13 1982


Uimhir 13 de 1982


AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEOR-ANTA, 1960 GO 1979. [13 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú agus forléiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £25,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1979), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

2.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta £50,000,000 arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £25,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1979), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £50,000,000, lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann £60,000,000 de theorainn leis an ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£75,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1979) i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £75,000,000.

Luach saothair oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta.

5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1979 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“6.—(1) Íocfaidh an Chuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCuideachta, faoi réir, i gcás a príomh-oifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Le linn don Chuideachta bheith ag cinneadh cad é an luach saothair nó cad iad na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc aici lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cad iad na téarmaí nó na coinníollacha faoina dteachtann nó faoina dteachtfaidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte an Rialtais nó ar threoirlínte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta a bhfuil feidhm acu de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm aige amhlaidh, agus, i dteannta a bhfuil ansin roimhe seo, déanfaidh an Chuideachta de réir aon treoracha maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chuideachta le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1979, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960

1960, Uimh. 32

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979

1979, Uimh. 13