20 1981


Uimhir 20 de 1981


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1980. [9 Meitheamh, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “deontas forbartha” deontas faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le portach, an duine ag a bhfuil teideal chun feo simplí (cibé acu mar úinéir tairbhiúil aonair nó mar thionónta i gcoiteannas) nó an duine ag a bhfuil teideal chun leas léasaí faoi léas ar an bportach;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbartha Móna, 1946 ;

ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , seachas cuideachta a bhfuil a caipiteal go léir nó cuid dá caipiteal ar teachtadh ag Aire den Rialtas;

ciallaíonn “grúpa cáilithe” grúpa ina bhfuil trí phearsa aonair ar a laghad ar deimhin leis an mBord ina leith go bhfuil comhaontú i bhfeidhm de thuras na huaire, i bhfoirm atá ceadaithe ag an mBord agus ar páirtí ann gach comhalta den ghrúpa, ar comhaontú é faoina bhfuil sé comhaontaithe ag an ngrúpa gach beart nó aon bheart díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) trí cheannach, léas, fruiliú nó eile, trealamh forbartha móna a fháil, nó úsáid an trealaimh sin a fháil, agus an trealamh a úsáid chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla,

(b) portach a fhorbairt chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla;

ciallaíonn “cumann cáilithe” cumann atá cláraithe faoin Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus arb iad a chuspóirí nó a aidhmeanna nó ar ceann dá chuspóirí nó dá aidhmeanna móin a sholáthar le haghaidh breosla;

folaíonn “trealamh forbartha móna” aon fheithicil, seachas feithicil ród-iompair nó aon chuid den chéanna (nó aon ní atá deartha lena úsáid ar fheithicil ród-iompair), meaisín, innealra, gaireas nó trealamh (nó aon chuid den chéanna), cibé acu le cumhacht mheicniúil nó nach ea a thiomáintear é, atá deartha nó ceaptha ag a mhonaróir lena úsáid chun móin a bhaint le haghaidh breosla nó chun móin, arna baint amhlaidh, a aistriú go dtí pointí lódála lena hiompar dá éis sin de bhóthar nó d'iarnród.

Deontais forbartha.

2. —(1) I gcás—

(a) é a bheith beartaithe portach a fhorbairt chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla, agus

(b) maidir leis an duine a bhfuil an beartú déanta aige—

(i) gur pearsa aonair, cuideachta cháilithe, grúpa cáilithe nó cumann cáilithe é, agus

(ii) gurb é úinéir an phortaigh é nó go bhfuil móincheart aige maidir leis an bportach,

ansin féadfaidh an duine deontas forbartha a iarraidh ar an mBord.

(2) I gcás ina bhfaighidh an Bord iarratas faoin alt seo, ansin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Bord, más cuí leis, deontas a thabhairt don iarratasóir, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leis, ina mbeidh cibé méid a chinnfidh sé i leith chostas na forbartha portaigh lena mbaineann an t-iarratas.

(3) I gcás ina bhfaighidh an Bord iarratas ar dheontas forbartha agus go mbeartóidh an Bord diúltú don iarratas mar gur deimhin leis, dá ndéanfaí an fhorbairt portaigh atá beartaithe san iarratas, go mba dhochar an fhorbairt, méid suntasach, d'fhorbairt talamh portaigh ag an mBord, cuirfidh an Bord, sula gcinnfidh sé an t-ábhar, an t-iarratas (agus na doiciméid ábhartha go léir) ar aghaidh go dtí an tAire maille le ráiteas faoi na fáthanna ar deimhin leis sin amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tAire ar iarratas ar dheontas forbartha a fháil ón mBord faoin alt seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste a bheidh ceaptha de bhun alt 7 den Acht seo—

(a) beartú an Bhoird i dtaobh diúltú don iarratas a dhaingniú, nó

(b) ordachán a thabhairt don Bhord deontas forbartha a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe san ordachán,

agus má thugann an tAire ordachán faoin alt seo, tabharfaidh an Bord deontas forbartha agus is de réir théarmaí an ordacháin a thabharfar an deontas sin.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur forbairt portach é bóithre rochtana a sholáthar go dtí portaigh, nó draenáil (lena n-áirítear draenáil éalaithe) a dhéanamh maidir le portaigh, agus

(b) measfar gur cuid de chostas forbartha portaigh lena mbaineann iarratas faoin alt seo an costas a thabhófar ag ceannach, ag léasú nó ag fruiliú trealamh forbartha móna a úsáidfear le haghaidh na forbartha sin nó i ndáil léi.

