An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1981) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Acmhainne agus Cáin Chorparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) in alt 1—

(i) i mír (b) d'fho-alt (1), trí “suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe” a chur in ionad “£5,000”, agus

(ii) i bhfo-alt (2), trí “£4,000” a chur in ionad “£3,400” agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,700”,

agus

(b) in alt 2—

(i) i bhfo-alt (3), trí “suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe” a chur in ionad “£10,000”, agus

(ii) i bhfo-alt (6), trí “£4,600” a chur in ionad “£4,000”, trí “£5,600” a chur in ionad “£5,000”, trí “£2,300” a chur in ionad “£2,000” agus trí “£2,800” a chur in ionad “£2,500”,

agus tá an mhír sin (b) agus na fo-ailt sin (2), (3) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(b) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhaint a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £4,000, agus

(b) in aon chás eile, £2,000.

(3) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná suim is ionann agus dhá oiread an mhéid shonraithe a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin, dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhaint a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £4,600:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe”£5,600;

(b) in aon chás eile, £2,300:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe”£2,800.

Faoisimh phearsanta.

2. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1981-82 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1980-81

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1981-82 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

£

£

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)     ...     ...

500

650

alt 138B

(liúntas fostaí)     ...

400

600

alt 141

(leanbh éagumasaithe)

390

500

An tAcht Airgeadais, 1969 :

alt 3

(coimeádaí tí ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe)     ...

330

500

An tAcht Airgeadais, 1971 :

alt 11

(dall)     ...     ...

330

400

(an dá chéile dall)     ...

660

1,000

(2) Beidh éifeacht le halt 4 den Acht Airgeadais, 1980 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £4,500 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £9,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

An chéad £4,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

Leasú ar alt 128 (pionóis) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) i bhfo-alt (2), trí “Maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh,” a chur in ionad “Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo,”,

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ina mainneoidh aon duine aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh,”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, ag mainneachtain an fhoráil a chomhlíonadh,”,

agus

(c) i mír (a) d'fho-alt (4)—

(i) trí “, nó nár thug an cosantóir leatháin phá a shonrófar nó taifid nó doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé cáin a shonrófar chuig an mbailitheoir nó nach ndearna sé asbhaint nó aisíoc cánach a shonrófar,” a chur isteach i ndiaidh “deimhniú a shonrófar”, agus

(ii) trí “, nó nár thug sé na leatháin phá sin nó na taifid nó na doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé an cháin sin chuig an mbailitheoir, nó nach ndearna sé an asbhaint nó an t-aisíoc cánach sin,” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú sin isteach”,

agus tá an fo-alt sin (2), agus an mhír sin (a) d'fho-alt (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí dlí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a shonrófar, nó nár thug an cosantóir leatháin phá a shonrófar nó taifid nó doiciméid eile ar aird nó nár tharchuir sé cáin a shonrófar chuig an mbailitheoir nó nach ndearna sé asbhaint nó aisíoc cánach a shonrófar, i rith tréimhse a shonrófar, ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár chuir an cosantóir an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin isteach, nó nár thug sé na leatháin phá sin nó na taifid nó na doiciméid eile ar aird, nó nár tharchuir sé an cháin sin chuig an mbailitheoir, nó nach ndearna sé an asbhaint nó an t-aisíoc cánach sin, i rith na tréimhse sin,

Leasú ar alt 198 (cionroinnt i gcásanna measúnachtaí ar leithligh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 198 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) aon laghdú cánach ioncaim a bheidh le déanamh faoi alt 1 (1) (b) nó 2 (3) den Acht Airgeadais, 1980 , leithroinnfear é ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile i gcomhréir leis na méideanna cánach ioncaim a bheadh, murach an t-alt sin 1 (1) (b) nó 2 (3), iníoctha ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile,”.

Srian le faoiseamh faoi alt 496 (aisíoc i leith ús a íocadh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” aon suim arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó dá éis, ag an Aire Comhshaoil le pearsa aonair faoi scéim á fhoráil fóirdheontas morgáiste speisialta a íoc le húinéirí-áititheoirí céaduaire tithe áirithe;

ciallaíonn “iasacht shonraithe nó iasachtaí sonraithe” iasacht nó iasachtaí a ndéantar íocaíocht iomchuí ina leith;

ciallaíonn “aisíoc cánach iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, faoi réir fho-alt (3), an méid cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le haisíoc leis an bpearsa aonair faoi fhorálacha (dá ngairtear “na forálacha iomchuí” ina dhiaidh seo san alt seo) d'alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do bhliain mheasúnachta ar an méid úis a d'íoc an phearsa aonair ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe sa bhliain mheasúnachta.

