29 1981


Uimhir 29 de 1981


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ, MAIDIR LE SEACHTAIN AMHÁIN I MÍ NA NOLLAG, 1981, AR PHINSIN, LIÚNTAIS ÁIRITHE AGUS SOCHAIR AIRITHE FAOIN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981 [24 Samhain, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar phinsin, liúntais áirithe agus sochair áirithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

1. —I gcás duine a bheith nó teacht chun bheith i dteideal go n-íocfar leis aon cheann de na pinsin, na sochair nó na liúntais seo a leanas faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

(a) pinsean míthreorach,

(b) sochar báis mar phinsean,

(c) pinsean seanaoise (ranníocach),

(d) pinsean scoir,

(e) sochar marthanóra faoi alt 87,

(f) pinsean easláine,

(g) sochar banchéile thréigthe,

(h) pinsean baintrí (ranníocach),

(i) liúntas dílleachta (ranníocach),

(j) pinsean seanaoise,

(k) pinsean dall,

(l) pinsean baintrí (neamhranníocach),

(m) pinsean dílleachta (neamhranníocach),

(n) liúntas banchéile thréigthe,

(o) liúntas do bhanchéile príosúnaigh,

(p) liúntas cúnaimh shóisialaigh,

(q) liúntas do bhean shingil,

i leith na seachtaine dar tosach—

(i) an 10ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (d), (f), (g), (n), (o), (p) nó (q) den alt seo, nó

(ii) an 11ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (a), (b), (c), (e), (h), (i), (j), (k), (l) nó (m) den alt seo,

déanfar aon mhéid is iníoctha leis mar phinsean, sochar nó liúntas den sórt sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) in aghaidh na seachtaine iomchuí a mhéadú suim is ionann agus an méid sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Sealadacha), 1981 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1