|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Cuid I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (Cuid III An Ceart chun Dul ar Ais ag Obair) |
AN tACHT UM CHOSAINT MHÁITHREACHAIS D'FHOSTAITHE, 1981
[EN] | ||
[EN] |
Cuid II Saoire Mháithreachais | |
[EN] |
Mínithe do Chuid II. |
7. —Sa Chuid seo— |
[EN] | tá le “an tseachtain tuartha luí seoil” agus le “luí seoil” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hailt 24 agus 28 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ; | |
[EN] | tá le “an tréimhse íosta saoire máithreachais” an bhrí a shanntar dó le halt 8. | |
[EN] |
Teideal chun saoire máithreachais. |
8. —(1) Faoi réir na Coda seo, beidh teideal ag fostaí lena mbaineann an Chuid seo chun saoire, ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) “saoire mháithreachais”, óna fostaíocht ar feadh tréimhse (dá ngairtear “an tréimhse íosta saoire máithreachais” sa Chuid seo) nach lú ná 14 sheachtain chomhleanúnacha. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú, a dhéanfar le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh agus le toiliú an Aire Airgeadais, fo-alt (1) a leasú ionas go gcuirfear fad leis an tréimhse a luaitear san fho-alt sin. | |
[EN] |
Fógra d'fhostóir. |
9. —(1) Beidh teideal chun na tréimhse íosta saoire máithreachais faoi réir fostaí— |
[EN] | (a) do thabhairt fógra a scríbhinn, a luaithe is féidir le réasún ach tráth nach deánaí ná ceithre sheachtain roimh thosach na saoire máithreachais, dá fostóir (nó í do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) go bhfuil sé ar intinn aici saoire mháithreachais a thógáil, agus | |
[EN] | (b) do thabhairt deimhniú dochtúra nó deimhniú iomchuí eile dá fostóir nó í do thabhairt deimhniú den sórt sin ar aird lena iniúchadh ag a fostóir, tráth an fhógra a thabhairt, á dhaingniú go bhfuil sí toircheasach agus ag sonrú na seachtaine tuartha luí seoil. | |
[EN] | (2) Féadfar fógra faoin alt seo a chúlghairm tríd an bhfostaí lena mbaineann do thabhairt fógra eile i scríbhinn dá fostóir. | |
[EN] |
Tréimhse íosta saoire máithreachais a chur in áirithe. |
10. —Faoi réir ailt 11 go 13, tosóidh an tréimhse íosta saoire máithreachais cibé lá a roghnóidh an fostaí, ar lá é nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, agus críochnóidh sí cibé lá a roghnóidh sí, ar lá é nach luaithe ná ceithre sheachtain i ndiaidh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil. |
[EN] |
Athrú ar áirithint na tréimhse íosta saoire máithreachais. |
11. —(1) I gcás a ndeimhneoidh lia-chleachtóir cláraithe nó a ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire agus an Aire Leasa Shóisialaigh gur cheart, maidir le duine a bheidh sonraithe sa deimhniú, go dtosódh an tréimhse íosta saoire máithreachais, ar chúis liachta a shonrófar amhlaidh, ar dháta a shonrófar amhlaidh, agus go dtabharfar an deimhniú ar aird lena iniúchadh ag an bhfostóir lena mbaineann laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar le rialacháin faoin alt seo, is ar an dáta a shonrófar amhlaidh a thosóidh an tréimhse íosta saoire máithreachais don duine sin. |
[EN] | (2) I gcás a n-eiseofar deimhniú faoin alt seo agus go gcomhlíonfar an ceanglas i bhfo-alt (1) a bhaineann leis an deimhniú a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an bhfostóir, measfar go ndearna an fostaí a bheidh sonraithe sa deimhniú alt 9 (1) (a) a chomhlíonadh freisin. | |
[EN] |
Saoire mháithreachais a fhadú. |
12. —(1) I gcás a dtarlóidh dáta luí seoil fostaí lena mbaineann an Chuid seo seachtain i ndiaidh na seachtaine tuartha luí seoil, déanfar an tréimhse íosta saoire máithreachais a fhadú cibé líon seachtainí comhleanúnacha (ach gan an fadú do dhul thar cheithre sheachtain chomhleanúnacha) i ndiaidh na seachtaine a dtarlóidh an dáta luí seoil a chinnteoidh go gcomhlíonfar alt 10. |
[EN] | (2) I gcás a mbeartófar an tréimhse íosta saoire máithreachais a fhadú faoin alt seo, déanfaidh an fostaí lena mbaineann— | |
[EN] | (a) fógra i scríbhinn a thabhairt dá fostóir (nó a chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) a luaithe is féidir tar éis fadú den sórt sin a bheith beartaithe á rá go bhfuil an fadú beartaithe, agus | |
