iomchuí, agus go mbeidh an céanna ina gceangal orthu.

(b) An t-airgead go léir is iníoctha le gnóthaire ag aon duine ar scór an mheabhráin chomhlachais nó na n-airteagal comhlachais a ghlacfar faoin alt seo, beidh sé ina fhiach a bheidh dlite uaidh don ghnóthaire.

(4) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1), (2), (3), (4) agus (5) d'alt 141 d'Acht na gCuideachtaí maidir le haon rún faoin alt seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar gach tagairt do chomhaltaí sna fo-ailt sin a fhorléiriú mar thagairt do scairshealbhóirí nó, de réir mar is iomchuí, do stocshealbhóirí an ghnóthaire iomchuí,

(b) déanfar an tagairt san fho-alt sin (2) do chuideachta a fhorléiriú mar thagairt don ghnóthaire iomchuí, agus

(c) déanfar an tagairt san fho-alt sin (4) do na hairteagail a fhorléiriú mar thagairt do na hairteagail chomhlachais a bheidh glactha faoin alt seo ag an ngnóthaire iomchuí agus, i gcás iad a bheith leasaithe de thuras na huaire faoin alt seo, mar a bheidh leasaithe amhlaidh.

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, beidh meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais nó aon leasú a bheidh glactha faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe nó a ndaingnithe ag an Aire agus i gcás ina nglacfar meabhrán, airteagail nó leasú den sórt sin, beidh ar an ngnóthaire, a luaithe is féidir, cóip den chéanna a chur chuig an Aire agus féadfaidh seisean an meabhrán, na hairteagail nó an leasú a dhaingniú nó diúltú iad a dhaingniú.

(6) (a) Féadfaidh an tAire le hordachán i scríbhinn a fhoráil nach gá go mbeadh meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais nó leasú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo lena mbainfidh an t-ordachán, sa mhéid go mbeidh nithe iontu a bheidh sonraithe san ordachán, le daingniú ag an Aire faoin alt seo.

(b) Féadfaidh ordachán faoin alt seo a bheith bainteach le—

(i) meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais i gcoitinne, nó aon leasuithe ar an gcéanna, de chuid gnóthaire áirithe nó de chuid aon ghnóthaire d'aicme nó de thuairisc shonraithe,

(ii) forálacha sonraithe, nó forálacha d'aicme nó de thuairisc shonraithe, d'aon mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais den sórt sin, nó leasuithe ar aon fhoráil den sórt sin,

agus i gcás ordachán faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar fo-alt (5) den alt seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordacháin.

(7) D'ainneoin aon ní in aon achtachán nó ionstraim reachtúil a achtaíodh nó a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht de réir a théarmaí le haon mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais, nó le haon leasú, a bheidh glactha go cuí faoin alt seo agus, a mhéid is gá sa chás áirithe, a bheidh daingnithe faoin alt seo ag an Aire, agus, ach amháin sa mhéid go ndéanfar foráil d'Acht atá sonraithe sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó d'Acht speisialta a leasú nó go ndéanfar difear di ar shlí eile de bhíthin a bhfuil ansin roimhe seo, ní dhéanfar aon fhoráil den sórt sin ag a raibh feidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo maidir leis an ngnóthaire iomchuí a fhorléiriú mar fhoráil a leasaítear leis an Acht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear di ar shlí eile.

(8) Ní dhéanfaidh glacadh meabhráin chomhlachais nó airteagal comhlachais de bhun an ailt seo difear d'aon dliteanas de chuid an ghnóthaire lena mbaineann ná d'aon chumhacht, ceart, pribhléid ná urrús is infheidhme, atá ar teachtadh nó is inchurtha i ngníomh i ndáil le haon fhiach, dliteanas nó oibleagáid a tabhaíodh, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon chomhaontú a rinne an gnóthaire sin nó a rinneadh thar a cheann agus a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm díreach roimh an nglacadh sin.

Feidhm forálacha áirithe d'Acht na gCuideachtaí a leathnú.