(2) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, go mbeadh aisíoc cánach iomchuí le déanamh, déanfar an t-aisíoc cánach iomchuí sin a laghdú an méid a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus d'ainneoin aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, déanfar méid na cánach arna laghdú amhlaidh, agus ní dhéanfar aon mhéid eile cánach, a aisíoc faoi na forálacha iomchuí leis an bpearsa aonair ar an méid úis a d'íoc sé sa bhliain mheasúnachta ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe.

AN TÁBLA

(R+S)

-P

i gcás—

arb é R an t-aisíoc cánach iomchuí,

arb é S méid comhiomlán aon íocaíochtaí iomchuí a tugadh don phearsa aonair sa bhliain mheasúnachta nó méid aon íocaíochta iomchuí a tugadh don phearsa aonair i gcás nár tugadh ach íocaíocht amháin den sórt sin sa bhliain mheasúnachta, agus

arb é P—

(a) méid is ionann agus (R+S), nó

(b) méid aon íocaíochta, nó méid comhiomlán aon íocaíochtaí i gcás inar tugadh níos mó ná íocaíocht amháin, a thug an phearsa aonair sa bhliain mheasúnachta i modh aisíoca phríomhshuim aon iasachta sonraithe nó iasachtaí sonraithe, nó i modh íoca úis ar aon iasacht shonraithe nó iasachtaí sonraithe,

cibé ceann acu is lú.

(3) Chun críocha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a d'íoc ús eile i mbliain mheasúnachta i dteannta an úis ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe, is é méid an aisíoca cánach iomchuí méid a chinnfear de réir na foirmle—

A-B

i gcás—

arb é A an méid cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le haisíoc leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta faoi na forálacha iomchuí ar an ús go léir a d'íoc sé sa bhliain mheasúnachta, agus

arb é B an méid cánach a bheadh le haisíoc leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta faoi na forálacha iomchuí más rud é nár íoc sé aon ús ar iasacht shonraithe nó ar iasachtaí sonraithe sa bhliain mheasúnachta.

(4) I gcás ina ndéanfar íocaíocht iomchuí maidir le haon tréimhse, measfar, chun críocha an ailt seo, gur sa bhliain mheasúnachta ar chuid di an tréimhse sin a rinneadh an íocaíocht iomchuí sin:

Ar choinníoll, i gcás an tréimhse a bheith go páirteach i mbliain mheasúnachta amháin agus go páirteach i mbliain mheasúnachta eile, go ndéanfar méid na híocaíochta iomchuí a rinneadh i leith na tréimhse sin a chionroinnt ar gach bliain mheasúnachta sa chomhréir atá idir an chuid den tréimhse i ngach bliain mheasúnachta agus iomlán na tréimhse agus measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an méid a cionroinneadh amhlaidh ar bhliain mheasúnachta, gur sa bhliain mheasúnachta sin a íocadh é.

Leasú ar alt 17 (cáin a bhaint as íocaíochtaí le fochonraitheoirí sa tionscal foirgníochta) den Acht Airgeadais, 1970 .

7. —Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1970 , maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith, nó dá éis, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)—

“(b) duine a sheolann gnó ar cuid de foirgnimh a thógáil nó ábhair le húsáid, cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear iad, in oibríochtaí foirgníochta, a mhonarú, a chóireáil nó a theibeadh, nó

(bb) duine a bhfuil baint aige le cuideachta a sheolann gnó den sórt a luaitear i mír (b) (agus duine a áireamh chun críocha na míre seo mar dhuine a bhfuil baint aige léi amhlaidh dá n-áireofaí baint a bheith aige léi amhlaidh chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ), nó”.

Leasú ar alt 7 (faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe) den Acht Airgeadais, 1979 .

8. —Beidh éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1979 , agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar dhuine ina leith don bhliain 1981-82, ionann is dá gcuirfí—

(a) “1981-82” in ionad “1979-80” i bhfo-alt (1) agus an coinníoll seo a leanas leis an bhfo-alt sin:

“Ar choinníoll freisin i gcás gur fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£900’in ionad ‘£450’”,

agus

(b)  (i) “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1981, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1982” in ionad “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i mír 1 den Sceideal sin, agus

(ii) “1981-82” in ionad “1979-80” i mír 4 (1) den Sceideal sin.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le teorainneacha ama áirithe.

9. —Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear anseo thíos, maidir leis an mbliain 1981-82 agus blianta measúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí:

(a) “de na ceithre mhí is fiche” in ionad “den dá mhí dhéag” i mír (II) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 81 (cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(b) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 111 (foras measúnachta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2) d'alt 553 (cearta mianraí a lamháil d'úinéir i leith costas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(d) “de cheithre mhí is fiche” in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2) d'alt 23 (obair ar siúl le linn scoir) den Acht Airgeadais, 1970 ,

(e) “ceithre mhí is fiche in ionad “dhá mhí dhéag” sna coinníollacha a ghabhann le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 11 (cáin ioncaim a mhuirearú ar shuimeanna ó shócmhainní mianraí sceidealta a dhíol) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 .