An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982) Ar Aghaidh (CUID II Ceadúnais)

3 1982

AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982

CUID I

Réamhráiteach Agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó fhorála nó mhodha iompair áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

tá le “an Banna” an bhrí a shonraítear in alt 13 den Acht seo;

ciallaíonn “iompróir” duine arb é a phríomhghnó iompar a sholáthar ar talamh, ar muir nó san aer ar aerárthaigh, ar shoithí nó ar mhodhanna eile iompair atá ar úinéireacht agus á n-oibriú ag an duine sin;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cosanta Taistealaithe atá arna bhunú de bhun alt 15 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “conradh taistil thar lear” conradh chun páirtí sa chonradh (i dteannta nó d'éagmais aon duine eile) a iompar le haeriompar, le muiriompar nó d'iompar talún go dtí áit lasmuigh d'Éirinn, cibé acu is é soláthar an iompair is ábhar go huile don chonradh nó go bhfuil baint aige le haon chóiríocht, saoráidí nó seirbhísí a sholáthar faoi;

ciallaíonn “tionscnóir turas” duine seachas iompróir a shocraíonn cóiríocht chun a díola, nó ar tairiscint chun a díola, leis an bpobal, ar cóiríocht í chun taisteal le haeriompar, le muiriompar nó d'iompar talún go dtí ceannionaid lasmuigh d'Éirinn nó a thugann le tuiscint trí fhógraíocht nó ar shlí eile gur duine é a d'fhéadfadh an chóiríocht sin a chur ar fáil, inti féin nó i dteannta cóiríochta, saoráidí nó seirbhísí eile;

ciallaíonn “gníomhaire taistil” duine seachas iompróir a dhéanann, mar ghníomhaire, cóiríocht ar aeriompar, muiriompar nó d'iompar talún go dtí ceannionaid lasmuigh d'Éirinn a dhíol, nó a thairiscint chun a díola, leis an bpobal, nó a cheannach, nó a thairiscint lena ceannach, thar ceann an phobail, nó a thugann le tuiscint trí fhógraíocht nó ar shlí eile gur duine é a d'fhéadfadh an chóiríocht sin a chur ar fáil, inti féin nó i dteannta cóiríochta, saoráidí nó seirbhísí eile.

(2) Chun críche an Achta seo, measfar gur custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil duine má bhíonn aon íocaíocht déanta aige, go díreach nó go neamhdhíreach, leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil faoi chonradh taistil thar lear nó d'fhonn conradh taistil thar lear a dhéanamh.

(3) Chun críocha an Achta seo, caillteanas nó dliteanas a thabhóidh custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, is caillteanas nó dliteanas é a thabhófar i ndáil le conradh taistil thar lear má thig sé as neamhábaltacht nó ó mhainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh i ndáil leis an gconradh taistil thar lear.

(4) Chun críocha an Achta seo ciallaíonn “neamhábaltacht nó mainneachtain tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh” go mbeidh, i ndáil leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil sin, teagmhas amháin nó níos mó de na teagmhais seo a leanas tar éis tarlú—

(a) go mbeidh achainí deonaithe ag cúirt chun gnó an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a fhoirceannadh go héigeantach,

(b) go mbeidh an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil, de bhrí nach bhfuil sé in ann a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, ag iarraidh foirceannadh toilteanach ar a ghnó nó go mbeidh sé tar éis cruinniú dá chreidiúnaithe a chomóradh d'fhonn socrú ar a dhliteanais i leith na gcreidiúnaithe sin a bhreithniú,

(c) go mbeidh glacadóir ceaptha ar shócmhainní an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil,

(d) go mbeidh mainnithe ag an tionscnóir turas nó ag an ngníomhaire taistil a fhiacha a ghlanadh nó nach mbeidh sé in ann a fhiacha a ghlanadh nó go mbeidh scortha aige de ghnó a sheoladh de bhrí nach bhfuil sé in ann a fhiacha a ghlanadh,

(e) go mbeidh gníomh féimheachta déanta ag an tionscnóir turas nó ag an ngníomhaire taistil,

(f) go mbeidh forais réasúnacha ag an Aire chun a chreidiúint, ag féachaint do na himthosca go léir, nach bhfuil an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil in ann, nó go mbeidh mainnithe aige, a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh i leith a chustaiméirí i ndáil le conradh taistil thar lear.

Caiteachais.

3. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.