3. —(1) Maidir leis na forálacha d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, a rialaíonn na nithe seo a leanas nó a bhaineann ar shlí eile leo, eadhon—

(a) na hábhair i réamheolaire cuideachta agus réamheolaire cuideachta a eisiúint.

(b) scairchaipiteal cuideachta a leithroinnt,

(c) na coimisiúin, na lascainí agus na lamháltais eile a thugann nó a lamhálann cuideachta,

(d) cúnamh airgeadais chun scaireanna i gcuideachta a cheannach,

(e) scaireanna i gcuideachta a eisiúint faoi lascaine,

(f) scaireanna tosaíochta infhuascailte i gcuideachta,

(g) scairchaipiteal cuideachta,

beidh feidhm acu, fara na modhnuithe is gá, maidir leis na hábhair i réamheolaire gnóthaire agus réamheolaire gnóthaire a eisiúint, maidir le scairchaipiteal gnóthaire a leithroinnt, maidir leis na coimisiúin, na lascainí agus na lamháltais eile a thugann nó a lamhálann gnóthaire, maidir le cúnamh airgeadais chun scaireanna i ngnóthaire a cheannach, maidir le scaireanna gnóthaire a eisiúint, maidir leis na scaireanna tosaíochta infhuascailte i ngnóthaire agus maidir le scairchaipiteal gnóthaire, faoi seach.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) déanfar alt 47 d'Acht na gCuideachtaí (lena gceanglaítear réamheolaire a chlárú), arna chur chun feidhme leis an bhfo-alt sin (1), a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do rúnaí an ghnóthaire áirithe gach ceann de na tagairtí san alt sin don chláraitheoir, agus

(b) beidh feidhm ag fo-alt (4) den alt sin 47 maidir le réamheolaire gnóthaire a eisiúint amhail mar atá feidhm aige maidir le réamheolaire cuideachta a eisiúint agus chun críocha na míre seo déanfar an tagairt san fho-alt sin (4) don chuideachta a fhorléiriú mar thagairt don ghnóthaire.

(3) Déanfar gach ceann de na tagairtí in alt 385 d'Acht na gCuideachtaí do chionta faoin Acht sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chionta faoin Acht sin arna chur chun feidhme leis an Acht seo.

Iasachtaí a fháil.

4. —(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán nó ionstraim reachtúil ach faoi réir aon fhoráil chuige sin ina mheabhrán comhlachais agus ina airteagail chomhlachais, beidh de chumhacht ag gnóthaire lena mbaineann an t-alt seo iasachtaí a fháil ar cibé modh is cuí leis agus, chun na críche sin, cibé bintiúir, stoc bintiúir (suthain nó eile) nó urrúis eile a muirearaíodh ar a shócmhainní go léir nó ar aon chuid dá shócmhainní (lena n-áirítear caipiteal neamhghlaoite agus aon ábhar i gcaingean nó ceart eile a mbeidh teideal ag an ngnóthaire chucu) a eisiúint, de réir mar is cuí leis, agus aon dliteanas a bheidh tabhaithe aige mar gheall ar an eisiúint sin a urscaoileadh ar cibé modh is cuí leis.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ghnóthaire a ghlacfaidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais de bhun alt 2 den Acht seo.

Iniúchóirí.

5. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, beidh feidhm ag forálacha ailt 160 go 163 d'Acht na gCuideachtaí, arna leasú le halt 6 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , fara na modhnuithe is gá, maidir le ceapadh, sealbhaíocht oifige, luach saothair, athcheapadh, cur as oifig, cáilíocht agus cumhachtaí iniúchóra nó iniúchóirí gnóthaire agus maidir leis an gcéanna do thabhairt tuarascálacha agus maidir le corrfholúntais in oifig iniúchóra den sórt sin a líonadh.

Muirir.

6. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 4 den Acht seo, i gcás ina bhféadfadh gnóthaire, dá mba chuideachta é, muirear lena mbaineann alt 99 d'Acht na gCuideachtaí a bhunú, ansin sa chás sin féadfaidh an gnóthaire muirear faoin alt seo a bhunú.

