21 1981


Uimhir 21 de 1981


AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (CÉILÍ AGUS LEANAÍ A CHOSAINT), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE DO CHOSAINT CÉILE AGUS AON LEANAÍ A nÉILÍONN A SÁBHÁILTEACHT NÓ A LEAS É DE DHEASCA IOMPAR AN CHÉILE EILE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [23 Meitheamh, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “céile is iarratasóir” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

tá le “ordú urchoisc” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “leanbh” aon leanbh leis an gcéile is iarratasóir nó leis an gcéile is freagróir nó leis an dá chéile nó leanbh a d'uchtaigh ceachtar céile nó an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó a bhfuil ceachtar céile nó an dá chéile in loco parentis maidir leis, ar choinníoll go bhfuil sé faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó, má bhíonn sé os cionn na haoise sin, go bhfuil míchumas meabhrach nó coirp air;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “imeachtaí faoin Acht seo” imeachtaí chun ordú urchoisc a dhéanamh, a athrú nó a urscaoileadh, nó chún ordú cosanta a dhéanamh nó a urscaoileadh, agus aon imeachtaí gaolmhara i modh achomhairc nó mar chás sonraithe;

tá le “ordú cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

tá le “céile is freagróir” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo.

(2) Chun críocha aon fhorála de chuid an Achta seo á fhoráil ordú urchoisc a athrú nó a urscaoileadh nó ordú cosanta a urscaoileadh, déileálfar le hordú a rinne cúirt ar achomharc ó chúirt eile ionann is dá mba í an chúirt eile sin a rinne é.

Ordú urchoisc.

2. —(1) Ar iarratas chuici ó chéile (dá ngairtear an “céile is iarratasóir” san Acht seo) féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi cúiseanna réasúnacha a bheith ann lena chreidiúint gur gá, ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile sin nó aon linbh, le hordú (dá ngairtear “ordú urchoisc” san Acht seo)—

(a) a ordú don chéile eile (dá ngairtear an “céile is freagróir” san Acht seo), má bhíonn cónaí air san áit a bhfuil cónaí ar an gcéile is iarratasóir nó ar an leanbh, an áit sin a fhágáil, agus

(b) cibé acu atá nó nach bhfuil cónaí ar an gcéile is freagróir san áit sin, a thoirmeasc ar an gcéile sin dul isteach san áit sin go dtí go ndéanfaidh an Chúirt ordú eile nó go dtí cibé am eile a shonróidh an Chúirt.

(2) Féadfaidh ordú urchoisc, más oiriúnach leis an gCúirt é, a thoirmeasc ar an gcéile is freagróir forneart a imirt nó a bhagairt, nó araoid nó eagla a chur, ar an gcéile is iarratasóir nó ar aon leanbh, agus féadfar cibé eisceachtaí agus coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh an Chúirt ar iarratas ó cheachtar céile ordú urchoisc a athrú.

(4) Rachaidh ordú urchoisc, más í an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche a rinne é, in éag, faoi réir alt 11 den Acht seo, dhá mhí dhéag tar éis dáta a dhéanta.

(5) Ar dhul in éag d'ordú urchoisc nó aon tráth roimhe sin féadfar ordú urchoisc eile a dhéanamh a mbeidh éifeacht leis ón am a rachaidh an t-ordú urchoisc céadluaite in éag.

(6) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar céile is iarratasóir nó leanbh a bheadh, mura mbeadh iompar an chéile is freagróir, ina chónaí in áit áirithe, a bheith ina chónaí san áit sin.

Ordú cosanta.

3. —(1) Más rud é, idir an tráth a dhéanfar iarratas ar ordú urchoisc agus an tráth a dhéanfar cinneadh air, gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann lena chreidiúint gur gá sin ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile is iarratasóir nó aon linbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú cosanta” san Acht seo) nach ndéanfaidh an céile is freagróir foréigean a imirt ná a bhagairt, ná araoid ná eagla a chur, ar an gcéile is iarratasóir ná ar an leanbh.

(2) Féadfar ordú cosanta a dhéanamh d'ainneoin nach ndearnadh an toghairm i ndáil leis an iarratas ar ordú urchoisc a sheirbheáil ar an gcéile is freagróir.

(3) Scoirfidh ordú cosanta d'éifeacht a bheith leis nuair a dhéanfaidh an Chúirt cinneadh ar an iarratas ar ordú urchoisc.

Orduithe do theacht in éifeacht.

4. —(1) Tiocfaidh ordú urchoisc nó ordú cosanta in éifeacht tráth a thabharfar fógra i dtaobh a dhéanta don chéile is freagróir.

