An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Comhrac Dóiteáin agus Sábháilteacht ó Dhóiteán)

30 1981

AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981

CUID II

Seirbhísí Dóiteáin a Eagrú

Údaráis dóiteáin.

9. —(1) Beidh gach ceann de na húdaráis áitiúla seo a leanas ina údarás dóiteáin chun críocha an Achta seo—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contaebhuirge,

(c) Bardas Dhún Laoghaire,

(d) faoi réir fho-alt (2), bardas aon bhuirge eile agus comhairle aon cheantair uirbigh a mbeidh briogáid dóiteáin bunaithe agus á cothabháil acu ar thosach feidhme an ailt seo.

(2) I gcás ina bhforálfaidh an tAire le hordú go scoirfidh fo-alt (1) (d) d'fheidhm a bheith aige maidir le bardas nó comhairle áirithe scoirfidh an comhlacht sin de bheith ina údarás dóiteáin an lá a shonrófar chuige sin san ordú.

(3) Is é an limistéar feidhme a bheidh ag údarás dóiteáin—

(a) i gcás comhairle contae, an contae riaracháin, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach a áireamh, ar údarás dóiteáin de thuras na huaire a bhardas nó a chomhairle;

(b) i gcás aon údarás áitiúil eile, a limistéar riaracháin.

(4) Déanfar tagairtí in aon achtachán d'údarás briogáide dóiteáin, mar a mhínítear é san Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 , a fhorléiriú mar thagairtí d'údarás dóiteáin.

Feidhmeanna údarás dóiteáin.

10. —(1) Beidh ag údarás dóiteáin na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

(2) Ní mór d'údarás dóiteáin—

(a) soláthar a dhéanamh chun dóiteáin i bhfoirgnimh agus in áiteanna eile de gach cineál ina limistéar feidhme a mhúchadh go tapaidh agus go héifeachtach agus chun daoine agus maoin a chosaint ar dhíobháil ó dhóiteán agus a tharrtháil ón díobháil sin, agus

(b) briogáid dóiteáin a bhunú agus a chothabháil, áitreabh a sholáthar agus cibé socrú eile a dhéanamh a mheasann sé is gá nó is inmhianaithe chun na críche sin, agus

(c) socrú leordhóthanach a dhéanamh chun glacadh le glaonna ag lorg cúnamh ón mbriogáid dóiteáin agus chun freagairt do na glaonna sin.

(3) Ní mór d'údarás dóiteáin, nuair a bheidh sé ag feidhmiú a fheidhmeanna faoi fho-alt (2), aird a thabhairt (i dteannta aird a thabhairt ar gach ní eile a bhainfidh leis an gcúrsa) ar chineál na bhfiontar dóiteáin agus ar a mhinicí is dócha a tharlóidh dóiteáin ina limistéar feidhme agus ar an méid is dócha a bheidh sna dóiteáin sin, ar ghné an limistéir agus ar luach na maoine ar dóigh do dhóiteáin damáiste a dhéanamh di.

(4) Féadfaidh údaráis dóiteáin socruithe a dhéanamh chun aon fheidhmeanna dá gcuid a chomhlíonadh i gcomhpháirt.

(5) (a) Féadfaidh údarás dóiteáin trí chomhaontú, seirbhísí a sholáthar d'aon chomhlacht nó duine seachas údarás dóiteáin nó féadfaidh sé leas a bhaint as a seirbhísí siúd.

(b) Maidir le comhaontú faoi alt 2 (3) (b) den Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 , a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus a bheidh déanta ag údarás sláintíochta a thiocfaidh chun bheith ina údarás dóiteáin, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur comhaontú faoin alt seo é.

(6) (a) Aon uair is dóigh leis an Aire gur chóir comhaontú faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , a dhéanamh idir údaráis dóiteáin chun críche aon fheidhmeanna dá gcuid féadfaidh sé, tar éis caoi a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann uiríolla a chur faoina bhráid, a cheangal orthu comhaontú a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an tAire a ordú go mbeidh i gcomhaontú ar bith den sórt sin cibé téarmaí a shonróidh sé agus déanfaidh na húdaráis lena mbaineann de réir aon ordú a thabharfaidh an tAire.

(7) Is feidhm fhorchoimeádta comhaontuithe a dhéanamh faoin alt seo.

(8) Beidh de dhualgas ar údarás dóiteáin is páirtí i gcomhaontú lena mbaineann an t-alt seo cóip den chomhaontú a thabhairt don Aire.

(9) Féadfaidh údarás dóiteáin briogáid dóiteáin a chur go dtí aon áit lasmuigh dá limistéar feidhme, cibé acu is i limistéar feidhme údaráis dóiteáin eile nó nach ea don áit sin agus, i gcás briogáid dóiteáin den sórt sin a chur go dtí áit lasmuigh de limistéar feidhme aon údaráis dóiteáin, beidh ag an duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin na cumhachtaí a bheidh ar fáil ag an duine i gceannas ag dóiteán nó ag éigeandáil eile faoi alt 28.