(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, beidh feidhm ag Cuid IV d'Acht na gCuideachtaí (lena n-áirítear go háirithe ailt 100 (3), 101 (2), 102 (2) agus 107 (3), ach gan alt 103 ná 112 a áireamh) mar aon leis na forálacha eile d'Acht na gCuideachtaí, fara na modhnuithe is gá, maidir le gnóthaire nó i ndáil le gnóthaire do bhunú muirear faoin alt seo agus maidir le muirear nó i ndáil le muirear a bhunófar de bhua an ailt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le cuideachta nó i ndáil le cuideachta do bhunú muirear faoi alt 99 d'Acht na gCuideachtaí agus maidir le muirear nó i ndáil le muirear lena mbaineann an t-alt sin 99, faoi seach.

(3) Beidh ar an ngnóthaire lena mbaineann, chun críocha an ailt seo, clár a choimeád san fhoirm fhorordaithe de na muirir go léir is gá a chlárú faoi Chuid IV d'Acht na gCuideachtaí, arna cur chun feidhme leis an alt seo, agus na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár sin i ndáil leis na muirir sin—

(a) i gcás muirir a mbeidh sealbhóirí sraithe bintiúr i dteideal a thairbhe, na sonraí a shonraítear in alt 99 (8) d'Acht na gCuideachtaí;

(b) i gcás aon mhuirir eile—

(i) más muirear é a bhunaigh an gnóthaire, dáta a bhunaithe;

(ii) más muirear é ar mhaoin a fuair an gnóthaire, an dáta a fuarthas an mhaoin;

(iii) más morgáiste breithiúnais an muirear, an dáta a bunaíodh an morgáiste breithiúnais sin;

(iv) an méid a urraíodh leis an muirear;

(v) gearrshonraí na maoine a cuireadh faoi mhuirear;

(vi) an duine atá i dteideal an mhuirir.

(4) I bhforléiriú Chuid IV d'Acht na gCuideachtaí, arna cur chun feidhme leis an alt seo, déanfar gach tagairt sa Chuid sin do chláraitheoir na gcuideachtaí a fhorléiriú mar thagairt do rúnaí an ghnóthaire lena mbaineann.

(5) Beidh an clár a choimeádfar de bhun an ailt seo ar oscailt chun a scrúdaithe gach tráth réasúnach ag aon duine ar cibé táille (más ann) a bheidh forordaithe a íoc.

Glacadóirí.

7. —(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, beidh ag glacadóir ar mhaoin ghnóthaire cibé cumhachtaí i ndáil leis an maoin sin a bheadh aige, dá mba rud é gur mar ghlacadóir ar mhaoin chuideachta a bheadh sé ceaptha, i ndáil le maoin na cuideachta cibé acu ar de bhíthin an bhintiúir iomchuí nó na hionstraime eile nó ar shlí eile é.

(2) Folaíonn an tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do ghlacadóir ar mhaoin ghnóthaire tagairt do ghlacadóir agus bainisteoir ar mhaoin ghnóthaire agus do bhainisteoir ar mhaoin ghnóthaire agus folaíonn sí freisin tagairt do ghlacadóir, do ghlacadóir agus bainisteoir, agus do bhainisteoir ar chuid den mhaoin sin agus ar an gcuid sin amháin, agus freisin do ghlacadóir ar an ioncam sin amháin a éiríonn as an maoin sin nó as cuid di.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú forálacha uile nó aon cheann d'fhorálacha Chuid VII agus alt 98 d'Acht na gCuideachtaí, fara cibé modhnuithe a bheidh sonraithe san ordú, a chur i mbaint le glacadóirí ar mhaoin ghnóthaire, nó i ndáil leo, nó féadfaidh sé iad a chur i mbaint le sócmhainní a thiocfaidh ar láimh glacadóra den sórt sin.

Fiacha agus dliteanais eile de chuid gnóthairí a urrú.

8. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán nó ionstraim reachtúil, féadfar aon fhiach, oibleagáid nó dliteanas eile a thabhóidh gnóthaire tar éis tosach feidhme an Achta seo a urrú in aon slí ina bhféadfaí an fiach, an oibleagáid nó an dliteanas eile a urrú dá mba chuideachta an gnóthaire, agus i ndáil le haon fhiach, oibleagáid nó dliteanas a thabhófar amhlaidh, beidh ag na forálacha dlí i dtaobh fiach cuideachta a urrú, i dtaobh foirm an urrúis sin, i dtaobh éifeacht a thabhairt don urrús sin agus na leighseanna eile atá ag creidiúnaí urraithe cuideachta chun urrús a chur i ngníomh, feidhm, fara na modhnuithe is gá, maidir le fiach gnóthaire a urrú, le foirm an urrúis sin agus leis na leighseanna atá ag creidiúnaí urraithe gnóthaire.

Tosaíocht a bheith ag fiacha áirithe agus dliteanais áirithe eile de chuid gnóthairí.

9. —D'fhonn a chinneadh—

(a) cén tosaíocht atá ag aon fhiach nó dliteanas eile a thabhóidh gnóthaire tar éis tosach feidhme an Achta seo ar aon fhiach eile nó dliteanas eile a thabhófar amhlaidh,

(b) cén chéim tosaíochta atá ag aon urrús a bhaineann le haon fhiach den sórt sin,

d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, beidh feidhm chun na críche sin, fara cibé modhnuithe is gá, ag na forálacha dlí a mbeadh feidhm acu dá mba fhiach nó dliteanas eile a bheadh tabhaithe ag cuideachta tar éis an tosach feidhme sin gach ceann de na fiacha nó na dliteanais eile sin a dúradh.

Iarratais chumasúcháin.

10. —(1) Más rud é, ar leith ón alt seo—

(a) nach mbeidh de chumhacht ag údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo ná ag gnóthaire—

(i) bulc-sholáthar gáis a fháil ó aon bhunadh laistigh nó lasmuigh dá theorainneacha soláthair údaraithe;

(ii) soláthar leithleach gáis a thabhairt chun críocha tionscail laistigh dá theorainneacha soláthair údaraithe nó soláthar gáis den sórt sin a thabhairt chun na gcríocha sin lasmuigh de na teorainneacha soláthair sin;

(b) nach mbeidh de chumhacht ag gnóthaire—

(i) scéim aoisliúntais nó pinsin nó scéim eile dá samhail a bhunú;

(ii) caipiteal a chruinniú nó iasachtaí a fháil chun aon cheann de na críocha réamhráite;

(iii) líon stiúrthóirí an ghnóthaire a athrú,

féadfaidh an t-údarás áitiúil nó an gnóthaire iarratas chuige sin a dhéanamh chun an Aire.

(2) (a) I gcás ina bhfaighidh an tAire iarratas faoin alt seo, féadfaidh sé, nuair a bheidh an t-iarratas á chinneadh aige, é a cheadú fara modhnú nó gan mhodhnú (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a chur leis) nó é a dhiúltú.

(b) I gcás ina gceadóidh an tAire iarratas faoin alt seo fara modhnú, nuair a bheidh an t-iarratas á chinneadh aige sonróidh sé ina chinneadh cad é an modhnú faoina bhfuil an t-iarratas á cheadú.

(c) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus teagmhasacha a bheith i gcinneadh ón Aire faoin alt seo de réir mar a mheasfaidh an tAire is gá chun éifeacht a thabhairt don chinneadh.

(3) I gcás ina gceadófar iarratas faoin alt seo, oibreoidh an cinneadh a dhéanfaidh an tAire maidir leis an iarratas chun a cheadú don údarás áitiúil iomchuí nó don ghnóthaire soláthar gáis a fháil nó a chur ar fáil, scéim aoisliúntais nó scéim eile a bhunú, caipiteal a chruinniú, iasachtaí a fháil, nó stiúrthóirí a cheapadh, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an gcinneadh agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe ann.

(4) Baineann an t-alt seo le haon údarás áitiúil atá ag seoladh gnó chun gás a sholáthar trí phríomhphíopaí gáis.