(2) Measfar, gan dochar do leordhóthanacht aon chineál eile fógra, gur leorfhógra don chéile is freagróir i dtaobh an t-ordú a bheith déanta teachtaireacht ó bhéal don chéile is freagróir, arna thabhairt ag an gcéile is iarratasóir nó thar a cheann, á chur in iúl go ndearnadh ordú urchoisc nó ordú cosanta agus cóip den ordú a thabhairt ar aird ina teannta.

(3) Má bhíonn an céile is freagróir i láthair ag an suí den Chúirt ag a ndéanfar an t-ordú urchoisc nó an t-ordú cosanta, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, fógra a bheith tugtha don chéile sin i dtaobh an t-ordú a bheith déanta.

(4) Tiocfaidh ordú ag athrú ordaithe urchoisc in éifeacht ar fhógra i dtaobh a dhéanta a thabhairt don chéile seachas an céile a d'iarr an t-athrú, agus beidh feidhm chun na críche sin ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo, modhnaithe mar is gá.

Cóipeanna d'orduithe a thabhairt do chéilí agus don Gharda Síochána.

5. —(1) Cuirfidh an Chúirt faoi deara, ar ordú urchoisc a dhéanamh, a athrú nó a urscaoileadh di nó ar ordú cosanta a dhéanamh nó a urscaoileadh di, go ndéanfar, a luaithe is féidir, cóip den ordú a bheidh i gceist a thabhairt don chéile is iarratasóir, don chéile is freagróir agus don chomhalta den Gharda Síochána i bhfeighil an stáisiúin Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil an áit ar i ndáil léi a rinneadh an t-iarratas ar an ordú urchoisc, nó a sheoladh chucu.

(2) Ní dhéanfaidh neamhchomhlíonadh fho-alt (1) den alt seo difear do bhailíocht an ordaithe.

Cionta.

6. —(1) Céile is freagróir a sháróidh ordú urchoisc nó ordú cosanta nó a dhiúltóidh, le linn d'ordú urchoisc a bheith i bhfeidhm, cead a thabhairt don chéile is iarratasóir nó d'aon leanbh dul isteach san áit agus fanacht san áit lena mbaineann an t-ordú, nó a dhéanfaidh aon ghníomh chun an céile sin nó an leanbh sin a chosc ar é sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

(2) Is fo-alt gan dochar don dlí maidir le díspeagadh cúirte nó d'aon dliteanas eile, sibhialta nó coiriúil, a thabhóidh an céile is freagróir, fo-alt (1) den alt seo.

Cumhacht gabhála.

7. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, ar ghearán a dhéanamh leis ag an gcéile is iarratasóir nó thar a cheann, an céile is freagróir a ghabháil gan bharántas i gcás cúis réasúnach a bheith ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil cion faoi alt 6 den Acht seo á dhéanamh nó déanta ag an gcéile is freagróir.

Cionta a dhéanfar agus duine ar bannaí.

8. —(1) Má dhéantar duine a cúisíodh i gcion faoi alt 6 den Acht seo a scaoileadh faoi bhannaí agus go ndéanfaidh sé cion faoin alt sin le linn dó a bheith ar scaoileadh amhlaidh, is pianbhreitheanna comhleanúnacha aon phianbhreitheanna príosúnachta a chuirfear ar an duine sin mar gheall ar chionta faoin alt sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo d'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , nó in alt 13 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 .

Alt 9 (2) den Acht um Chaomhnú Aras an Teaghlaigh, 1976 , do bhaint le horduithe urchoisc, etc.

9. —(1) Beidh feidhm ag alt 9 (2) den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 (a chuireann srian le ceart céile airnéisí tí a dhiúscairt nó a aistriú fad a bheidh cinneadh ar imeachtaí maidir le pósadh ar feitheamh), idir an tráth a dhéanfar iarratas ar ordú urchoisc agus an tráth a dhéanfar cinneadh air, agus, má dhéantar ordú urchoisc, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, amhail mar atá feidhm aige idir an tráth a thionscnófar imeachtaí maidir le pósadh agus an tráth a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta orthu.

(2) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, d'ainneoin aon ní in alt 10 den Acht sin, gurb í an chúirt dá dtugtar cumhacht faoi mhír (b) den alt sin 9 (2) chun cead a thabhairt aon airnéisí tí a dhiúscairt nó a aistriú an chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh na himeachtaí (lena n-áirítear aon imeachtaí le haghaidh ordú urchoisc).

Éifeacht achomhairc i gcoinne orduithe.

10. —(1) Déanfaidh achomharc i gcoinne ordú urchoisc, má dhéanann an chúirt a rinne an t-ordú nó an chúirt a dtabharfar an t-achomharc os a comhair é sin a chinneadh (agus ní ar aon slí eile), oibriú an ordaithe a bhac ar cibé téarmaí (más ann) a fhorchuirfidh an chúirt a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aici.

(2) Ní chuirfidh achomharc i gcoinne ordú cosanta bac ar oibriú an ordaithe.