[EN] | (b) an fógra faoi mhír (a) a dhaingniú i scríbhinn dá fostóir a luaithe is féidir tar éis an dáta luí seoil agus tréimhse an fhadaithe a shonrú. | |
[EN] |
Tús na saoire máithreachais (luí seoil luath). |
13. —(1) Más rud é, i ndáil le fostaí lena mbaineann an Chuid seo, go dtarlóidh an dáta luí seoil i seachtain atá ceithre sheachtain nó níos mó roimh an tseachtain tuartha luí seoil, measfar, i gcás a n-éileoidh na himthosca amhlaidh, alt 9(1)(a) a bheith comhlíonta ag an bhfostaí má dhéantar an fógra a cheanglaítear a thabhairt leis an alt sin a thabhairt sa tréimhse 14 lá dar tús an dáta luí seoil. |
[EN] | (2) D'ainneoin alt 10, ach faoi réir rialacháin faoi alt 11, is tréimhse nach lú ná 14 sheachtain chomhleanúnacha, dar tús cibé ceann díobh seo a leanas is túisce, an tréimhse íosta saoire máithreachais d'fhostaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) an chéad lá de shaoire mháithreachais a thógfar de réir alt 10, nó | |
[EN] | (b) an dáta luí seoil. | |
[EN] |
Teideal chun saoire mháithreachais bhreise a fháil. |
14. —(1) Faoi réir an ailt seo, beidh fostaí a mbeidh saoire mháithreachais tógtha aici i dteideal, más mian léi, saoire bhreise a fháil ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) “saoire mháithreachais bhreise” go ceann tréimhse uasta ceithre sheachtain chomhleanúnacha a thosóidh díreach tar éis deireadh a saoire máithreachais. |
[EN] | (2) Beidh fostaí i dteideal saoire mháithreachais bhreise a fháil cibé acu a fadaíodh nó nár fadaíodh an tréimhse íosta saoire máithreachais faoi alt 12. | |
[EN] | (3) Beidh teideal chun saoire máithreachais breise faoi réir fostaí do thabhairt fógra i scríbhinn dá fostóir (nó í do chur faoi deara fógra a thabhairt dó amhlaidh) de réir fho-alt (4) go bhfuil sé ar intinn aici saoire den sórt sin a thógáil. | |
[EN] | (4) Tabharfar fógra faoi fho-alt (3) an tráth céanna a dtabharfar an fógra iomchuí faoi alt 9 nó tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta arbh é an dáta tuartha é chun dul ar ais ag obair faoi Chuid III dá mba nár thóg an fostaí lena mbaineann an tsaoire mháithreachais bhreise. | |
[EN] | (5) Féadfar fógra faoin alt seo a chúlghairm tríd an bhfostaí lena mbaineann do thabhairt fógra eile i scríbhinn dá fostóir tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain roimh an dáta arbh é an dáta tuartha é chun dul ar ais ag obair faoi Chuid III dá mba nár thóg an fostaí lena mbaineann an tsaoire mháithreachais bhreise. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire le hordú fo-alt (1) a leasú chun an tréimhse ceithre sheachtain chomhleanúnacha dá dtagraítear san fho-alt sin a fhadú. | |
[EN] |
Cearta áirithe etc. a chaomhnú nó a fhionraí fad a bheifear ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise. |
15. —(1) Fad a bheidh fostaí as láthair óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais, measfar fostaí den sórt sin a bheith ar fostaíocht ag a fostóir agus, dá réir sin, déileálfar léi, faoi réir alt 19, fad a bheidh sí as láthair amhlaidh, amhail is dá mbeadh sí gan a bheith as láthair amhlaidh agus ní dhéanfaidh an asláithreacht sin difear d'aon cheart (seachas a ceart chun luach saothair fad a bheidh sí as láthair amhlaidh), cibé acu le reacht, le conradh nó ar shlí eile a thugtar di é, a bhaineann lena fostaíocht. |
[EN] | (2) Maidir le tréimhse a mbeidh fostaí as láthair óna cuid oibre ar a feadh le linn di bheith ar shaoire mháithreachais bhreise, measfar gur fostaíocht leanúnach an tréimhse fostaíochta roimh an asláithreacht sin agus a fostaíocht tar éis na hasláithreachta sin maidir le haon cheart, cibé acu le reacht, le conradh nó ar shlí eile a thugtar di é, a bhaineann lena fostaíocht (seachas a ceart chun luach saothair, is ceart a bheidh ar fionraí le linn na hasláithreachta sin). | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart fostaí fostaíocht oiriúnach eile a thairiscint di faoi alt 21. | |
[EN] | (4) Ní dhéileálfar le tréimhse asláithreachta fostaí óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise mar chuid d'aon saoire eile (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta nó saoire bhliantúil) a bheidh fostaí lena mbaineann i dteideal a fháil. | |