Orduithe cumasúcháin.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire—

(a) le hordú, a chumasú do ghnóthaire bintiúir, stoc bintiúir, morgáistí, bannaí, caipiteal neamhfhóinteach nó neamhtháirgiúil nó caipiteal nach n-ionannaítear le sócmhainní infhála a cheannach nó a fhuascailt (as ioncam nó ar shlí eile) agus a chealú,

(b) le hordú, a údarú d'údarás áitiúil áirithe, ar údarás áitiúil é a bhfuil de chumhacht aige gás a sholáthar laistigh dá limistéar feidhme, gás a sholáthar d'aon áit atá lasmuigh den limistéar feidhme sin agus laistigh de limistéar a bheidh sonraithe san ordú,

(c) le hordú, teorainneacha soláthair údaraithe de chuid gnóthaire a athrú,

agus i gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, ansin, fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm—

(d) i gcás gur ordú a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo an t-ordú, oibreoidh sé chun a údarú don ghnóthaire lena mbaineann sé aon bhintiúr nó ní eile lena mbaineann an t-ordú a cheannach, a fhuascailt nó a chealú ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe san ordú,

(e) i gcás gur ordú a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo an t-ordú, oibreoidh sé chun a údarú don údarás áitiúil lena mbaineann sé gás a sholáthar d'aon áit sa limistéar a bheidh sonraithe san ordú,

(f) i gcás gur ordú a thuairiscítear i mír (c) den fho-alt seo an t-ordú, measfar gurb iad teorainneacha údaraithe an ghnóthaire lena mbaineann an t-ordú na teorainneacha sin arna n-athrú leis an ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) chun go mbeidh lánéifeacht le fo-alt (3) d'alt 10 den Acht seo, i ndáil le cinneadh faoin alt sin,

(b) d'fhonn a shocrú go ndéanfaidh gnóthaire áirithe a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach,

aon fhoráil d'aon Acht speisialta nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi aon Acht den sórt sin a aisghairm nó a leasú, a mhéid is gá sin, sa mhéid go mbaineann an fhoráil leis an ngnóthaire áirithe.

(3) I limistéar a shonrófar in ordú faoin alt seo ní áireofar aon áit a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, laistigh de theorainneacha soláthair údaraithe an ghnóthaire áirithe.

(4) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha nó iarmhartacha a mheasfaidh an tAire is gá chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordú a bheith in ordú faoin alt seo.

(5) Déanfar alt 16 den Gas Regulation Act, 1920, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis ionann is dá bhfolódh an tagairt ann d'iarratais agus imeachtaí eile faoin Acht sin tagairt d'iarratas ar ordú faoin alt seo.

(6) I gcás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Cumhacht chun deireadh a chur le deacrachtaí.

12. —Má tharlaíonn aon deacracht ar bhealach ar bith—

(a) mar gheall ar amhras a bheith ann i dtaobh aon fhoráil d'Acht na gCuideachtaí a bheith nó gan a bheith á feidhmiú leis an Acht seo nó mar gheall ar mhéid aon fheidhmithe den sórt sin,

(b) mar gheall ar fheidhmiú aon fhorála den sórt sin ag an Acht seo nó méid an fheidhmithe sin,

(c) mar gheall ar neamhfheidhmiú aon fhorála den sórt sin ag an Acht seo nó mar gheall ar mhainneachtain san Acht seo aon fhoráil den sórt sin a fheidhmiú nó aon fhoráil a fheidhmiú a mhéid is leor,

féadfaidh an tAire le hordú, d'fhonn deireadh a chur leis an deacracht, cibé dearbhú nó foráil eile (lena n-áirítear leasú ar aon fhoráil d'Acht na gCuideachtaí) a dhéanamh a mheasfaidh sé is iomchuí sna himthosca áirithe.

Orduithe agus rialacháin i gcoitinne.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(2) Gach ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 11 den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

14. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

15. —Aisghairtear leis seo alt 10 (2) den Gas Regulation Act, 1920.

Gearrtheideal.

16. —Féadfar an tAcht um Rialú Gáis, 1982 , a ghairm den Acht seo.