Orduithe a urscaoileadh.

11. —(1) Féadfaidh ceachtar céile a iarraidh ar an gcúirt a rinne ordú urchoisc nó ordú cosanta an t-ordú a urscaoileadh agus urscaoilfidh an chúirt an t-ordú air sin más deimhin léi nach gá an t-ordú a choimeád i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile nó an linbh ar chun iad a chosaint a rinneadh an t-ordú.

(2) Ar aon chúis nó ábhar maidir le pósadh idir na céilí nó aon imeachtaí eatarthu faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , a chinneadh, féadfaidh an chúirt a mbeidh aon chúis, ábhar nó imeachtaí den sórt sin á gcinneadh aici, más oiriúnach léi é, aon ordú urchoisc nó ordú cosanta a bheidh dírithe in aghaidh duine díobh a urscaoileadh.

Feidhmiú dlínse ag an gCúirt.

12. —Féadfar dlínse na Cúirte i leith imeachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú—

(a) maidir leis an gCúirt Chuarda, ag an mbreitheamh den chuaird, agus

(b) maidir leis an gCúirt Dúiche, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche,

ina bhfuil cónaí ar an gcéile is iarratasóir nó ina bhfuil an áit ar i ndáil léi a rinneadh an t-iarratas ar ordú urchoisc.

Rialacha cúirte.

13. —Féadfaidh rialacha cúirte socrú a dhéanamh le iarratas ar ordú urchoisc a éisteacht go luath agus le doiciméid a sheirbheáil ar dhóigh seachas de réir alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964 (arna leasú le halt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1971 ).

Imeachtaí faoin Acht seo a éisteacht.

14. —(1) Is ar shlí seachas go poiblí a éistfear imeachtaí faoin Acht seo.

(2) Féadfar imeachtaí faoin Acht seo sa Chúirt Chuarda, agus san Ard-Chúirt ar achomharc ón gCúirt Chuarda, a éisteacht i ndlísheomra.

Costais.

15. —Is de réir rogha na Cúirte a bheidh costais aon imeachtaí faoin Acht seo.

Forálacha cosanta.

16. —(1) Más rud é, de bhíthin ordú urchoisc agus dá bhíthin sin amháin, nach mbeidh cónaí ar dhuine in áit le linn aon tréimhse áirithe, measfar, chun críocha aon chearta faoi na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980, faoi Reacht na dTréimhsí, 1957 , nó faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, cónaí a bheith air san áit sin le linn na tréimhse sin.

(2) Ach amháin a mhéid a bheidh feidhmiú cirt ag céile is freagróir chun an áit lena mbaineann ordú urchoisc a áitiú ar fionraí de bhua an ordaithe, ní dhéanfaidh an t-ordú difear d'aon eastát nó leas san áit sin a bheidh ag an gcéile sin nó ag aon duine eile.

Aisghairm agus forálacha eatramhacha.

17. —(1) Aisghairtear leis seo alt 22 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , agus na focail “nó 22” in alt 9 (3) den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 .

(2) Bainfidh an tAcht seo (ach amháin alt 5) le hordú a rinneadh faoin alt sin 22 agus a bheidh i bhfeidhm ag tosach feidhme an Achta seo ionann is dá mba ordú urchoisc é ina raibh an toirmeasc dá dtagraítear in alt 2 (2) den Acht seo.

(3) Iarratas a rinneadh chun na hArd-Chúirte faoin alt sin 22 agus nach mbeidh cinnte roimh thosach feidhme an Achta seo féadfaidh an Chúirt sin déileáil leis faoin Acht seo.

(4) Iarratas a rinneadh ar dóigh seachas chun na hArd-Chúirte faoin alt sin 22 agus nach mbeidh cinnte roimh thosach feidhme an Achta seo déileálfar leis ionann is dá mba faoi alt 2 den Acht seo a rinneadh é.

(5) Ordú a rinne an Ard-Chúirt faoin alt sin 22 agus a bheidh i bhfeidhm ag tosach feidhme an Achta seo, nó ordú urchoisc a rinne an chúirt sin faoi fho-alt (3) den alt seo déileálfar leis, má bhíonn sé le dul in éag tráth is déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta a dhéanta, ionann is dá mba í an Chúirt Chuarda a rinne é agus, in aon chás eile, ionann is dá mba í an Chúirt Dúiche a rinne é.

Tosach feidhme.

18. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis dáta a rite.

Gearrtheideal.

19. —Féadfar an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

Acht na gCúirteanna, 1964

1964, Uimh. 11

Acht na gCúirteanna, 1971

1971, Uimh. 36

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

1951, Uimh. 2

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

1976, Uimh. 32

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976

1976, Uimh. 27

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

1964, Uimh. 7

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980

Na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6