Méideanna deontas forbartha.

3. —Ní mó méid aon deontais forbartha—

(a) i gcás inar grúpa cáilithe nó cumann cáilithe an t-iarratasóir, ná seasca faoin gcéad,

(b) in aon chás eile, ná daichead a cúig faoin gcéad,

den chostas a thabhófar ar an bhforbairt portaigh lena mbaineann an t-iarratas.

Pleananna forbartha portaigh.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, cuirfear plean ina léireofar an fhorbairt portaigh lena mbaineann an t-iarratas ag gabháil le hiarratas ar dheontas forbartha agus beidh an plean sin i cibé foirm agus beidh cibé faisnéis ann a cheanglóidh an Bord.

(2) I gcás—

(a) iarratas faoi alt 2 den Acht seo do bhaint le forbairt portaigh ar deimhin leis an mBord í a bheith léirithe sách maith ar phlean a bheidh faighte ag an mBord i ndáil le hiarratas eile den sórt sin, nó

(b) go mbaineann iarratas den sórt sin le portach atá á oibriú chun móin a bhaint ann le haghaidh breosla agus gurb é atá san fhorbairt portaigh lena mbaineann an t-iarratas oibreacha nach bhfuil iontu, i dtuairim an Bhoird, ach mionoibreacha, nó

(c) nach mó méid an deontais, má thugtar é, ná méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis é, an t-iarratasóir a shaoradh ón riachtanas ceanglais fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh.

Daoine a cheapadh chun pleananna forbartha portaigh a ullmhú nó a scrúdú.

5. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham duine nó daoine a cheapadh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Bord nuair a bheidh an ceapachán á dhéanamh aige, le pleananna a ullmhú chun críocha alt 2 den Acht seo nó le pleananna atá ullmhaithe amhlaidh cheana a scrúdú.

(2) I gcás plean a bheith taiscthe leis an mBord mar chomhlíonadh airbheartaithe ar cheanglais alt 4 den Acht seo agus go mbeidh ag gabháil leis an bplean deimhniú ó dhuine arna cheapadh de thuras na huaire faoi fho-alt (1) den alt seo á dheimhniú gur ullmhaigh sé an plean chun críocha alt 2 den Acht seo nó gur scrúdaigh sé é agus go bhfuil an plean san fhoirm agus go bhfuil an fhaisnéis ann atá ceangailte de thuras na huaire ag an mBord, féadfaidh an Bord a mheas air sin maidir leis an bplean gur plean é a taisceadh de réir na gceanglas sin.

Diúltú deontas forbartha a thabhairt.

6. —(1) Ní dhiúltóidh an Bord deontas forbartha a thabhaírt de bhíthin amháin go bhfuil an portach lena mbaineann an t-iarratas ar an deontas infhorbartha agus oiriúnach lena fhorbairt ag an mBord.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo ach faoi réir alt 2 (4) den Acht seo, féadfaidh an Bord diúltú deontas forbartha a thabhairt—

(a) i ndáil le portach a ndearna an Bord, sula bhfuair sé an t-iarratas iomchuí faoi alt 2 den Acht seo, cinneadh nó machnamh ar é a fháil,

(b) i ndáil le portach ar deimhin leis an mBord ina leith, dá ndéanfaí an fhorbairt atá beartaithe i ndáil leis in iarratas ar dheontas forbartha, go mba dhochar an fhorbairt, méid suntasach, d'fhorbairt talamh portaigh ag an mBord.

Coiste comhairleach.

7. —(1) Ceapfaidh an tAire coiste le comhairle a thabhairt dó i dtaobh chomhlíonadh na feidhme a shanntar dó le halt 2 den Acht seo.

(2) Líon nach lú ná triúr agus nach mó ná cúigear comhalta a bheidh sa choiste a cheapfar faoin alt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, beidh comhalta den choiste a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an tAire i scríbhinn, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, tráth an chomhalta a cheapadh.