[EN] | (5) Measfar nach ranníocóir fostaithe chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , fostaí ar feadh aon seachtaine ranníoca (de réir bhrí an Achta sin) i dtréimhse a mbeidh sí as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise mura bhfaighidh sí aon tuillimh ináirithe (de réir bhrí an Achta sin) i leith na seachtaine sin. | |
[EN] |
Ceart chun am saor ó obair le haghaidh cúraim réamhbhreithe nó iarbhreithe. |
16. —(1) Chun cúram réamhbhreithe nó iarbhreithe (nó cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe) a fháil, beidh fostaí lena mbaineann an Chuid seo i dteideal am saor óna cuid oibre a fháil de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh i ndáil leis na hábhair seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh— | |
[EN] | (a) an méid saor-ama a mbeidh fostaí i dteideal a fháil faoin alt seo; | |
[EN] | (b) na téarmaí nó na coinníollacha a bhainfidh le saor-am den sórt sin; | |
[EN] | (c) an fógra roimh ré a thabharfaidh fostaí a bheidh i dteideal amhlaidh dá fostóir (lena n-áirítear imthosca nuair nach gá fógra den sórt sin a thabhairt); | |
[EN] | (d) an fhianaise a bheidh le tabhairt ag fostaí, a bheidh i dteideal amhlaidh, dá fostóir maidir le haon choinne dochtúra iomchuí nó le haon choinné den tsamhail sin. | |
[EN] | (3) Bainfidh alt 15(1) le fostaí a bheidh i dteideal am saor a fháil de réir rialacháin faoin alt seo amhail is dá mba thréimhse asláithreachta óna cuid oibre le linn di bheith ar shaoire mháithreachais tréimhse asláithreachta an fhostaí óna cuid oibre faoin alt seo. | |
[EN] |
Foirceantaí fostaíochta airbheartaithe áirithe ar neamhní, etc. |
17. —Beidh gach ceann díobh seo a leanas ar neamhní: |
[EN] | (a) aon fhoirceannadh airbheartaithe fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise; | |
[EN] | (b) aon fhoirceannadh airbheartaithe fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaor-am faoi alt 16; | |
[EN] | (c) aon fhógra foirceanta fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfar le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise agus a rachaidh in éag tar éis na hasláithreachta sin; | |
[EN] | (d) aon fhógra foirceanta fostaíochta fhostaí lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfar le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaor-am faoi alt 16 agus a rachaidh in éag tar éis na hasláithreachta sin; | |
[EN] | (e) aon fhionraí airbheartaithe óna fostaíocht ar a gcuirfear fostaí lena mbaineann an Chuid seo, ar a gcuirfear í le linn di a bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoi alt 16. | |
[EN] |
Fógraí foirceanta fostaíochta áirithe nó fionraíochtaí áirithe a fhadú. |
18. —Déanfar aon fhógra foirceanta fostaíochta a thabharfar maidir le fostaí lena mbaineann an Chuid seo, nó aon fhionraí óna fostaíocht ar a gcuirfear fostaí den sórt sin, sula bhfaighidh a fostóir fógra faoi alt 9, 12, 14 nó 16 (nó, más iomchuí, faoi alt 22), nó sula dtabharfar deimhniú ar aird faoi alt 11 lena iniúchadh ag an bhfostóir, agus atá le dul in éag le linn di bheith as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am faoi alt 16, a fhadú achar na tréimhse a bheidh sí as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais, ar shaoire mháithreachais bhreise nó ar shaor-am den sórt sin. |
[EN] |
Forálacha maidir le tréimhsí promhaidh, oiliúna agus printíseachta. |
19. —(1) Fad a bheidh fostaí lena mbaineann an Chuid seo as láthair óna cuid oibre ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire mháithreachais bhreise, is fostaí atá, ó thosach a fostaíochta lena fostóir, ar promhadh ina fostaíocht, ag fáil oiliúint i ndáil lena fostaíocht nó ar fostú faoi chonradh printíseachta, beidh a promhadh, a hoiliúint nó a printíseacht ar fionraí fad a bheidh sí as láthair amhlaidh agus críochnóidh sí an céanna ar dhul ar ais ag obair di tar éis na hasláithreachta sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le rialacháin tréimhse nó tréimhsí oiliúna a fhorordú nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil leo. |