(10) Ní mór d'údarás dóiteáin, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo agus de réir mar is gá, suirbhéireacht a dhéanamh chun go scrúdófar suíomh agus leordhóthanacht na soláthairtí uisce le haghaidh comhrac dóiteáin, trealamh comhrac dóiteáin agus hiodraint dóiteáin.

Feidhmeanna a aistriú chuig údaráis dóiteáin.

11. —(1) Is feidhmeanna údaráis dóiteáin laistigh dá limistéar feidhme a bheidh i bhfeidhmeanna údaráis áitiúil faoi na hachtacháin seo a leanas—

(a) an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 ,

(b) an Explosives Act, 1875,

(c) cibé forálacha in aon achtachán eile a shonróidh an tAire le hordú.

(2) Ní mór d'údarás dóiteáin, laistigh dá limistéar feidhme, na feidhmeanna a chomhlíonadh, a bhaineann le cóir éalaithe i gcás dóiteáin, a thugtar d'údaráis sláintíochta—

(a) sna hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, agus

(b) san Acht um Áitribh Oifige, 1958 .

(3) Beidh feidhmeanna údaráis áitiúil faoi alt 36 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, infheidhme ag údarás dóiteáin maidir le cóir imeachta i gcás dóiteáin.

Bearta a bheidh le déanamh i gcomhairle leis an Aire Poist agus Telegrafa.

12. —Má chuireann údarás dóiteáin in iúl don Aire Poist agus Telegrafa nach bhfuil cóir réasúnach ar fáil chun a chumasú do dhaoine in aon chuid dá limistéar feidhme glaoch ar bhriogáid dóiteáin, rachaidh an tAire sin i gcomhairle leis an údarás dóiteáin faoi na bearta is gá chun socrú réasúnach a dhéanamh chun na críche sin agus déanfaidh sé cibé bearta ar a gcomhaontófar.

Comhairle d'údarás pleanála.

13. —Féadfaidh údarás dóiteáin comhairle a thabhairt d'údarás pleanála maidir le feidhmeanna an údaráis phleanála faoi alt 26 (a bhaineann le cead forbartha) agus faoi alt 27 (a bhaineann le cead chun déanmhais a choinneáil) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Comhoibriú idir údaráis dóiteáin.

14. —Beidh de dhualgas ar údaráis dóiteáin cúnamh a thabhairt dá chéile, má iarrtar é, ar choinníoll go bhféadfar an cúnamh sin a thabhairt gan na seirbhísí dóiteáin i limistéar feidhme an údaráis chúnaimh a laghdú faoi bhun caighdeáin a mheasann sé a bheith riachtanach agus nach féidir a choinneáil ar bun trí chúnamh ó údarás dóiteáin eile.

Oiliúint.

15. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás dóiteáin socruithe a dhéanamh chun oiliúint éifeachtach a thabhairt do phearsanra a sheirbhísí dóiteáin.

(2) Féadfaidh údarás dóiteáin saoráidí a bhunú agus á chothabháil chun cúrsaí teagaisc a chur ar fáil do phearsanra a sheirbhísí dóiteáin féin nó seirbhísí dóiteáin eile agus chun oiliúint a thabhairt do dhaoine eile ar an gceardaíocht a bhaineann le comhrac dóiteáin, ar an nós imeachta a bhaineann le druil dóiteáin, ar shábháilteacht ó dhóiteán agus ar nithe atá ar aon dul leis na nithe sin.

(3) Féadfaidh an tAire cúnamh a thabhairt, mar is oiriúnach leis, d'údaráis dóiteáin i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin alt seo agus féadfaidh sé, go háirithe—

(a) foráil nó socrú a dhéanamh chun teagasc a chur ar fáil do phearsanra seirbhísí dóiteáin agus do dhaoine eile agus chun saoráidí oiliúna (lena n-áirítear lárionad náisiúnta oiliúna) a bhunú agus a chothabháil agus féadfaidh sé muirir a ghearradh i leith an teagaisc sin,

(b) socrú a dhéanamh chun scrúduithe agus trialacha a sheoladh, chun teastais a dheonú ar thorthaí na scrúduithe agus na dtrialacha sin agus chun aitheantas a thabhairt do theastais agus do dhámhachtainí eile ó chomhlachtaí eile.

(4) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith caiteachas údaráis dóiteáin i ndáil le saoráidí oiliúna a chur ar fáil, faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh sé maidir leis na saoráidí a bheith ar fáil agus maidir lena n-oiriúnacht.

(5) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith caiteachas údaráis dóiteáin i ndáil le comhaltaí den tseirbhís dóiteáin a chur ar chúrsaí ceadaithe nó i ndáil le daoine a bheith ar fáil chun oiliúint a thabhairt do chomhaltaí seirbhísí dóiteáin eile nó comhlachtaí eile.

Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin (dá ngairtear an Chomhairle san alt seo) chun cibé seirbhísí a shonróidh an tAire ó am go ham a chomhlíonadh don Aire nó d'údaráis dóiteáin nó thar a gceann.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), ní mór don Chomhairle, ar an Aire á iarraidh sin—

(a) cibé feidhmeanna faoi alt 15 (3) a shannfaidh an tAire don Chomhairle a chomhlíonadh,

(b) cabhair a thabhairt chun treoirlínte, cóid chleachtais, caighdeáin nó rialacháin a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán a ullmhú,

(c) taighde, nó socrú le haghaidh taighde, a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann le dóiteán nó le sábháilteacht ó dhóiteán,

(d) imscrúdú a dhéanamh faoi aon dóiteán nó faoi aon oibríocht éigeandála lena mbaineann alt 25 agus tuarascáil ar an gcéanna a thabhairt don Aire.

(3) Chun críche imscrúdaithe faoi fho-alt (2) (d) beidh a rogha féin ag an gComhairle maidir leis an gcaoi a ndéanfar an t-imscrúdú agus go háirithe féadfaidh sí an t-imscrúdú a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach i bhfianaise an phobail agus féadfaidh an Chomhairle nó duine a bheidh údaraithe ag an gComhairle (dá ngairtear duine údaraithe san alt seo)—

(a) dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh gach uile thráth réasúnach agus an céanna a iniúchadh,

(b) aon duine nó aon trealamh a thógáil isteach ar thalamh nó isteach i bhfoirgneamh agus aon ní a scrúdú, a thástáil nó samplaí a thógáil de,

(c) trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis iomchuí a thabhairt nó pleananna nó doiciméid a thabhairt ar aird agus chun na críche sin teacht i láthair agus fianaise a thabhairt os comhair na Comhairle nó os comhair duine údaraithe, agus

(d) fianaise a thógáil faoi mhionn agus chun na críche sin daoine a chur faoi mhionn.

(4) Aon duine—

(a) a dhiúltóidh cead isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh chun críche an ailt seo, nó

(b) a chuirfidh toirmeasc nó bac ar an gComhairle nó ar dhuine údaraithe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le fo-alt (3), nó

(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon cheanglas ón gComhairle nó ó dhuine údaraithe a chomhlíonadh, nó

(d) a thabharfaidh go toiliúil nó go meargánta don Chomhairle nó do dhuine údaraithe aon fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

(5) Beidh feidhm ag an Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 , chun críocha an ailt seo maidir le húdarás dóiteáin, maidir le hordú faoin alt seo amhail is dá mba ordú bunaithe é agus maidir leis an gComhairle amhail is dá mba faoi ordú den sórt sin a bunaíodh í.

(6) Tabharfaidh an Chomhairle tuarascáil bhliantúil don Aire ar a gníomhaíochtaí agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar an tuarascáil sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Foireann agus maoin a aistriú chuig údaráis dóiteáin.

17. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le comhlacht is bardas buirge nó comhairle cheantair uirbigh nach dtagann chun bheith ina údarás dóiteáin ar thosach feidhme alt 9.

(2) Ar thosach feidhme alt 9, gach oifigeach, seirbhíseach nó duine eile a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, fruilithe ag comhlacht lena mbaineann an t-alt seo i gcomhlíonadh feidhmeanna de chineál a thugtar leis an Acht seo d'údarás dóiteáin áirithe agus sa cháil sin amháin tiocfaidh sé, mura gcomhaontóidh an comhlacht sin agus an t-oifigeach, an seirbhíseach nó an duine eile sin ar a mhalairt chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás dóiteáin sin nó chun bheith fruilithe ag an údarás dóiteáin sin ar na téarmaí agus ar na coinníollacha ab infheidhme maidir lena fhostaíocht nó lena fhruiliú roimhe sin.

(3) Ar thosach feidhme alt 9, an mhaoin uile, réadach agus pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe do chomhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus a bhí á húsáid chun críocha feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo d'údarás dóiteáin áirithe agus chun na gcríocha sin amháin, beidh sí, mura gcomhaontóidh an comhlacht sin agus an t-údarás dóiteáin sin ar a mhalairt, dílsithe don údarás dóiteáin sin gan aon tíolacadh ná sannadh.

(4) Féadfaidh comhlacht lena mbaineann an t-alt seo deimhniú a eisiúint faoi láimh a chléirigh bhaile i leith maoine sonraithe á dheimhniú, mar is cuí leis, gur dhílsigh nó nár dhílsigh an mhaoin sin faoin alt seo agus is deimhniú dochloíte an deimhniú sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin a dhílsiú faoin alt seo.

(6) Más rud é, de bhua ordú ón Aire faoi alt 9 (2), go scoirfidh comhlacht de bheith ina údarás dóiteáin ar lá sonraithe, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gcomhlacht sin le héifeacht ón lá sin agus beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo dá réir sin faoi réir cibé modhnuithe agus forálacha coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá agus a ndéanfaidh sé foráil faoina gcomhair san ordú.