(4) Féadfaidh an tAire aon chomhalta den choiste a cheapfar faoin alt seo a chur as oifig aon uair.

Deontais i leith chostas innealra bainte móna.

8. —(1) Faoi réir alt 9 (2) den Acht seo agus fho-alt (2) den alt seo, i gcás inar deimhin leis an mBord go bhfuil oibreacha nó seirbhísí i ndáil le móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla á ndéanamh nó á soláthar, nó go bhfuil sé beartaithe iad a dhéanamh nó a sholáthar, ag grúpa cáilithe nó duine eile de bhun chomhaontuithe a bhfuil nó a mbeidh an grúpa nó an duine sin ina pháirtí iontu, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leis don ghrúpa nó don duine i leith an chostais a thabhóidh an grúpa nó an duine sin ag ceannach innealra atá deartha nó ceaptha ag a mhonaróir lena úsáid go heisiatach nó go príomha chun móin a bhaint le haghaidh breosla.

(2) Ní mó méid aon deontais a thabharfar faoin alt seo—

(a) i gcás inar grúpa cáilithe nó cumann cáilithe an t-iarratasóir, ná seasca faoin gcéad,

(b) in aon chás eile, ná daichead a cúig faoin gcéad,

de chostas an innealra lena mbaineann an t-iarratas.

Treoracha ginearálta polasaí i dtaobh deontais a thabhairt faoin Acht.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, cibé treoracha ginearálta a mheasfaidh sé is gá a thabhairt don Bhord i dtaobh polasaí i ndáil leis an mBord do thabhairt deontas faoin Acht seo.

(2) Déanfaidh an Bord, ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna dó a shanntar dó le hailt 2 agus 8 den Acht seo aon treoir faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chomhlíonadh.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a bhfuil baint ag an mBord leis.

An Bord do sholáthar bóithre rochtana etc.

10. —(1) I gcás é a bheith beartaithe portach a fhorbairt chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh le haghaidh breosla, féadfaidh an Bord comhaontú le húinéir an phortaigh nó, i gcás ar duine seachas an t-úinéir an duine a bhfuil an beartú déanta aige, leis an duine sin, go soláthróidh an Bord, ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le costas) ar a gcomhaontófar, bóithre rochtana go dtí an portach lena mbaineann an beartú, nó go ndéanfaidh draenáil (lena n-áirítear draenáil éalaithe) ar an bportach sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Bord comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ansin aon deontas forbartha a chinnfidh an Bord a thabhairt don pháirtí eile sa chomhaontú agus a bhaineann leis an bhforbairt ar ina leith atá an obair is ábhar don chomhaontú le déanamh féadfar é a fhritháireamh go hiomlán nó go páirteach in aghaidh airgead a bheidh dlite don Bhord ar scór an chomhaontaithe.

Cistí do dheontais forbartha.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cistí a chur ar fáil don Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun go mbeidh ar chumas an Bhoird deontais a thabhairt faoin Acht seo.

(2) Ní airleacfar suimeanna chun an Bhoird faoi alt 53 den Phríomh-Acht chun a chumasú don Bhord na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo nach ndéanfar airleacain a tugadh don Bhord faoin alt seo a chur i gcuntas i ndáil leis an iomlán a shonraítear in alt 53 den Phríomh-Acht.

Cuntais.

12. —(1) Coimeádfaidh an Bord cuntas ar leithligh ar an airgead go léir a fuair agus a chaith sé faoin Acht seo nó dá bhua agus bainfidh alt 59 den Phríomh-Acht le cuntais a bheidh á gcoinneáil ag an mBord de bhun an ailt seo mar a bhaineann sé le cuntais a bheidh á gcoinneáil ag an mBord de bhun an ailt sin.

(2) Sna tuarascálacha a thabharfaidh an Bord don Aire de bhun alt 18 (1) den Phríomh-Acht déileálfar ar leithligh leis an tslí ina gcomhlíonann an Bord na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo.

Leasú ar alt 53 (1) den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht Forbartha Móna, 1965 ) d'alt 53 den Phríomh-Acht trí “caoga milliún punt” a chur in ionad “fiche is ocht milliún punt”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná caoga milliún punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1980, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1981, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Industrial and Provident Societies Act, 1893

1893, c. 39

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1965

1965, Uimh. 9

Na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1980